Foilsiú na Tuarascála 2024 ón nGrúpa Oibre Grúpa oibre um Breoslaí Malartacha don Iompar
- Foilsithe: 25 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Tá foilsithe inniu ag an Aire Iompair Darragh O’Brien Tuarascáil 2024 ón nGrúpa Oibre idir-Rannach um Breosla Malartach don Iompar. Leagtar moltaí amach sa tuarascáil le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe bhreise maidir le breoslaí malartacha. D’fhéadfadh na moltaí seo cur le dícharbónú, agus fuinneamh in-athnuaite agus coigilteas éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú san earnáil iompair in Éirinn.
Is é is aidhm don nGrúpa Oibre Ghrúpa oibre a bunaíodh in 2023 ná cur le h-infheictheacht, comhordú agus ailíniú beartais agus gníomhaíochta maidir le breoslaí malartacha san iompar. Tugann an Grúpa oibre seo oifigigh le chéile ó phríomh-Ranna Rialtais, agus ó Ghníomhaireachtaí a bhfuil freagracht idirnasctha orthu maidir le beartas aeráide agus fuinnimh a bhaineann le breoslaí malartacha a bhfuil úsáid deiridh acu san iompar. Cuimsítear leis an scóip raon iomlán na gcineálacha breoslaí malartacha — breoslaí atá saor ó astaíochtaí, breoslaí in-athnuaite (bithleachtanna, bithghás agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch), agus breoslaí ísealcharbóin.
Ghlac roinnt saineolaithe ábhar agus tionscail eile, saineolaithe idirnáisiúnta fuinnimh san áireamh, páirt sa Ghrúpa oibre freisin.
I measc na ngníomhaíochtaí tosaíochta á meas ag an nGrúpa oibre le linn 2024 bhí an dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála (NPF) lena soláthraítear ceanglais Rialachán an Aontais maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha agus dul chun cinn na nGrúpaí Oibre a thacaíonn leis an mBeartas maidir le Breoslaí Iompair In-athnuaite. Dhírigh an Grúpa oibre freisin ar na príomhdhúshláin in earnáil an iompair a bhaineann le dícharbónú breoslaí sna hearnálacha lasta bhóthar, muirí agus eitlíochta ina bhfuil sé níos deacra astaíochtaí a mhaolú.
Leis na moltaí agus na céad chéimeanna eile a leagtar amach sa tuarascáil, cuirfear na téamaí agus na cuspóirí sin chun cinn in 2025, ailínithe leis na tosaíochtaí a leagtar amach sa Chlár Rialtais, agus leanfar d’uaillmhian an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ de chuid an Aontais a bhaint amach.
Ag trácht ar an tuarascáil dúirt an tAire O’Brien:
“I bhfianaise éagsúlacht na mbeartas, na rialachán agus na gclár tacaíochta atá i bhfeidhm chun úsáid breoslaí malartacha le haghaidh iompair a chur chun cinn, is gá comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála iompair go ginearálta. Freisin is gá idirghabhálacha Rialtais a dhíriú chun deimhniú go mbainfear na cuspóirí beartais amach ar an mbealach is fearr, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
“Cuimseofar leis seo éagsúlacht i dtaca le bealaí fuinnimh, leictreachas inathnuaite san áireamh, maraon leis an leictriúchán den iompar agus breoslaí inathnuaite. Tá tiomantas i gClár an Rialtais fuinneamh in-athnuaite a mhéadú agus tacaíocht a thabhairt do ghníomh leanúnach chun úsáid breoslaí malartacha a chur chun cinn san earnáil iompair, le comhthairbhí in earnálacha eacnamaíocha eile. San áireamh leis seo beidh tacaíocht tugtha do dhícharbónú lastais bóthair agus cóistí tráchtála le breoslaí ar nós Ola phlandúil atá Hidreachóireálite (HVO), hidrigin, agus bithmheatán, maraon le Treochlár Náisiúnta i leith Polasaí Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe
“Sa bhliain amach romhainn, le hobair an Ghrúpa Oibre um Breoslaí Malartacha don Iompar, tógfaidh mo Roinn ar an obair a rinneadh in 2024 chun infheictheacht a chur chun cinn tuilleadh, agus beartas agus gníomhaíocht a chomhordú agus a ailíniú maidir le breoslaí malartacha san iompar in Éirinn. Táim ag tnúth leis an dul chun cinn a dhéanfar chun na cuspóirí sin a bhaint amach a fheiceáil i dtuarascáil dheiridh 2025.”
Tá an tuarascáil ar fáil ar suíomh gréasáin na Roinne Iompair ag gov.ie - Alternative Fuels for Transport Working Group