English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foláireamh Sábháilteachta Uisce don Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Íoslaghdaigh na rioscaí le comhairle ón nGarda Cósta, ó Shábháilteacht Uisce na hÉireann agus ón RNLI

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 30 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2024

Tá comhairle eisithe ag an nGarda Cósta, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus an RNLI le daoine a choinneáil slán sábháilte ar uiscebhealaí na hÉireann an deireadh seachtaine saoire bainc seo.

Tagann méadú ag an am seo den bhliain ar líon na ndaoine atá ag dul amach ar an uisce, rud a fhágann go dtagann méadú freisin ar líon na ndaoine a théann i sáinn ar an uisce. Cabhróidh an chomhairle seo leat na rioscaí a íoslaghdú le go mbeidh tú in ann taitneamh a bhaint as an deireadh seachtaine saoire bainc ar bhealach slán sábháilte.

Cén chaoi taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí ar an uisce go sábháilte:

  • Seiceáil tuar na haimsire do do cheantar áitiúil, lena n-áirítear amanna na taoide agus na dálaí farraige i gcás gníomhaíochtaí cósta.
  • Bíodh bealach agat le cabhair a iarraidh i gcónaí agus coinnigh lámh leat é.
  • Tá an t‑uisce fuar go fóill. Téigh isteach san uisce go mall le deis a thabhairt duit féin dul i dtaithí air. Ná téigh thar do bhaint agus ná fan san uisce rófhada. Ba cheart do shnámhaithe a bheith ar an eolas faoi shruthanna cuilitheála. Má théann tú i sáinn ina leithéid de shruth, bí ag snámh comhthreomhar leis an gcladach agus ansin téigh i dtír arís.
  • Ná téigh amach ag snámh leat féin in aon chás. Téigh ag snámh i láithreacha snámha atá aitheanta agus a mheastar go ginearálta a bheith sábháilte. Tá liosta na n-uiscebhealaí a bhíonn faoi gharda tarrthála ar fáil ag https://watersafety.ie/lifeguards/.
  • Coinnigh súil ar leanaí i gcónaí agus iad gar don uisce. Ná húsáid bréagáin inséidte in uisce oscailte toisc gur féidir le sruthanna agus gaotha iad a scuabadh amach chun farraige, rud a chuireann na daoine atá ar bord i mbaol, gan trácht ar na daoine a théann i gcabhair orthu.
  • Má tá tú i dtrioblóid san uisce, cuimhnigh gur fearr a bheith ar snámh ná a bheith ag snámh. Is é an bealach is fearr le do chorp a chur ar snámh ná do cheann a chlaonadh siar agus do chluasa a bheith faoi bhun an uisce agat. Déan iarracht fanacht socair agus análú mar a dhéanann tú de ghnáth. Is féidir leat do lámha a bhogadh go réidh, más gá, le cabhrú leat do chloigeann a choinneáil os cionn an uisce. Sín amach do lámha agus do chosa le fanacht chomh daingean agus is féidir san uisce. Agus do chuid anála faoi smacht agat, glaoigh amach le cabhair a lorg nó bí ag snámh chun sábháilteachta.
  • Is baol é an sáinniú nuair a nochtar codanna den chósta nó oitreacha gainimh do shiúlóirí le lag trá. Bí ag faire amach don taoide thuile agus tabhair aird ar chomharthaí. Bíodh fón póca lánluchtaithe agat i gcónaí.
  • Cuir ort Gléas Snámhachta Pearsanta nuair a théann tú amach ag clárchéaslóireacht, ag cadhcáil nó ag bádóireacht, nó nuair a bhíonn tú ag slatiascaireacht ón gcladach.
  • Fan amach ó alcól toisc go gcuireann sé isteach ar bhreithiúnas, ar chothromaíocht agus ar chomhordú – rudaí a bhfuil géarghá leo agus tú ag snámh, ag bádóireacht agus ag fanacht glan ar ghuaiseacha san uisce.

Má fheiceann tú duine i sáinn ar an uisce nó cois cósta, nó má cheapann tú go bhfuil sé nó sí i sáinn, diailigh 112 nó úsáid Cainéal 16 ar an gCóras VHF Muirí agus iarr an Garda Cósta.