Forálacha maidir leis an Tástáil Éigeantach le haghaidh Drugaí Sínithe ina nDlí ag an Aire Chambers
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tOrdú fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2024 (Tosach Feidhme) (Uimh.2), 2024 sínithe ina dhlí ag an Aire Stáit don Iompar, Jack Chambers. Leis an Ordú tosaítear Cuid 4 den Acht, a dhéanann plé leis an tástáil éigeantach le haghaidh drugaí do thiománaithe atá tar éis baint a bheith acu le himbhualadh tromchúiseach.
Tá na forálacha le teacht i bhfeidhm ag meán oíche an 31 Bealtaine 2024.
Tar éis dó a lámh a chur leis an Ordú, bhí an méid seo le rá ag an Aire Chambers:
“Anois agus na forálacha maidir leis an tástáil éigeantach le haghaidh drugaí sínithe ina ndlí, is cor cinniúnach é sa fhreagairt ar na treochtaí atá ag teacht chun cinn ar na bóithre. Tá an tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí ar cheann de na ceithre chúis is mó le básanna ar na bóithre agus, i mbeagán focal, níl sí inghlactha. Tosaíocht agamsa agus ag mo Roinn é a chinntiú gur féidir leis an nGarda Síochána dul i dtuilleamaí reachtaíocht láidir maidir le trácht ar bhóithre agus an dlí á chur i bhfeidhm acu. Tá feicthe againn le tamall anuas go mbíonn líon na mbásanna ar na bóithre ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana, agus tá gealltanas tugtha ag an Rialtas go ndéanfaidh siad a seacht ndícheall na treochtaí sin is cúis ollmhór imní a chur ina gceart. Is bás de bharraíocht é bás amháin ar na bóithre. Tá m’fhocal tugtha agam go dtosófar na forálacha eile den Acht sa tréimhse amach romhainn, rud a fheabhsófar tuilleadh ár bhfreagairt ar na treochtaí.”
Shínigh an tUachtarán an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 2024 ina dhlí an 17 Aibreán agus is cuid lárnach é de fhreagairt an Rialtais ar an méadú atá tagtha ar líon na mbásanna ar na bóithre le blianta beaga anuas. Tá an tAcht á chur i bhfeidhm ina chéimeanna agus féachann sé le hathrú spriocdhírithe agus córasach a bhaint amach i bpríomhréimsí a bhfuil baint acu le hiompraíochtaí contúirteacha tiomána.
Ó mheán oíche an 31 Bealtaine, éileofar ar bhaill den Gharda Síochána tástáil le haghaidh drugaí a dhéanamh ar thiománaithe atá tar éis baint a bheith acu le himbhualadh tromchúiseach. Tá sé seo ag teacht sna sála ar cheanglas lena n-éilítear tástáil le haghaidh alcóil sna cúinsí céanna. Roimhe seo, bhí cumhacht lánroghnach ag na Gardaí tástáil a dhéanamh le haghaidh drugaí. Anois agus taighde agus fianaise á dtabhairt le fios go bhfuil fadhb na tiomána faoi thionchar drugaí ar ár mbóithre ag dul in olcas, tá sé i gceist ag an athrú seo iompraíocht chontúirteach tiomána a dhíspreagadh agus a chinntiú go mbraitear gach duine a thiomáineann faoi thionchar alcóil nó drugaí agus a bhfuil baint aige nó aici le himbhualadh tromchúiseach.
Thug an Roinn Iompair cead le déanaí don Lia‑Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre 10,000 fearas tástála “Drugwipe” sa bhreis a cheannach i mbliana. Ba cheart go gcinnteodh sé sin go mbeidh a ndóthain tástálacha ag baill den Gharda Síochána le tuilleadh tástálacha le haghaidh drugaí fós a dhéanamh cois bóthair.
Leagtar síos leis an Ordú uastréimhse feithimh 30 nóiméad do thástáil le haghaidh drugaí cois bóthair. Tosaíonn an tréimhse 30 nóiméad tráth a soláthraíonn an tiománaí sampla dá shreabhán béil lena thástáil le haghaidh drugaí. Cé nach minic a bheidh ar thiománaithe fanacht go deireadh na tréimhse 30 nóiméad, tarlaíonn rudaí mí-ámharacha nó dothuartha ar thaobh an bhóthair in amanna, amhail tástáil lochtach nó tiománaí eile a bhfuil cúnamh práinneach de dhíth air. Fágann an tréimhse 30 nóiméad gur féidir na torthaí a fháil ón tástáil le haghaidh drugaí, a thógann ocht nóiméad de ghnáth, agus gur féidir tástáil bhreise a dhéanamh más gá.
Chomh maith leis an tástáil éigeantach le haghaidh drugaí a thabhairt isteach, tá forálacha san Acht freisin le haghaidh teorainneacha luais réamhshocraithe níos sábháilte ar bhóithre uirbeacha, bóithre náisiúnta tánaisteacha agus tuaithe agus bóithre áitiúla, chomh maith le bearta sábháilteachta eile a chuirfear i bhfeidhm ina gcéimeanna.