English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glao ar úsáideoirí bóthair agus ar abhcóidí sábháilteachta ar bhóithre le bheith páirteach san Fhóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 10 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2024

Tá an Roinn Iompair ag moladh d’úsáideoirí bóthair agus d’abhcóidí sábháilteachta ar bhóithre iarratas a dhéanamh le bheith páirteach san Fhóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Tá an Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre (RUSF) á bhunú chun bonn eolais a chur faoi Phlean Gníomhaíochta Chéim 2 de Straitéis reatha an Rialtais um Shábháilteacht ar Bhóithre, a bheidh i bhfeidhm ó 2021 go 2030. Is gearr go mbeidh Céim 1, 2021 go 2024, ag teacht chun críche agus táthar ag súil go bhfoilseofar Plean Gníomhaíochta Chéim 2 go luath in 2025 agus go mbeidh sé i bhfeidhm ó 2025 go 2027.

Feidhmeoidh an Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre mar chomhlacht comhairleach neamhspleách a bheidh dírithe ar léargas agus cúnamh a chur ar fáil le tacú le ceapadh Phlean Gníomhaíochta Chéim 2. Is é feidhm an Fhóraim ná léargas agus comhairle a thabhairt mar úsáideoirí bóthair a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh le tosaíochtaí a leagan síos do ghníomhaíochtaí ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre.

Is éard a bheidh san Fhóram ná daoine ar ionadaithe iad ar úsáideoirí éagsúla ar líonra bóithre na hÉireann, chomh maith le habhcóidí um shábháilteacht ar bhóithre.

Agus é ag cur fáilte roimh bhunú an Fhóraim, bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit ag an Roinn Iompair, Jack Chambers:

“Tá sé de phribhléid agam i mo ról a bheith i dteagmháil rialta le habhcóidí agus le saineolaithe sábháilteachta ar bhóithre. Téann an dúthracht a chaitheann siad leis an gcúis thábhachtach seo i gcion go mór orm agus bím an-tógtha i gcónaí leis na moltaí a dhéanann siad d’fhonn ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte. Is mór agam go bhfuil an-chuid de na moltaí sin á gcur chun cinn anois ag mo Roinn, ag gníomhaireachtaí dá cuid nó ag páirtithe leasmhara eile san earnáil. Agus an plean gníomhaíochta don tréimhse ó 2025 go 2027 á chur i dtoll a chéile againn sna míonna amach romhainn, is den ríthábhacht go mbaileoimis léargas agus dearcthaí ó raon leathan úsáideoirí bóthair lena chinntiú go mbeidh plean cuimsitheach um shábháilteacht ar bhóithre i bhfeidhm againn a chuirfidh ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo spriocanna 2030.”

Dúirt Sam Waide, príomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre:

“Fáiltím roimh bhunú an Fhóraim Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre. Le bunú an Fhóraim seo tá béim á leagan ar a thiomanta atáimid go léir ar fud shochaí na hÉireann tús áite a thabhairt don tsábháilteacht ar bhóithre na tíre agus d’fholláine gach úsáideora. Ach an Fóram seo a chur ar bun, beidh deis ar leith ag na comhpháirtithe go léir um shábháilteacht ar bhóithre cluas a thabhairt do gach úsáideoir bóithre agus comhoibriú, nuáil agus athruithe a bhrú chun cinn go dearfach i ngach gné de Chéim 2 den Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre – cur chuige comhchoiteann a fhágann go mbeidh ár mbóithre níos sábháilte do chách. Mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, táim ar bís na tionscnaimh, na dearcthaí agus na réitigh a fheiceáil a thiocfaidh amach as an bhfóram, go háirithe iad siúd a mbeidh baint acu le saothar an Údaráis.”


Nótaí

Faigh tuilleadh eolais faoin bhFóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre agus déan iarratas le bheith páirteach ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/50981-foirm-leirithe-suime-don-fhoram-usaideoiri-um-shabhailteacht-ar-bhoithre-rusf-leis-an-udaras-um-shabhailteacht-ar-bhoithre/?. Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 5 i.n., Dé hAoine, an 14 Meitheamh 2024.