Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann Garda Cósta na hÉireann, RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann machnamh ar na daoine a cailleadh agus an Lá Domhanda um Bháigh a Sheachaint ag druidim chugainn

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 23 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025

D’fhéadfadh duine ar bith a bheith i mbaol a bháite, b’fhearr go mór nach mbáifear éinne dínn

Roimh an Lá Domhanda um Bháigh a sheachaint Dé hAoine beag seo (25 Iúil), tá Garda Cósta na hÉireann, RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann ag cuimhneamh orthu siúd go léir a fuair bás san uisce. Tá na heagraíochtaí tagtha le chéile chun iarraidh ar gach duine atá ag pleanáil turas ar uisce nó cois uisce a bheith ullmhaithe faoina chóir chun cinntiú go bhfillfidh gach duine abhaile go slán sábháilte.

Ó thús na bliana seo, bádh 42 dhuine in uiscí na hÉireann, sin naonúr níos mó ná mar a tharla le linn na tréimhse céanna anuraidh. Ní staitisticí amháin iad seo, ach meabhrú dúinn ar na teaghlaigh gur bhuail tubaiste báigh iad le cúpla mí anuas.

Leis an dea-aimsir le déanaí, tá daoine ag bailiú le chéile ar bhruach na huisce chun fuarú síos agus iad beag beann uaireanta ar an gcontúirt a bhaineann le huisce oscailte.

Deir an trí eagraíocht gur mhaith leo go mbainfidh daoine taitneamh as gníomhaíochtaí áineasa a bhaineann leis an uisce, ach tá siad ag impí ar dhaoine eolas a bheith acu ar na baoil, imeacht amach ullmhaithe faoina chóir agus bheith ag faire amach dá chéile.

Chun fanacht sábháilte:

  • Seiceáil an aimsir agus an taoide sula dtéann tú amach agus má shiúlann tú bruach an chladaigh, bí ar an airdeall maidir le taoide atá ag líonadh, a d'fhéadfadh a bheith ina chúis sáinnithe
  • Bí ar an eolas faoi shruthanna cuilitheála - is féidir le sruthanna láidre na snámhóir is mó taithí fiú a tharraingt amach san fharraige
  • Téigh go dtí tránna go ndéanann gardaí tarrthála freastal orthú agus snámh in éineacht le daoine eile, ní i d’aonar riamh
  • Snámh agus fan laistigh de do dhoimhneacht i gcónaí .
  • Caith seaicéad tarrthála nó áis snámhachta i gcónaí agus tú ar an uisce.
  • Coinnigh súil i gcónaí agus go seasta ar aon pháiste atá le hais uisce
  • Lig do chuid pleananna agus am fillte le duine éigin ar thír.
  • Bíodh fón póca nó Raidió Mara VHF ar iompar agat i gcónaí chun go mbeidh tú in ann glaoch ar chabhair

Má bhíonn tú i dtrioblóid san uisce, Le Fanacht Beo Fan Ar Snámh:

  • Cuir do cheann siar, le do chluasa faoin uisce.
  • Suaimhnigh tú féin agus déan iarracht análú go réidh.
  • Bog do lámha agus do chosa chun cabhrú leat fanacht ar snámh.
  • Tá sé ceart go leor má théann do chosa thíos fút faoin uisce, bímid go léir ag snámh ar bhealach difriúil.
  • Nuair a bhíonn d'análú faoi smacht, glaoigh ar chabhair nó snámh go dtí uisce níos sábháilte.

Má fheiceann tú duine i dtrioblóid san uisce nó cois cladaigh, nó má cheapann tú go bhfuil siad i dtrioblóid, bain úsáid as an raidió mara VHF Cl 16 nó glaoigh ar 112 agus labhair leis an nGarda Cósta.