Leathnú Breise ar Bhonneagar feithiclí leictreacha chomh maith le Tacaíochtaí Gnó ar mhaithe le Todhchaí Astaíochtaí Nialasacha fógartha ag an Aire O’Brien
- Foilsithe: 28 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Nocht an tAire Iompair Darragh O’Brien dhá thionscnamh nua atá dírithe ar dhlús a chur le haistriú na hÉireann chuig todhchaí atá saor ó astaíochtaí. Leis na tionscnaimh sin, leathnófar an líonra athluchtaithe náisiúnta d’fheithiclí leictreacha agus cuirfear feabhas ar an dtacaíocht do ghnólachtaí a ghlacann le feithiclí tromshaothair leictreacha.
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar Chéim 3 den Scéim Deontais um Bonneagar Athluchtaithe d’Fheithiclí Saothair Éadroim (LDV) ar Bhóithre Náisiúnta
Díreoidh an chéim is déanaí ar stáisiúin athluchtaithe ardchumhachta a shuiteáil feadh 3,000km de phríomhbhóithre agus de bhóithre tánaisteacha náisiúnta, ag cinntiú go mbeidh tiománaithe fheithiclí leictreacha in ann rochtain go hiontaofa ar phointí luchtaithe fud faid na tíre.
Is é is aidhm don scéim seo ná borradh suntasach a chur faoi acmhainneacht athluchtaithe feithiclí leictreacha na hÉireann trí dhíriú ar na nithe seo a leanas:
- Suíomhanna spriocdhírithe: Saoráidí athluchtaithe poiblí ar fáil laistigh de 3 km de bhóithre náisiúnta, stáisiúin pheitril, carrchlóis agus ollmhargaí ina measc.
- Maoiniú: Infheistíocht i gcnuasacha athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha
- Cur i bhfeidhm go gasta: ag cumasú seachadadh brostaithe ar an mbonneagar athluchtaithe go forleathan.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Leis an leathnú seo, treisítear ár dtiomantas chun feabhas a chur ar an acmhainneacht luchtaithe ar fud líonra EV (feithiclí leictreacha) na hÉireann. Cinnteoidh sé go mbeidh muinín ag tiománaithe an casadh leictreach a dhéanamh, agus fios acu go mbeidh rochtain iontaofa acu ar mearluchtú, cibé áit a mbíonn siad ag taisteal.”
Chun sonraí iarratais a fháil, tabhair cuairt ar www.tii.ie
Ina theannta sin, d’fhógair an tAire O’Brien leathnú ar an Scéim Deontais Ceannaigh ZEHDV freisin chun tacú le dícharbónú earnáil lasta agus lóistíochta na hÉireann.
I measc na sonraí breise sa Scéim ZEHDV-I leathnaithe cuirfear deontais bonneagair athluchtaithe iosta agus lóistíochta ar fáil. Beidh gnólachtaí in ann maoiniú a fháil anois le haghaidh stáisiúin athluchtaithe ag iostaí, moil lóistíochta agus áitribh tráchtála. Beidh an scéim ar oscailt do gach gnólacht, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil ZEHDVanna acu faoi láthair.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Trí thacú le ceannach feithiclí agus leis an mbonneagar luchtaithe a theastaíonn, táimid ag cur ar chumas gnólachtaí dícharbónú éifeachtúil a dhéanamh. “Is céim shuntasach chun cinn iad na tionscnaimh seo i dtiomantas na hÉireann do ghréasán iompair inbhuanaithe atá saor ó astaíochtaí - ag soláthar an tacaíocht a theastaíonn ó thiománaithe agus gnólachtaí chun glacadh le todhchaí níos glaine.”
Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann (TII), a chomhoibríonn le ZEVI Ireland chun an scéim a riar:
“Leanfaidh TII orthu ag tacú leis an dtionscnamh tábhachtach seo faoi stiúir an Aire O’Brien agus na Roinne Iompair. Trí bhonneagar feithiclí leictreacha na hÉireann a leathnú, cuideofar le gréasán iompair inbhuanaithe a chruthú do ghach duine ar an mbóthar.”
Chun sonraí a fháil faoin scéim, tabhair cuairt ar www.tii.ie