English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €633 milliún fógartha le haghaidh bóithre náisiúnta ag na hAirí.

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 28 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D‘fhógair an tAire Iompair Darragh O’Brien inniu go gcuirfidh an Roinn Iompair tuairim is €633 milliún ar fáil do bhóithre náisiúnta.

  • €502 milliún de Mhaoiniú Caipitil Státchiste do Bhóither Náisiúnta trí Bhonneagar Iompair Éireann (TII) in 2025.
  • Tá €98 milliún breise curtha ar fáil do Bhóithre Náisiúnta faoi Chomhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí
  • Tá maoiniú ar leith eile de thart ar €33 milliún á chur ar fáil d’údaráis áitiúla chun Bóithre Náisiúnta a chothabháil go rialta.

Cuirfidh TII an maoiniú ar fáil chun tacú leis na torthaí seo a leanas, ar aon dul leis an bPlean Forbartha Náisiúnta:

  • An gréasán bóithre náisiúnta atá ann cheana a chosaint agus a athnuachan
  • Mórthionscadail bhóithre nua atá á dtógáil nó gar don tógáil a chur chun cinn
  • Mórthionscadail bhóithre nua atá ar na bacáin a chur chun cinn.

Leis an maoiniú seo chun an gréasán bóithre náisiúnta atá ann cheana a chosaint agus a athnuachan, maoineofar réimse gníomhaíochtaí, lena n-áirítear feabhsuithe ar shábháilteacht ar bhóithre, athnuachan pábhála, cothabháil droichead agus struchtúr chomh maith le bearta chun cinntiú gur féidir leis an ngréasán an líon méadaithe d’eachtraí adhaimsire a sheasamh.

I measc na mórthionscadal bóithre náisiúnta nua a mhaoinítear tá Seachbhóthar Átha Dara, an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg, agus an M28 ó Chorcaigh go Rinn an Scidígh.

Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Iompair, Darragh O’Brien:

“Tosaíocht don rialtas seo is ea bóithre nua a mhaoiniú agus na tionscadail bhóithre náisiúnta a chur chun cinn sa PFN reatha. Cuirfidh an maoiniú atá á bhfógairt agam inniu iliomad tionscadal bóthair nua atá ar an ngréasán bóithre náisiúnta chun cinn, bíodh siad á dtógáil nó gar don tógáil. Cuirfidh sé sin feabhas ar nascacht réigiúnach, tacóidh sé le forbairt eacnamaíoch, agus bainfidh sé an trácht ó bhailte agus ó phobail ar fud na tíre — rud a fhágfaidh go mbeidh na bóithre níos sábháilte do gach úsáideoir.

“Le tionscadail ar nós an N5 Bealach an Doirín go Scramóg, atá á thógáil, agus Seachbhóthar Áth Dara, ar síníodh conarthaí ina leith an 28 Feabhra, léirítear tiomantas soiléir d’fhorbairt leanúnach ar ár ngréasán bóithre náisiúnta. Chomh maith leis an maoiniú a fógraíodh inniu, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar mhaoiniú do bhóithre náisiúnta sa chuid eile den deich mbliana faoin PFN, rud a ligfidh le maoiniú breise do thionscadail bhóithre ríthábhachtacha timpeall na tíre”.

Dúirt Seán Canney, an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt:

“Tá go leor infheistíochta déanta sa ghréasán bóithre náisiúnta le blianta beaga anuas. Chuidigh sé sin le nascacht réigiúnach a fheabhsú agus thacaigh sé le forbairt eacnamaíoch ar fud na tíre. Cuireann maoiniú an lae inniu leis sin. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhthosaíocht againn ár mbóithre náisiúnta atá ann cheana a chosaint chun a chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus láidir ar mhaithe le gach úsáideoir bóithre, trácht lasta san áireamh., Tá €2.9 billiún curtha ar leataobh thar shaolré an Phlean Forbartha Náisiúnta chun é sin a bhaint amach. Úsáidtear cuid den mhaoiniú sin freisin le haghaidh bearta chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, rud atá ríthábhachtach chun ár Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre a chur i bhfeidhm.’

Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Tuaithe, Jerry Buttimer:

“Mar Aire atá freagraithe as Iompar Tuaithe, is mór agam an ról tábhachtach atá ag an nGréasán Bóithre náisiúnta chun a chinntiú go bhfuil gach cuid d’Éirinn nasctha lena chéile. Tacaíonn Gréasán Bóithre Náisiúnta atá sábháilte agus éifeachtúil le lucht na tuaithe, rud a chuireann ar a gcumas nascadh leis an obair, leis an oideachas agus leis an gcúram sláinte. Ina theannta sin, éascaíonn sé an iliomad seirbhísí bus a fhreastalaíonn ar cheantar tuaithe na hÉireann anois. Leis an gcistiú a fógraíodh inniu, caomhnófar agus feabhsófar an tsócmhainn náisiúnta ríthábhachtach seo dár saoránaigh uile’.

I measc na dtionscadal bóithre náisiúnta nua eile a mhaoinítear tá:

  • N5 Bealach an Doirín go Scramóg
  • Seachbhóthar Adare
  • M28 Corcaigh go Rinn an Scidígh
  • N52 Seachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia
  • Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe
  • Feabhas ar Bhealach TEN-T Dhún na nGall
  • N2 Seachbhóthar Sláine
  • Seachbhóthar N3 Virginia
  • N/M20 Corcaigh go Luimneach
  • N2 Cluain Tiobraid go dtí an Teorainn
  • N24 An Chathair go dtí Acomhal Luimní ( Seachbhóthar Thiobraid Árann san áireamh)
  • N4 Cora Droma Rúisc go Dromad
  • N21 Bóthar Faoisimh an Chaisleáin Nua Thiar
  • N21 Bóthar Faoisimh Mhainistir na Féile Pádraig
  • N22 An Fearan fuar go dtí Cill Áirne
  • N72/73 Bóthar Faoisimh Mhala
  • N58 Seachbhóthar Bhéal Easa
  • N4 An Muileann gCearr go Longfort
  • N11/N25 Maolán na nGabhar go Ros Láir
  • N17 Cnoc Mhuire go Cúil Mhuine
  • N25 Mainistir na Corann go hEochaill (Seachbhealaí Chaisleáin na Martra agus Chill Ia)

Nótaí

Beidh leabhrán mionsonraithe den mhaoiniú ar fad ar fáil ar shuíomh gréasáin TII - tii.ie

Déantar maoiniú le haghaidh bóithre réigiúnacha agus áitiúla ar leithligh, agus fógraíodh iad i mí Feabhra 2025 Ministers announce €713 million for regional and local roads