Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Bliain 3
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Tá an tríú Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn maidir le cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta an Bheartais Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe (SMP) 2022-2025 foilsithe ag an Aire Iompair, Darragh O’Brien, mar aon le tuarascáil ón bhFóram Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe, a bhí ar siúl i mí na Bealtaine.
Déanann an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn achoimre ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ó seoladh an SMP in 2022. Leagann sé béim ar bhaint amach clocha míle suntasacha sa tríú bliain de chur i bhfeidhm an Bheartais, lena n-áirítear:
- Is feithiclí astaíochtaí ísle agus nialasacha iad 41.3% de na cabhlaigh bus Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (OSP) i gCorcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge anois, ag sárú na sprice de 40% - agus Luimneach ar an gcéad chathair in Éirinn a bhfuil cabhlach lánleictreach aici.
- Tá méadú 25.5% tagtha ar líon na bhFeithiclí Inrochtana do Chathaoireacha Rothaí (WAVanna) i gcabhlach na bhFeithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí (SPSV), os cionn na sprice de 25%.
- Tá an scéim Tacaíochta maidir le Taisteal Neamhspleách, a chuidíonn le paisinéirí a bhfuil riachtanais bhreise acu scileanna a fhorbairt chun iompar poiblí a úsáid go neamhspleách, leathnaithe anois go Gaillimh, Luimneach, Corcaigh agus Port Láirge, ag cur leis an rath a bhí uirthi i mBaile Átha Cliath.
- Shroich líon na bpaisinéirí iompair phoiblí an leibhéal is airde riamh in 2024, rud a bhí neartaithe leis an bhfógra i mí Dheireadh Fómhair 2024 go raibh líon na dturas laethúla ar fud sheirbhísí PSO tar éis leibhéal curriarracht a bhaint amach, ag sárú milliún turas in aghaidh an lae.
- Lean seirbhísí Nasc Áitiúil TFI orthu ag taispeáint fáis bliain i ndiaidh bliana freisin, le 4.7 milliún turas críochnaithe in 2024—méadú de bheagnach 47% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Tacaíodh leis an méadú an-suntasach seo leis na 45 seirbhís nua agus feabhsaithe a tugadh isteach faoi Phlean Soghluaisteachta Tuaithe ‘Connecting Ireland’ de chuid SMP.
- Chinntigh leathnú ar scéim rothar réigiúnach TFI i Luimneach agus i gCorcaigh go leanfadh fás ar thurais rothar poiblí, le méadú bliain ar bhliain de 23% ar fud na gceithre chathair réigiúnacha in 2024, agus méadú 51% sna chéad chúig mhí de 2025 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2024.
- Cuireadh breis is 1000km de bhonneagar um Thaisteal Ghníomhach agus Bealaí Glasa ar fáil idor 2020 agus 2025, agus na spriocanna do chathracha réigiúnacha agus do cheantair neamh-mheitreo sáraithe go mór.
- Tá 507 scáthlán bus curtha isteach do sheirbhísí réigiúnacha agus tuaithe ó 2022 — níos mó ná dhá oiread an sprioc bhunaidh de 200.
Léiríonn an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn go gcuirfear beagnach 70% de na gníomhaíochta atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta i gcrích faoi dheireadh 2025, agus go ndéanfar dul chun cinn suntasach freisin ar na gníomhaíochta atá fágtha. Tá nuashonrú mionsonraithe ar dhul chun cinn maidir le gach ceann de na 91 gníomhaíochtaí ar fáil in Iarscríbhinn 1.
Tá áthas orm an tríú tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar an mBeartas Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe a fhoilsiú. Leagann an tuarascáil seo béim ar na héachtaí atá bainte amach chun córas iompair níos glaine, níos nasctha agus níos cuimsithí a chruthú d'Éirinn. Le bliain anuas, tá feicthe againn busanna leictreacha ag teacht isteach i seirbhís ar fud na tíre, dul chun cinn ollmhór i seachadadh tionscadal mór bonneagair siúil agus rothaíochta, líon paisinéirí iompair phoiblí níos mó ná mar a bhí riamh, agus iarracht leanúnach agus chomhbheartaithe chun dul chun cinn fiúntach a dhéanamh ar fud na ngníomhaíochtaí uile i bPlean Gníomhaíochta SMP."
Ní bhíonn sé éasca an obair a chur i gcrích, fiú nuair atá ár n-uaillmhian chomhchoiteann ard, ach ba mhaith liom a athdhearbhú go bhfuil tiomantas an Rialtais seo don soghluaisteacht inbhuanaithe níos láidre ná riamh. Tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta, tá €24.33 billiún leithdháilte againn don earnáil suas go dtí 2030, lena n-áirítear €2 bhilliún atá curtha i leataobh chun tús a chur le Metrolink, an tionscadal iompair is uaillmhianaí agus is claochlaitheach a chonacthas riamh sa tír seo.
Ag féachaint chun cinn, cuirfimid leis an móiminteam seo le Plean Gníomhaíochta SMP nua do 2026–2030. Sa chéad chéim eile seo, cuirfear fís Chlár an Rialtais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe i gcrích, rud a chabhróidh linn líonra iompair glas, sábháilte, inacmhainne agus iontaofa a sheachadadh a fhreastalaíonn ar gach cearn dár dtír, agus nach bhfágann aon duine ar lár. Is dúshlán é atáimid réidh le tabhairt faoi, agus ceann a rachaidh chun tairbhe na nglún atá le teacht.”
An tAire Iompair, Darragh O’Brien
“Tá dul chun cinn suntasach déanta againn maidir le hinrochtaineacht iompair phoiblí, do phobail uirbeacha agus tuaithe araon, agus dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu. I mbliana, chonaiceamar rolladh amach seirbhísí bus baile nua agus feabhsaithe i bPort Laoise, agus seirbhísí i Muileann gCearr agus in Inis ar an mbóthar ceart le seoladh roimh dheireadh na bliana.
An tseirbhís Tacaíochta maidir le Taistil Neamhspleách, atá sínte amach anois chuig gach cathair réigiúnach, Gaillimh san áireamh, cuireann sí tacaíocht phraiticiúil ar fáil chun cabhrú le daoine aonair a bhfuil riachtanais bhreise acu taisteal go neamhspleách. Is tionscnamh simplí ach cumhachtach é a chuireann deiseanna ar fáil agus a neartaíonn muinín.
Agus úsáid iompair phoiblí ag sroicheadh leibhéil churiarrachta in 2024, táimid fós dírithe ar sheirbhísí a leathnú agus a chinntiú go bhfuil siad cuimsitheach agus freagrúil do riachtanais gach paisinéara."
Dúirt Seán Canney, an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt:
Tá forbairt an chéad Phlean Gníomhaíochta eile faoi lán seoil. Cuireadh tús le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara sa phróiseas seo le ceithre imeacht de chuid an Fhóraim Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe i mí na Bealtaine na bliana seo. Chomh maith leis an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an SMP, d’fhoilsigh an tAire Tuarascáil an Éascaitheora ón bhFóram seo freisin, ina ndéantar achoimre ar na ranníocaíochtaí a rinne rannpháirtithe sna ceithre imeacht.
Is féidir teacht ar an dá thuarascáil ar shuíomh gréasáin gov.ie ag Tuarascáil Dul Chun Cinn na Trí Bliana de chuid SMP agus Tuarascáil an Éascaitheora de chuid an Fhóraim Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe.