Foilsíonn na hAirí Plean Gníomhaíochta Céim 2, 2025-2027 le haghaidh Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Iúil 2025
D’fhoilsigh an tAire Iompair, Darragh O’Brien TD, an tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht ar Bhóithre, Seán Canney TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer Plean Gníomhaíochta Céim 2 de Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre. Mairfidh an Plean Gníomhaíochta ó 2025 go 2027.
Léiríonn Plean Gníomhaíochta Céim 2 an chéad chéim eile i gcur chun feidhme an chúigiú Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030. Seo é an creat náisiúnta reatha maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Seoladh an Straitéis sin i mí na Nollag 2021.
Is é príomhaidhm na straitéise ná líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú faoi 50% i rith an deich mbliana seo agus oibriú i dtreo Fís Nialais a bhaint amach—dul chomh gar agus is féidir le bás nó gortú tromchúiseach ar bith ar bhóithre na hÉireann a bhaint amach—faoi 2050.
Dírítear i bPlean Gníomhaíochta Céim 2 ar 12 phríomhghníomhaíocht a chur i gcrích a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu a d’athródh cúrsaí ó bhonn. Éilíonn na príomhghníomhaíochtaí sin comhoibriú ó na comhpháirtithe sábháilteachta bóithre uile. Forlíontar na príomhghníomhaíochtaí sin le 77 ngníomhaíocht tacaíochta, agus beidh tairbhe suntasach don tsábháilteacht ar bhóithre ag baint le go leor acu freisin.
I measc na bpríomhghníomhaíochtaí sin tá:
- Infheistíocht leanúnach in iompar inbhuanaithe sábháilte
- Teorainneacha luais réamhshocraithe níos sábháilte a chur i bhfeidhm
- Comhroinnt sonraí feabhsaithe
- Forfheidhmiú bunaithe ar cheamaraí agus dul chun cinn teicneolaíochta eile
- Clár comhtháite oideachais faoi shábháilteacht ar bhóithre a fhorbairt agus a sholáthar do ghach aois.
Leanann Plean Gníomhaíochta Céim 2 cur chuige an Chóras Sábháilte, córas a aithnítear mar dhea-chleachtas ar fud na cruinne chun straitéisí sábháilteachta ar bhóithre a chur i bhfeidhm. Leagtar béim i gcur chuige an Chórais Shábháilte ar an bhfreagracht chomhroinnte atá orthu siúd a dhéanann na bóithre agus na feithiclí a dhearadh, a thógáil, a bhainistiú agus a úsáid chun cosc nó laghdú a chuir ar imbhuailtí agus orthu siúd a sholáthraíonn freagairt iarthimpiste chun díobháil a mhaolú.
“Cúis áthais dom Plean Gníomhaíochta Céim a Dó den Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a fhoilsiú, plean a chomhlíonann tiomantas leanúnach an rialtais básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar na bóithre a laghdú. Is oth linn go léir go bhfuil méadú tagtha ar líon na mbásanna ar na bóithre ó phaindéim COVID-19 ar aghaidh. Mar sin féin, trí obair na bpáirtithe leasmhara ar fud na hearnála, tá feabhas mall ag teacht ar an líon sin ó 2023 i leith agus tá sé tábhachtach go gcothóimid an dul chun cinn sin agus go gcuirfimid dlús leis. Leagtar amach sa Phlean seo, an bealach go mbainfimid é sin amach agus, ina chroílár, 12 ghníomh a bhfuil an cumas iontu cúrsaí sábháilteachta ar bhóithre na tíre seo a athrú ó bhonn sna blianta amach romhainn, dar linn.”
An tAire Iompair, Darragh O’Brien
“Fáiltím roimh sheoladh Chéim a Dó den Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre, agus táim sásta go mbeidh mé ag dul i dteangbháil go rialta le páirtithe leasmhara ó gach cearn den earnáil sábháilteachta ar bhóithre maidir len é seo a chuir i bhfeidhm. Táim ar aon intinn le Coimisinéir an Gharda Síochána go dteastaíonn athshocrú sábháilteachta ar bhóithre uainn sa tír seo agus tá muinín agam as an bPlean Gníomhaíochta seo go gcuireann sé creat ar fáil dúinn chun na spriocanna sábháilteachta bóithre a bhaint amach agus líon na mbásanna ar na bóthair a laghdú. Is trua linn gach uile bás ar bhóthar, agus is tubaist é don teaghlach agus don bpobal. Tá sé de dhualgas ar gach duine againn ár ndícheall a dhéanamh bac a chuir le tragóidí den sórt seo.”
An tAire Stáit le freagracht as Sábháilteacht ar Bhóithre, Seán Canney
“Léirítear go soiléir sa Phlean Gníomhaíochta seo gur ábhar imní agus freagrachta dúinn uile é feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre. Mar Aire a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Tuaithe, tuigim go maith go bhfuil pobail ann atá cráite ag tragóid bhásanna agus imbhuailtí ar bhóthar, agus is mór dom bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara uile chun bóithre a dhéanamh níos sábháilte do gach úsáideoir.”
An tAire Stáit le freagracht as Iompar Tuaithe, Jerry Buttimer
D'oibrigh an Roinn Iompair agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre go dlúth le réimse páirtithe leasmhara maidir le sábháilteacht ar bhóithre, Ranna Rialtais eile agus Gníomhaireachtaí Stáit ina measc, chun an Plean Gníomhaíochta a cheapadh.
“Tá freagracht maidir le sábháilteacht ar bhóthar comhroinnte eadrainn rud go bhfuil an Rialtas seo an-dáiríre faoi. Ní mór dúinn tabhairt faoi na bearta is gá a chuirfidh feabhas ar iompar tiománaithe agus, sa deireadh, a shábhálfaidh beatha daoine ar an mbóthar.
“Is gnéithe tábhachtacha den Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre iad forfheidhmiú leanúnach na ndlíthe shábháilteacht ar bhóithre ag an nGarda Síochána, úsáid na teicneolaíochta feabhsaithe agus feabhsú leanúnach líonra na gceamaraí soghluaiste, statacha agus meánluais. Oibríonn siad i gcomhar le gníomhaíochtaí eile sa straitéis seo chun feabhas a chur ar dhearadh bóithre, iompar agus oideachas tiománaithe, déine na bpionós, agus teorainneacha luais.
“Cuirim fáilte roimh sheoladh na chéad chéime eile seo den Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre. Cé go bhfuil dúshláin fós ann, agus muid ag obair i gcomhar le chéile, is féidir linn an dul chun cinn a léiríodh le déanaí a choinneáil ar bun agus básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar ár mbóithre a laghdú go suntasach. Molaim i gcónaí do gach duine moilliú, bheith ar an airdeall agus cabhrú linn go léir taisteal go sábháilte.”
An tAire Jim O’Callaghan, ag labhairt dó thar ceann na hEarnála Dlí agus Cirt
Chun tacú le forbairt an Phlean Gníomhaíochta, bhunaigh an Roinn Iompair an Fóram Úsáideoirí um Shábháilteacht ar Bhóithre i mí Mheán Fómhair 2024.
Tá sé comhdhéanta de dhaoine a ghníomhaíonn ar son sábháilteachta ar bhóithre chomh maith le saineolaithe agus déanann siad ionadaíocht ar réimse leasanna agus peirspictíochtaí. Bhí an fóram ina chomhlacht comhairleach ar dtús don bPlean Gníomhaíochta Céim 2, ag cur léargais luachmhara ar fáil don phlean deiridh, agus leanfaidh sé dá chuid oibre anois ar feadh thréimhse Chéim 2 chun aiseolas agus comhairle a chur ar fáil maidir lena chur chun feidhme.
Is féidir Plean Gníomhaíochta Chéim 2 a fheiceáil anseo: Straitéis um Shábháilteacht Bóthair: Plean Gníomhaíochta Céim 2 2025-2027