Os cionn €5.6 milliún de mhaoiniú le tacú le tionscadail chaipitil ag Aerfoirt Réigiúnacha fógartha ag an Aire Chambers agus é ar cuairt ar Aerfort Dhún na nGall
- Foilsithe: 25 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers TD, cómhaoiniú breis is €5.6m inniu le tacú le haerfoirt réigiúnacha incháilithe i nDún na nGall, i gCiarraí agus i gCnoc Mhuire (Iarthar Éireann).
Rinne sé an fógra agus é ar cuairt ar Aerfort Dhún na nGall mar chuid dá fhreagracht aireachta as an eitlíocht. Tá ról ríthábhachtach ó thaobh taistil de ag Aerfort Dhún na nGall san Iarthuaisceart toisc go dtacaíonn sé le nascacht ríthábhachtach, forbairt gheilleagrach agus turasóireacht an réigiúin.
Ag teacht leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais leis na cláir chaipitil is gá a sholáthar le tacú le seirbhísí agus le sábháilteacht a chinntiú inár n-aerfoirt réigiúnacha, thapaigh an tAire Chambers an deis na leithdháiltí maoinithe caipitil don bhliain 2024 a fhógairt. Is faoi Chlár na nAerfort Réigiúnach, 2021-2025 a thagann siad sin.
Tá an maoiniú breis is €5.6m le leithdháileadh mar seo a leanas:
Leithdháiltí Maoinithe Caipitil 2024
Aerfort
Leithdháileadh Deontais
Dún na nGall | €1.299m |
Ciarraí | €0.681m |
Iarthar Éireann | €3.666m |
Iomlán | €5.646m |
Cuirfidh na leithdháiltí sin le hinfheistíocht chaipitil sa tsábháilteacht agus sa tslándáil ag na haerfoirt, agus tacóidh freisin le tionscadail atá dírithe ar an inbhuanaitheacht. Cabhróidh sé sin le haerfoirt a gcuid spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach, chomh maith le teacht aniar a chothú in aghaidh an athraithe aeráide.
Ag labhairt dó ag Aerfort Dhún na nGall, dúirt an tAire Chambers:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu le leithdháiltí maoinithe caipitil 2024 faoi Chlár na nAerfort Réigiúnach a fhógairt. Infheistíocht shuntasach inár n-aerfoirt réigiúnacha atá sa mhaoiniú seo. I measc na 32 tionscadal atá chun tacaíocht a fháil i mbliana tá Tionscadal Soilsithe Talún an Aeradróim anseo ag Aerfort Dhún na nGall.
“I measc na n-infheistíochtaí suntasacha eile tá oibreacha feabhsúcháin ar shaoráidí rúidbhealaigh agus trealamh slándála nua ag Aerfort Chiarraí agus inneall dóiteáin nua, chomh maith le tosú ar Ionad Oiliúna Dóiteáin Aeradróim ag Aerfort Iarthar Éireann.”
Agus an leithdháileadh maoinithe á fhógairt aige, dúirt an tAire Chambers an méid seo freisin:
“Cé go bhfuil gnéithe comhshaoil ag baint le go leor de na tionscadail atá chun tacaíocht a fháil, tá béim ar leith ar an inbhuanaitheacht i ndeich gcinn de na tionscadail a ceadaíodh lena maoiniú, ar fiú €1.2 milliún iad. Ina measc siúd tá Pleananna Laghdaithe Carbóin anseo ag Aerfort Dhún na nGall agus ag Aerfort Iarthar Éireann. Áirítear i dtionscadail eile uasghrádú chuig feithiclí leictreacha ag Aerfort Chiarraí agus Aerfort Iarthar Éireann.”
Le críochnú, dúirt an tAire Chambers:
“Léiriú é an leibhéal tacaíochta spriocdhírithe seo ar a thábhachtaí atá sé don Rialtas na haerfoirt réigiúnacha atá againn a chur in áit mhaith le fás. Tá nascacht mhaith bunaithe ag Éirinn leis an RA, leis an Eoraip agus le Meiriceá trí na cúig aerfort réigiúnacha anseo.
“Is é an maoiniú ón Státchiste d’aerfoirt réigiúnacha agus do sheirbhísí aeir OSP go dtí seo a chumasaigh an nascacht sin agus an téarnamh láidir, rud is léir ón méadú 9% a tháinig ar thrácht paisinéirí sna haerfoirt réigiúnacha seo anuraidh i gcomparáid leis na leibhéil paisinéirí in 2019 (an tréimhse inchomparáide dheireanach roimh COVID-19). Bhí áthas orm tuilleadh fáis a fheiceáil sna haerfoirt réigiúnacha go léir i mbliana, agus méadú 16% tagtha ar an trácht paisinéirí in R1 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.”
Nótaí
Achoimre ar na Tionscadail Cheadaithe
Aerfort Dhún na nGall
Athrú ar Shainitheoir an Rúidbhealaigh
Athshreangú Shoilsiú Talún an Aeradróim agus Uasghrádú ar Rialtóirí Ciorcaid agus Srutha Sheasta
Trealamh Tomhais Fad a Athsholáthar
An Logaimsitheoir a Athsholáthar
Uasghrádú ar Algartam an Scanóra Slándála
Taifeadán Gutha ATC a Athsholáthar
Uasghrádú ar an Stáisiún Aimsire Cúltaca
Bearta Laghdaithe Carbóin agus Inbhuanaitheachta a Chur chun Feidhme
Aerfort Chiarraí
Suirbhé Aerloingseoireachta ar an Stráice Tuirlingthe
Uasghrádú ar Algartam an Scanóra Slándála
Dhá Aonad Braite Leachtanna Pléascáin (LEDanna)
Oibreacha Feabhais ar na Saoráidí Rúidbhealaigh
Trealamh Taifeadta Cúlra
Iompróir Bagáiste (Leictreonach)
Tuga Rampa (Leictreonach)
Cairt Seirbhíse Uisce (Leictreonach)
Marcanna ar Bhealaí Innealta
Comhbhrúiteoir Aeir BA
GPU Lánleictreach Nua a Cheannach
Aerfort Iarthar Éireann
Plean Maolaithe/Oiriúnaithe Aeráide
Staidéar le haghaidh Feirm Grianphainéal
Rubar a Bhaint den Rúidbhealach agus den Naprún agus Marcanna Nua a Chur Síos
Tancaer Breosla Leictreach
Meaisín X-Gha ar Thaobh an Aeir le hAghaidh Soláthairtí agus Seachadtaí
Trealamh Áiseanna Loingseoireachta
Soilsiú Talún Aerloingseoireachta (AGLanna)
Trí Aonad Braite Leachtanna Pléascáin (LEDanna).
Feithicil Slándála
Oibreacha Uasghrádaithe ar an Aerpháirc
Inneall Dóiteáin Mór
Máistirphlean Inbhuanaitheachta (ACA Leibhéal 3)
Ionad Oiliúna Dóiteáin Aeradróim
2. 2024 Maoiniú Oibriúcháin
Mar a tharla i mblianta roimhe seo, tabharfar an deis d’aerfoirt incháilithe (Aerfoirt Dhún na nGall, Aerfort Iarthar Éireann agus Aerfort Chiarraí) iarratais a chur isteach ar mhaoiniú oibriúcháin amach sa bhliain. Tá breis is €4m curtha ar fáil ag an Rialtas le tacú le croíghníomhaíocht neamheacnamaíoch aerfoirt i réimsí an Rialaithe Aerthráchta (ATC), na sábháilteachta agus na slándála. Cuirfear tacaíocht ar fáil faoi chomhair suas le 100% de na costais phárolla neamheacnamaíocha agus oibríochtúla atá incháilithe ag aerfoirt sna réimsí áirithe sin.