English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Plátaí Clárúcháin le Splanc Ghlas fógartha le haghaidh Feithiclí atá Saor ó Astaíochtaí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 4 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá sé fógartha ag an Aire Iompair Eamon Ryan go bhfuil plátaí clárúcháin le splanc ghlas le tabhairt isteach le haghaidh feithiclí atá saor ó astaíochtaí. Cuirfidh an splanc ghlas in iúl gur feithicil saor ó astaíochtaí atá ann, rud a tharraingeoidh aird ar fheithiclí leictreacha go ginearálta agus a chuirfidh an t-aistriú glas chun cinn ar bhóithre na tíre.

Beidh an chuma chéanna ar na plátaí clárúcháin nua sin agus atá ar na plátaí atá ann cheana féin, ach beidh ‘splanc’ nó stríoc ghlas orthu lena léiriú gur feithicil saor ó astaíochtaí atá ann. Ar an taobh deas den phláta a bheidh an splanc ghlas, díreach cosúil le stríoc ghorm an Aontais Eorpaigh ar an taobh clé. Ní bheidh athrú ar bith ar na huimhreacha ná ar na haitheantóirí contae.

Tá socruithe den sórt céanna ag tíortha eile ar fud na hEorpa cheana féin, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe. Sna tíortha sin, tá splanc ghlas, an litir ‘E’, suaitheantas glas nó imeall glas le feiceáil ar phlátaí na bhfeithiclí atá saor ó astaíochtaí.

Le bheith incháilithe le haghaidh pláta clárúcháin leis an splanc ghlas, caithfidh sé nach gcuireann an fheithicil astaíocht ar bith amach tríd an sceithphíopa. Áirítear leis sin feithiclí lán-cheallra-leictreacha agus, amach anseo, feithiclí cille breosla hidrigine. Ceadófar do gach catagóir feithicle, amhail carranna, gluaisrothair, veaineanna, busanna agus trucailí, an splanc ghlas nua a thaispeáint ach iad a bheith saor ó astaíochtaí ag an sceithphíopa.

Tá breis agus 96 múnla éagsúla feithicle ceallra-leictrí ar fáil ar mhargadh na hÉireann anois agus fás ag teacht i gcónaí ar a raon agus a líon. Déanfaidh an splanc ghlas dealú idir na feithiclí atá saor ó astaíochtaí ag an sceithphíopa agus cineálacha eile feithicle.

Tabharfar isteach na plátaí clárúcháin nua an bhliain seo chugainn. Fágfaidh sé sin go mbeifear in ann na leasuithe reachtaíochta agus teicneolaíochta is gá a dhéanamh.

Ní bheidh na plátaí leis an splanc ghlas éigeantach. Is faoi rogha na ndíoltóirí agus na dtomhaltóirí a bheidh sé cibé acu is mian leo na plátaí clárúcháin nua a fháil nó nach mian. I gcás feithiclí saor ó astaíochtaí atá ar na bóithre cheana féin, beidh tiománaithe in ann plátaí nua leis an splanc ghlas a fháil dá bhfeithicil.

Dúirt an tAire Ryan:

“Beidh an tionscnamh seo ina chuidiú feithiclí saor ó astaíochtaí a aithint agus a aibhsiú ar ár mbóithre. Is caighdeán cheana féin é in go leor tíortha eile. Níl ann ach marc nó branda, ach oibríonn sé go han-mhaith. Is maith le tiománaithe é agus is bealach iontach é le súil a choinneáil ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis an aistriú glas ar na bóithre. Tabharfaidh sé deis do ghnólachtaí ceannaireacht a léiriú maidir le hastaíochtaí iompair agus beidh sé ina chúnamh againn uile súil a leagan ar an saol saor ó astaíochtaí atá i ndán dúinn.

“Céim eile chun tosaigh í an splanc ghlas nua in aistriú na hÉireann chuig iompar leictreach agus leagann sí béim ar an obair atá ar siúl i gcónaí le hé sin a bhaint amach. Tá breis is €115 milliún curtha ar fáil ag an Rialtas i mbliana le tacú le rolladh amach feithiclí leictreacha agus bonneagair luchtaithe. Tugadh isteach sraith bearta cánach breise sa Cháinaisnéis is déanaí i réimsí amhail Sochar Comhchineáil agus Cáin Cláraithe Feithiclí, bearta a bhfuil sé mar aidhm acu an t-aistriú a dhreasú tuilleadh.”

Le tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.gov.ie/zevi.


Nótaí

Tabharfar isteach na plátaí clárúcháin nua leis an splanc ghlas ar an 1 Iúil 2025.

Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, leagtar amach treochlár maidir le hastaíochtaí iompair na hÉireann a laghdú 50% faoi 2030. Táthar ag súil gurb é leictriú an fhlít iompair a bheidh taobh thiar den sciar is mó den laghdú a bhainfear amach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma araon.

Faoi láthair tá 142,545 feithicil leictreach (79,066 feithicil cheallra-leictreach agus 63,479 feithicil hibrideach inluchtaithe) ar bhóithre na hÉireann (Comhad Náisiúnta na bhFeithiclí agus na dTiománaithe, deireadh mhí Mheán Fómhair 2024). Tá sprioc uaillmhianach ag Éirinn faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 30% d’fhlít na bhfeithiclí príobháideacha a aistriú ina feithiclí leictreacha faoi 2030.

Tá roinnt dreasachtaí díreacha i bhfeidhm cheana féin le tacú leis an aistriú go feithiclí leictreacha, lena n-áirítear:

  • Deontas suas le €3,500 faoi chomhair feithiclí ceallra-leictreacha a cheannach;
  • Scéim deontais faoi chomhair luchtaire baile a cheannach – suas le €300;
  • Faoiseamh CCF suas le €5,000 i gcás feithiclí ceallra-leictreacha;
  • Faoiseamh cánach Sochair Chomhchineáil i gcás feithiclí ceallra-leictreacha;
  • Scéim deontais le haghaidh beagfheithiclí seirbhíse poiblí leictreacha – deontas flaithiúil suas le €25,000 do thiománaithe tacsaí le cabhrú leo athrú chuig feithiclí leictreacha atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí;
  • Scéim deontais le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha – scéim arb aidhm léi an bhearna idir feithiclí astaíochtaí ísle agus feithiclí breosla iontaise a shárú; agus
  • Ráta íseal mótarchánach bliantúla.

Oifig ar leith sa Roinn Iompair is ea Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha Éireann (ZEVI), a bhfuil de chúram orthu tacú le tomhaltóirí, leis an earnáil phoiblí agus le gnólachtaí leanúint orthu ag aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Tá an Oifig i gceannas ar an bhfeachtas le spriocanna uaillmhianacha na hÉireann a bhaint amach, lena n-áirítear 30% d’fhlít na gcarranna príobháideacha a bheith ina gcarranna leictreacha faoi 2030.

Tá maoiniú suntasach geallta ag an Rialtas le tacú le feithiclí astaíochtaí ísle agus nialasacha tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta, lena n-áirítear faoi láthair leithdháileadh beagnach €500 milliún don tréimhse 2021-2025 agus tacaíocht bhreise ón gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide, ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte agus ó Chiste an AE um Aistriú Cóir.