English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pleananna do mhórfhorbairtí bóithre i nDún na nGall faofa ag an gComhaireacht

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 24 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá cead i bprionsabal tugtha ag an gComhaireacht inniu do mhórfhorbairtí ar thrí stráice den líonra náisiúnta bóithre i nDún na nGall. Feabhsóidh sé seo sábháilteacht d’úsáideoirí bóithre de gach cineál, agus feabhsóidh sé nascacht leis an gcuid eile den tír. Anuas ar an méid sin, fágfaidh sé go dtiocfadh borradh as an nua ar bhailte stairiúla margaidh sa chontae.

I dteannta a chéile, is ionann na forbairtí seo agus tionscadal TEN-T Dhún na nGall - cuid den Ghréasán Uileghabhálach Tras-Eorpach. Is éard atá ansin ná baisc conairí straitéiseacha iompair ar fud an AE. Aithníodh go mbeidh ról lárnach ag na conairí seo in iompar earraí agus paisinéirí.

Áirítear sa phlean faofa feabhsuithe móra ar bhóithre, seachbhóithre timpeall Leitir Ceanainn, Bhealach Féich/Shrath an Urláir agus Leifir. Anuas air sin, tá beartaithe go dtógfaí 60km de bhonneagar rothaíochta agus siúil atá ar leith ón mbóthar agus ocht gcinn de “Mhoil Aistrithe Córa Iompair” a fhágfaidh go mbeidh deis ag úsáideoirí bóthair aistriú chuig taisteal gníomhach nó chuig iompar poiblí. Feabhsóidh an tionscadal nascacht idir Dún na nGall agus an chuid eile den tír. Cuirfidh sé le hiontaofacht freisin, agus feabhsófar amanna taistil ar iompar poiblí. Ag an Srath Bán, cruthófar nasc leis an A5. Feabhsóidh seo naisc le calafoirt agus aerfoirt.

Is iad na trí stráice ar an líonra bóithre a ndéanfar feabhsuithe orthu faoi Ten-T ná:

Stráice 1 - N15/N13 Seachbhóthar Bhealach Féich/Shrath an Urláir

Stráice 2 - N56/N13 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin

Stráice 3 - N14 Mainéar Uí Chuinneagáin go Lifear/An Srath Bán (Nasc leis an A5 san áireamh).

Dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan:

“Bhí mé i nDún na nGall ní ba luaithe i mbliana, agus labhair mé le Comhairleoirí agus leis an bhFeidhmeannas maidir leis na tionscadail seo. Is iontach an dea-scéala inniu gur tugadh cead dóibh. Is tionscadal mór é seo a fheabhsóidh sábháilteacht do gach úsáideoir bóithre i nDún na nGall, agus cuirfidh sé nascacht níos fearr leis an gcuid eile den tír ar fáil. Beidh de thoradh ar an tionscadal go mbainfí trucailí agus feithiclí earraí troma eile de na sráideanna i láir roinnt bailte agus sráidbhaile. Fágfaidh sé sin go mbeidh siad níos mealltaí mar áiteanna cónaithe, oibre agus siopadóireachta.

"Tá sé tábhachtach a lua freisin go n-osclóidh sé seo ceantair laistigh de na bailte d’fhorbairtí tithíochta a bhfuil cúrsaí iompair chun tosaigh iontu, agus tabharfaidh sé sin ardú meanman do na pobail iontu. Tá sé i gceist freisin go dtógfaí roinnt “Moil Aistrithe Córa Iompair” agus beidh de thoradh orthu seo go mbeidh sé níos éasca ar dhaoine aistriú idir modhanna éagsúla iompair amhail iompar poiblí, rothair chomhroinnte agus carranna, cuir i gcás. Fágfaidh sé seo ar fad go mbeidh níos mó roghanna acu, agus go mbeidh cúrsaí taistil níos éasca orthu. Is lá maith é seo do Dhún na nGall, agus tá mé ag súil leis na tionscadail seo a bhrú chun cinn anois.”

Dúirt an tAire Stáit James Lawless:

“Soláthraíonn an scéim seo, ar thug an Chomhaireacht a faomhadh i bprionsabal di inniu, sábháilteacht níos fearr ar an ngréasán náisiúnta bóithre i nDún na nGall. Chuige sin, déanfar ailíniú níos fearr ar charrbhealaí, bainfear acomhail chontúirteacha, agus déanfar trácht atá ar thurais fhada a atreorú timpeall bailte agus sráidbhailte. Anuas air sin déanfaidh sé úsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint trí áiseanna rothaíochta agus siúil atá ar leith ón mbóthar a chur ar fáil. Beidh an tionscadal ina bhuntáiste freisin don phobal agus do lucht gnó sa chaoi is go mbeidh amanna taistil laghdaithe agus níos mó iontaofachta mar thoradh air i nDún na nGall agus i réigiún an Iarthuaisceart. Fáiltím roimh dhul chun cinn an tionscadail seo.”

Is é an réimse costais measta don tionscadal ná 780m go €915m. Déanfar nuashonrú ar na costais i leaganacha den chás gnó a chuirfear os comhair an rialtais amach anseo lena fhaomhadh. Fágfaidh an cead a tugadh don tionscadal inniu go mbeifear in ann é a chur chun cinn tríd na céimeanna riachtanacha reachtúla agus go mbeifear in ann straitéis soláthar a ullmhú. Meastar go beifear in ann tús a chur le tógáil in 2028, má cheadaítear é sna próisis riachtanacha reachtúla.

San Anailís Costais is Tairbhe a cuireadh ar bun, fuarthas luachanna Chóimheas Costais is Tairbhe idir 2.61 agus 4.73. Meastar gur Cóimheas Costais is Tairbhe an-dearfach é seo.

Is é an réimse costais measta don tionscadal ná 780m go €915m. Déanfar nuashonrú ar na costais i leaganacha den chás gnó a chuirfear os comhair an rialtais amach anseo lena fhaomhadh. Fágfaidh an cead a tugadh don tionscadal inniu go mbeifear in ann é a chur chun cinn tríd na céimeanna riachtanacha reachtúla agus go mbeifear in ann straitéis soláthar a ullmhú. Meastar go beifear in ann tús a chur le tógáil in 2028, má cheadaítear é sna próisis riachtanacha reachtúla.

Más rud é go gceadaítear an tionscadal ag gach céim, déanfar é a mhaoiniú mar chuid de dháileacháin chaipitil na Roinne Iompair amach anseo faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Nótaí

Eascraíonn Tionscadal TEN-T Dhún na nGall as an Staidéar um Riachtanais Conairí de chuid an Ghréasáin Tras-Eorpach Iompair in 2015 inar dearnadh athbhreithniú ar an riocht ina raibh gach chuid den ghréasáin TEN-T sa chontae. Bhí d’aidhm ag an staidéar sin iniúchadh a dhéanamh agus roinnt stráicí de na conairí TEN-T i nDún na nGall a aithint a dtabharfaí tús áite dóibh maidir le feabhsúcháin.

I ndiaidh don staidéar sin a bheith curtha i gcrích, cuireadh na trí stráice den ghréasáin TEN-T sa chontae is mó ar aithníodh iad a bheith easnamhach san áireamh do thionscadal TEN-T Dhún na nGall. Ba iad na stráicí sin ná:

• An N15/N13 i Réigiún Uirbeach Bhealach Féich/Shrath an Urláir

• An N56/N13 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin

• N14 Mainéar Uí Chuinneagáin go Lifear/An Srath Bán/Nasc leis an A5

Tá gach ceann de na stráicí sin san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta reatha.

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall Cás Gnó Sealadach don tionscadal a aighniú chuig an Roinn Iompair i mí an Mheithimh 2023.

Cuireadh an tionscadal faoi bhráid an Ghrúpa Chomhairligh maidir le Tionscadail Mhóra (MPAG) atá mar chuid den Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheacadadh PFN agus Athchóirithe ar an 25 Meitheamh 2024.

Tá i gceist ag tionscadal TEN-T Dhún na nGall feabhsuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar thrí stráice den ghréasán náisiúnta bóithre i nDún na nGall atá mar chuid den Tionscadal maidir le Feabhsaithe ar Chonairí Tosaíochta de chuid TEN-T.