Pobail a chur ar an mbóthar do Ré Nua Iarnróid
- Foilsithe: 25 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Molann an Chéad Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin leictriú, bealaí nua agus feabhsaithe, cothromaíocht réigiúnach níos fearr agus luasanna agus minicíocht a fheabhsú.
Dá seachadadh na moltaí go léir san Athbhreithniú seo:
- Bheadh 80% de chiliméadar traenach leictreach, agus bheadh cuid eile ag rith ar cheallraí agus hidrigin
- Bheadh 700,000 duine sa bhreis ina gcónaí laistigh de 5km de stáisiún traenach
- D'fhéadfaí amanna turais iarnróid idir roinnt cathracha móra a laghdú faoi leath
- D'fhéadfadh seirbhísí ar na bealaí idirchathrach is gnóthaí a bheith ar siúl gach 30 nóiméad i gcásanna áirithe
- D'fhéadfadh líon na bpaisinéirí iarnróid a dhúbailt
- D'fhéadfadh 90% de phaisinéirí aeir taisteal go dtí an aerfort leis an iarnród
- Rachaidh dhá thrian den tonnáiste lasta trí chalafoirt a mbeadh iarnród ag freastal orthu
- D’fhéadfaí €20 billiún a chur le geilleagar an oileáin
D’fhoilsigh an Roinn Iompair (Éire) agus an Roinn Bonneagair (Tuaisceart Éireann) dréacht-tuarascáil inniu den Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin chun pobail a chur ar an mbóthar do ré nua iarnróid
Is é an chéad Athbhreithniú Iarnróid Uile-Oileáin é, ina leagtar amach 30 moladh chun gréasán iarnróid a fhorbairt chun tairbhe suntasach a thabhairt do chomaitéirí, pobail, gnólachtaí, an comhshaol agus geilleagair, ó thuaidh agus ó theas aroan. Is féidir leis an gcóras iarnróid a athrú sna blianta amach romhainn le leictriú, luasanna níos tapúla agus minicíocht feabhsaithe, ag oscailt roinnt bealaí nua go háirithe trasna Iarthar agus Tuaisceart na tíre, agus inrochtaineacht agus nascacht a leathnú ar fud an oileáin.
Sheol Eamon Ryan, an tAire Iompair, agus Nicola Mallon, a bhí ina Aire ag an Roinn Bonneagair, Tuaisceart Éireann an tAthbhreithniú i mí Aibreáin 2021. Tá sé á fhoilsiú anois in éineacht leis an Measúnú Straitéiseach Timpeallachta gaolmhar le haghaidh comhairliúcháin agus táthar ag súil go dtabharfar chun críche é faoi dheireadh na bliana seo.
Sa lá atá inniu ann, tá timpeall 2,300 km (1,440 míle) de línte iarnróid poiblí ar oileán na hÉireann. Má chuirtear na moltaí san athbhreithniú nua iarnróid seo i bhfeidhm méadófaí go 2,950 km (1,845 míle) de línte iarnróid nua ísealcharbóin, níos tapúla. Chuir infheistíocht in iarnród idir 2011 agus 2019 le fás 37% ar líon na bpaisinéirí ar fud an oileáin ar fad. Cé gur chuir Covid isteach ar an bhfás seo, tá líon na bpaisinéirí ag filleadh go láidir sa dá dhlínse, rud a thugann le fios an fhéidearthacht a bhaineann le gréasán iarnróid nua agus feabhsaithe.
Bhí an dréacht-athbnreithniú coimisiúnaithe ag an dá roinn agus rinne said maoirseacht air. Is é an gnólacht innealtóireachta Arup a rinne an t-aithbreithniú. Tá moltaí, bunaithe ar shé sprioc, le seachadadh sna 25 bliana atá romhainn, ag teacht le gealltanais aeráidneodracha sa dá dhlínse. I measc na bpríomh-mholtaí tá:
1. Dícharbónú
- An gréasán iarnróid a dhícharbónú, lena n-áirítear líonra idirchathrach leictrithe chomh maith le rothstoc hibrideach, hidrigineach agus leictreach.
2. Luas agus Minicíocht Idirchathrach
- Uasghrádú a dhéanamh ar an bpríomhghréasán iarnróid idirchathrach (Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Port Láirge) go luasanna barr 200km san uair ag cinntiú go mbíonn turais traenach níos tapúla ná an carr.
- An gréasán iarnróid tras-tíre a uasghrádú go dtí iarnród dé-ráille (agus ceithre ráille in áiteanna) agus minicíochtaí seirbhísí idirchathrach a mhéadú go dtí uair an chloig idir na príomhphéirí cathracha.
3. Naisc Réigiúnacha Nua
- Luas línte réigiúnacha agus tuaithe a mhéadú go 120 km san uair ar a laghad.
- Conair Iarnróid an Iarthair idir Clár Chlainne Mhuiris agus Baile Átha an Rí a athbhunú.
- An t-iarnród isteach go Tír Eoghain (ó Phort an Dúnáin go Dún Geanainn, an Ómaigh, an Srath Bán) Doire. agus go Dún na nGall (Leitir Ceanainn) a leathnú.
- Iarnród Loch Garman Theas a athbhunú, ag nascadh le Port Láirge.
- An t-iarnród a fhorbairt chun nascacht a threisiú i Lár-Réigiún Thuaidh na Tíre, ón Muileann gCearr go dtí an Cabhán, Muineachán, Ard Mhacha agus Port an Dúnáin.
4. Cathracha Inbhuanaithe
- Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste agus Aerfort na Sionainne a nascadh leis an iarnród agus naisc iarnróid-aerfoirt atá ann cheana a fheabhsú.
- Seirbhísí fadraoin agus gasta a dheighilt ó sheirbhísí a stopann go minic, ag cinntiú amanna níos gasta ar bhealaí isteach sa chathair
5. Lastais a Athrú go hiomlán
- Nascacht iarnróid go dtí na calafoirt is gnóthaí ar an oileán a neartú agus Táillí Rochtana Ráille ar lastais a laghdú.
- Rochtain iarnróid den chéad mhíle/den mhíle dheireanach a fhorbairt do Chalafort Bhaile Átha Cliath
6. Tosaíocht a thabhairt do Chustaiméirí
- Cáilíocht seirbhíse a fheabhsú, lónadóireacht ar bord a sholáthar, amchlár ‘aghaidh an chloig’, comhtháthú níos fearr le roghanna eile iompair, agus struchtúir trasteorann níos éifeachtaí a chur I bhfeidhm chun taisteal ó thuaidh agus ó dheas a fheabhsú.
Má chuirtear moltaí an athbhreithnithe i bhfeidhm go hiomlán thar na blianta atá le teacht, meastar gurb é an costas caipitil ná €36.8bn/£30.7bn i bpraghsanna 2023.
As seo, bhainfeadh thart ar €27.6bn/£23.0bn den chostas caipitil measta le hÉirinn. Dá ndéanfaí an infheistíocht seo a roinnt go cothrom thar 25 bliain i bpraghsanna 2023, ansin bheadh infheistíocht chaipitil bhliantúil de €1.00bn/£0.92bn in aghaidh na bliana sa chóras iarnróid, sa bhreis ar na pleananna atá ann cheana féin. Tá sé seo comhionann, a bheag nó a mhór, le buaic-infheistíocht bhliantúil sa ghréasán mótarbhealaigh ag deireadh na 2000í.
Do Thuaisceart Éireann is é an meastachán costas caipitil iomlán i bpraghsanna 2023 ná €9.2bn/£7.7bn, is ionann sin agus thart ar €0.37bn/£0.31bn in aghaidh na bliana thar thréimhse 25 blian.
Soláthraíonn moltaí an athbhreithnithe creat fianaise-bhunaithe do lucht déanta polasaithe agus d’Airí sa dá dhlínse chun eolas a thabhairt do chinntí infheistíochta amach anseo. Beidh gá le hobair níos mionsonraithe chun féidearthacht agus inacmhainneacht go leor de na moltaí a thástáil chun bonn eolais a chur faoi cinntí a dhéanamh.
Is féidir teacht ar gach ábhar a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta trí shuíomh gréasáin na Roinne Iompair anseo agus trí shuíomh gréasáin na Roinne Bonneagair anseo.
Is féidir le daoine a bhfuil suim acu san athbreithniú aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig strategicrailreview@arup.com roimh 11:59 i.n., Dé hAoine, 29 Meán Fómhair 2023.
Tar éis na tréimhse comhairliúcháin, iarrfar ar an Aire Iompair agus Rialtais na hÉireann chomh maith leis an Aire Bonneagair i dTuaisceart Éireann an tAthbhreithniú deiridh a cheadú ina n-áireofar aon athruithe mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Táthar ag súil, faoi réir na gceaduithe sin, go bhfoilseofar an tAthbhreithniú deiridh thart ar dheireadh na bliana. Más rud é go bhfuil fós easpa Airí i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann, cuirfear an reachtaíocht ábhartha atá i bhfeidhm ag an am san áireamh chun faomhadh a bhreithniú ansin.
Nótaí
Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin
Bhí an tAthbhreithniú Iarnróid Uile-Oileáin comhchoimisiúnaithe ag an Roinn Iompair agus Roinn Bonneagair I dTuaisceart Éireann agus is é an chéad athbhreithniú uile-oileáin den chineál seo é. Beidh sé mar bhonn eolais d’infheistíocht san earnáil iarnróid sa dá dhlínse go dtí 2050, agus é mar aidhm aige tacú le dícharbónú na hearnála iompair i gcomhréir le gealltanais aeráidneodracha an dá rialtas.
Faomhadh an dréacht-athbhreithniú ar leibhéal oifigiúil i mí Aibreáin 2023 ag an ngrúpa stiúrtha a bhí ag maoirsiú na hoibre ar an athbhreithniú. Le cois an Roinn Iompair agus an Roinn Bonneagair, bhí ionadaithe ó Iarnród Éireann agus Translink ar an ngrúpa seo, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, agus an Coimisiún um Rialáil Iarnróid. Thug JASPERS, gníomhaireacht faoin mBanc Eorpach Infheistíochta, comhairle neamhspleách freisin le linn fhorbairt an Athbhreithnithe
Mar chuid den athbhreithniú, tugadh faoi chomhairliúchán poiblí idir Samhain 2021 agus Eanáir 2022 chun tuairimí a bhailiú maidir le ról an iarnróid agus na tosaíochtaí infheistíochta. Fuarthas níos mó ná 7,000 aighneacht mar chuid den phróiseas seo, rud a léirigh spéis an phobail i bhforbairt an chórais iarnróid. Bhí ionchur lárnach ag na freagraí seo sna dréachtmholtaí a forbraíodh.
Amlínte
Tá trí thréimhse i gceist le hamlínte agus cur i bhfeidhm an Athbhreithnithe: idirghabhálacha gearrthéarmacha le seachadadh faoi 2030, idirghabhálacha meántéarmacha le seachadadh idir 2030 agus 2040, agus idirghabhálacha fadtéarmacha le seachadadh idir 2040 agus 2050.
Breithníonn an t-athbhreithniú freisin an bhféadfaí gréasán iarnróid ardluais 300km san uair (186m san uair) a bheith mar rogha inmharthana ar an oileán. Fuarthas amach san anailís a rinneadh don athbhreithniú gur mhó go mór na buntáistí a bhainfeadh le seo a sheachadadh ná na costais.
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
Mar gheall ar an tionchar féideartha comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag infheistíocht i mbonneagar fisiciúil ar nós an iarnróid, rinneadh an t-athbhreithniú a scagadh isteach le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta agus Measúnú Riosca Straitéiseach i leith Tuilte faoi na rialacháin ábhartha náisiúnta agus Eorpacha. Mar sin, tá an comhairliúchán a seoladh inniu le Tuarascáil Comhshaoil, Ráiteas Tionchair Natura, Tuairisc ar an Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta agus Measúnú Riosca Straitéiseach i leith Tuilte. Foilsíodh freisin na páipéir chúlra agus na hanailísí éagsúla a bhí mar bhonn lena moltaí chun cabhrú le freagróirí a n-aighneachtaí a ullmhú, chomh maith leis an dréacht-tuarascáil ón athbhreithniú.
Is próiseas é Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an gcomhshaol a bhainfeadh le plean nó clár a chur i bhfeidhm sula ndéanfar cinneadh an plean nó an clár a ghlacadh.
Déanann Tuarascáil Comhshaoil den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta doiciméadú ar thimpeallacht bhonnlíne limistéar an phlean (Oileán na hÉireann ar fad) na héifeachtaí comhshaoil féideartha (lena n-áirítear éifeachtaí carnacha) a bhaineann le cur i bhfeidhm an Athbhreithnithe (le linn na céime tógála agus na céime oibríche araon) measúnú ar roghanna eile a breithníodh, agus bearta maolaithe agus monatóireachta molta.
Tá na moltaí sa dréacht-athbreithniú leagtha amach freisin sa Tuarascáil Comhshaoil den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus déantar iad a mheasúnú i gcoinne raon cuspóirí agus spriocanna timpeallachta bunaithe. Tá tionchar comhshaoil dearfach den chuid is mó tuartha mar thoradh ar sholáthar gréasán iarnróid níos éifeachtaí agus níos inrochtana a spreagfaidh ar deireadh aistriú córa iompair ó iompar príobháideach go poiblí.
Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta
Is éard is Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta ná measúnú ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag plean nó tionscadal (i gcomhcheangal le pleananna nó tionscadail eile) ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (suíomhanna Natura 2000) atá cosanta faoin Treoir maidir le Gnáthóga (92/43/EEC) agus faoin Treoir maidir le hÉin (2009/147/EC.
Ullmhaíodh Tuairisc ar an Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta agus Ráiteas Tionchair Natura chun a chinneadh an mbeadh drochthionchar suntasach ag feidhmiú an Athbhreithnithe ar shuíomhanna Natura 2000. Le cur i bhfeidhm na mbeart maolaithe cuí, ní mheastar go mbeidh aon drochthionchar suntasach ar shuíomhanna Natura 2000.
Measúnú Riosca Straitéiseach i leith Tuilte
Rinneadh Measúnú Riosca Straitéiseach i leith Tuilte ar an ngréasán iarnróid atá ann cheana féin chun leochaileacht an ghréasáin i leith tuilte a fhiosrú. Tuairiscítear sa tuarascáil seo go bhfuil píosaí den ghréasán reatha atá i mbaol tuilte abhann, taoide, báistiúil agus screamhuisce. Moltar go ndéanfaí measúnuithe breise ag an gcéim phleanála ar aon tionscadal a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Athbhreithnithe, a bhaineann leis an ngréasán iarnróid reatha nó leis an mbonneagar iarnróid a bheartaítear amach anseo
Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí a thabhairt chun críche agus an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche ina dhiaidh sin, táthar ag súil go bhfoilseofar an t-athbhreithniú deiridh roimh dheireadh na bliana.