Preas Ráiteas do Sheoladh an Chomhairliúcháin Poiblí don Choinbhinsiún maidir le hObair in Iascaireacht
- Foilsithe: 21 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá comhairliúchán poiblí seolta inniu ag an Aire Stáit ag an Roinn Iompair le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney, ar mholtaí chun an Coinbhinsiún maidir le hObair in Iascaireacht a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm i ndlí na hÉireann.
Aontaíodh leis an gCoinbhinsiún maidir le hObair in Iascaireacht ag an gComhdháil Lucht Saothair Idirnáisiúnta i 2007 agus leagtar amach ann na bunriachtanais i leith oibre ar árthacha iascaireachta, coinníollacha seirbhíse, beatha agus lóistín, cosaint i dtaca le sábháilteacht agus sláinte cheirde, cúram leighis agus slándáil shóisialach.
Chuir Éire an chuid is mó den Choinbhinsiún i bhfeidhm le Treoir an AE 2017/159 a thrashuíomh i 2020, ach ní bhaineann an Trashuíomh sin le hiascairí a íoctar ar bhonn sciar den ghabháil a fháil (iascairí sciar), nó le hárthacha iascaireachta níos lú ná 15 méadar ar fad in iomlán. Chomh maith leis sin, leis an Treoir ní dhéantar foráil deimhniú um chomhlíonadh a eisiúint, rud a dhéanann an Coinbhinsiún, rud a aithneofar go hidirnáisiúnta.
Le comhairliúchán poiblí, tá an Roinn Iompair anois ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara maidir le daingniú an Choinbhinsiúin agus a thionchar ar earnáil iascaireachta na hÉireann, go háirithe an tionchar ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide. Déanfar measúnú ar na freagraí mar chuid d’aon mholtaí reachtúla a bheidh ann amach anseo chun an Coinbhinsiún a dhaingniú.
Agus an comhairliúchán á sheoladh, dúirt an tAire Canney:
“Is comhaontú tábhachtach idirnáisiúnta é an Coinbhinsiún maidir le hObair in Iascaireacht a chinntíonn dálaí oibre cuibhiúla san earnáil. Cé go bhfuil cuid mhór den Choinbhinsiún i bhfeidhm in Éirinn ó 2020 d’árthacha iascaireachta níos mó, teastaíonn uaim a chinntiú go bhfuil an leibhéal céanna cosanta i bhfeidhm ar fud na hearnála iascaireachta. Mar sin, molaim d’iascairí, úinéirí árthaigh iascaireachta agus oibritheoirí agus d’éinne a bhfuil suim aige/aici in earnáil na hiascaireachta, páirt a ghlacadh tríd an doiciméad comhairliúcháin a léamh agus a c(h)uid tuairimí i dtaca leis na moltaí atá ann a sheoladh chugainn. Leis na haighneachtaí a fhaighimid, tabharfar cabhair dúinn an tionchar a bheidh ag an daingniú ar an earnáil a thuiscint, agus úsáidfear é chun reachtaíocht sa réimse seo a fhorbairt.”
Chun fáil amach conas páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí, féach an doiciméad comhairliúcháin atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair i mBéarla agus i nGaeilge anseo:
gov.ie - Consultation on Ratification and Implementation of the Work in Fishing Convention, 2007
Item was unpublished or removed
Fógraíodh an comhairliúchán freisin i bhFógra Muirí Uimhir 12 de 2025.