Síneadh le Táille an Chárta Aosaigh Óig i bhfeidhm anois, rud a fhágann gur féidir le haosaigh óga atá 24 agus 25 bliain d’aois taisteal ar leathphraghas
- Foilsithe: 11 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan inniu go bhfuil an síneadh le táillí d’aosaigh óga i bhfeidhm anois, rud a fhágann gur féidir le daoine atá 24 agus 25 bliain d’aois lascaine 50% a fháil ar tháillí iompair phoiblí chomh maith.
Ciallaíonn an síneadh is déanaí seo gur féidir leo siúd atá idir 18 agus 25 bliain d’aois agus le mic léinn lánaimseartha tríú leibhéal atá 16 bliana d’aois agus os a chionn taisteal ar leathphraghas ar gach seirbhís PSO agus ar sheirbhísí rannpháirteacha de chuid oibreoirí bus tráchtála, rud a fhágann go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha san Eoraip ina bhfaigheann daoine óga an margadh is fearr ó thaobh táillí iompair phoiblí de.
Ag labhairt dó faoi fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan:
“Dea-scéala amach is amach é seo dóibh siúd atá 24 agus 25 bliain d’aois, daoine atá anois in ann leas a bhaint as táillí iompair phoiblí ar leathphraghas ar gach seirbhís PSO agus ar sheirbhísí tráchtála rannpháirteacha. Tá méadú ollmhór ag teacht ar líon na bpaisinéirí ar sheirbhísí iompair phoiblí. Is iad daoine óga thar aon dream eile atá taobh thiar den mhéadú sin agus úsáideann siad busanna agus traenacha lena mbealach a dhéanamh chuig an gcoláiste, chuig cúrsaí oiliúint, chuig saoráidí spóirt nó le bualadh le cairde sa bhaile áitiúil. Fágann an síneadh seo go mbeidh daoine óga atá ag cur tús lena saol oibre in ann leas a bhaint as taisteal ar chostas níos ísle chomh maith.”
“Tá tionscnaimh táillí amhail an Cárta Aosaigh Óig sínte seo, an Cárta Leap Mic Léinn, an táille 90 nóiméad, agus an laghdú 20% ar an meán ar tháillí do dhaoine fásta ar sheirbhísí PSO, tá siad ag déanamh difríocht shuntasach – ní hamháin do chostais taistil an duine aonair, ach ar son ár n-uaillmhéine comhchoitinne le hastaíochtaí carbóin iompair a laghdú agus le brú tráchta a laghdú i gcathracha agus i mbailte sa tír chomh maith.”
Dúirt Anne Graham, Príomhfheidhmeannach an tÚdarás Náisiúnta Iompair: “Ciallaíonn leathnú an Chárta Leap d’aosach óg go bhfuil cohórt nua daoine fásta incháilithe iarratas a dhéanamh ar thaisteal níos saoire ar iompar poiblí go dtí a 26ú breithlá.”
“Déanfaidh an fhorbairt seo iompar poiblí níos inrochtana dóibh siúd atá idir 19 agus 25 bliana d’aois nó do mhic léinn in oideachas tríú leibhéal.”
Tá an Rialtas ag caitheamh an-dúthracht leis an soláthar seirbhísí iompair phoiblí a fheabhsú agus a leathnú ar fud na tíre. Tagann na lascainí seo de bhreis ar laghdú 20% ar na táillí do gach duine a úsáideann iompar poiblí, mar aon le hinfheistíocht shuntasach i bhforbairtí nua iompair phoiblí trí thionscadail amhail BusConnects agus uasghráduithe ar chóras DART. Tá roghanna iompair inbhuanaithe á bhfeabhsú ar fud pobail tuaithe agus seoladh 62 seirbhís bus nua agus feabhsaithe in 2023 – ní ba mhó ná seirbhís amháin in aghaidh na seachtaine. Mar thoradh ar na forbairtí spreagúla seo beidh tuilleadh tacaíochta fós dóibh siúd a thugann droim láimhe don charr agus a dhéanann a gcion féin le hastaíochtaí iompair na hÉireann a laghdú.
Tá ag éirí go maith leis na comhthionscnaimh iompair seo líon na bpaisinéirí a mhéadú go suntasach. Tá méadú thart ar 15% tagtha ar líon na bpaisinéirí bus ar an iomlán i gcomparáid le 2022, gan trácht ar mhéadú nach mór 106% ar líon na bpaisinéirí ar sheirbhísí tuaithe Éire á Nascadh.
Nótaí don Eagarthóir
Sheol an tAire Iompair Eamon Ryan agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair an laghdú 50% ar tháillí iompair phoiblí do dhaoine óga idir 19 agus 23 bliain d’aois mar chuid de Cháinaisnéis 2022. Leathnaíodh an scéim ansin i mí Mheán Fómhair 2022 le hearnáil na mbusanna tráchtála a chur san áireamh, agus leathnaíodh arís í i mí Dheireadh Fómhair 2022 le mic léinn tríú leibhéal idir 16 agus 18 mbliana d’aois a chur san áireamh.
Baineann na táillí ísle le gach turas iompair phoiblí fóirdheonaithe ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, Iarnród Éireann, Bhus Éireann, Luas, Go-Ahead, Nasc Áitiúil TFI, mar aon le seirbhísí bus tráchtála rannpháirteacha. Rachaidh na hathruithe is déanaí seo chun sochair dóibh siúd atá 24 agus 25 bliain d’aois, a bheidh anois in ann leas a bhaint as na bearta coigilte tábhachtacha seo nuair a úsáideann siad iompar poiblí.