Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile ag déanamh tairbhe do phobal uile na hÉireann
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2025
Chuir na hAirí Iompair fáilte roimh thorthaí dearfacha an Chláir Bealaí Sábháilte chun na Scoile (SRTS). Léirítear an méid seo a leanas sa Tuarascáil Bhliantúil 2024 a foilsíodh le déanaí:
- Tá 412 scoil páirteach sa chlár faoi láthair
- tá beagnach 15% de na scoileanna a rinne iarratas ar an gclár lonnaithe ar ‘bhóithre tuaithe ardluais’, áit a raibh teorainneacha luais 80 km/u nó 100 km/u i bhfeidhm
- tuairiscíonn scoileanna sa chlár laghdú 17 % ar thurais chuig an scoil i gcarr, le daltaí ag casadh ar an siúl, rothaíocht, scútáil, ‘páirceáil agus siúil’, nó iompar poiblí in ionad carranna.
“Is sampla iontach é an clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile den chaoi ar féidir le tionscadail bheaga áitiúla difríocht mhór a dhéanamh. Nuair a thugtar tacaíocht do dhaltaí siúl, rothaíocht, scútáil nó iompar poiblí a thógáil chuig an scoil, téann sé chun tairbhe don phobal ar fad mar bíonn na bealaí chun na scoile níos sábháilte, agus maolaítear plódú tráchta áitiúil . Léirítear sa tuarascáil seo freisin go bhfuil buntáistí móra ag baint leis seo do na daltaí féin, agus tuairiscíonn múinteoirí go dtagann siad ar scoil níos airdeallaí agus réidh le foghlaim. Comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach ann.”
An tAire Iompair Darragh O’Brien
“Tá ríméad orm an toradh ar an gclár Bealaí Sábháilte chun na Scoile a fheiceáil. Tá áthas ar leith orm an oiread sin éilimh agus an oiread sin tionscadal rathúil a fheiceáil i scoileanna atá suite ar bhóithre tuaithe ardluais. Is minic a bhíonn daltaí i gceantair thuaithe ina gcónaí gar go leor dá scoileanna, ach is dúshlán mór dóibh siúl, scútáil nó rothaíocht mar gheall ar an easpa bonneagair. Tugann an clár seo aghaidh ar na dúshláin sin agus tugann sé roghanna taistil níos sábháilte agus níos sláintiúla do scoláirí.”
An tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Idirnáisiúnta agus Iompar ar Bhóthar, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt Séan Canney
“Is breá liom a chloisteáil ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí go bhfuil an clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile ag déanamh difríocht chomh mór sin dóibh, trí thaisteal gníomhach a spreagadh i measc daoine óga agus trí scoileanna a dhéanamh níos inrochtana. Tá an dá chéim sin thar a bheith tábhachtach, dár n-aeráid agus dár bpobal.”
An tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le hIompar Tuaithe Jerry Buttimer
Seoladh Clár SRTS i mí an Mhárta 2021 chun tacú le siúl, scútáil agus rothaíocht chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, chun brú tráchta a mhaolú agus chun sláinte a fheabhsú. Cruthaíonn an clár seo bealaí siúil agus rothaíochta atá níos sábháilte sa phobal, trí thionscadail bheaga agus mhórscála a mhaoiniú:
• Cóireálacha ‘tosaigh na scoile’ a sholáthair chun go mbeidh fáil níos éasca ar láthair na scoile;
• dlús a chur le seachadadh bonneagair siúil, rothaíochta agus rothaithe ar phríomhbhealaí chun na scoile;
• an méid páirceála rothaíochta agus scútair atá ar fáil i scoileanna a leathnú.
Tugadh cuireadh do gach bunscoil agus meánscoil spéis a léiriú sa chlár, agus rinne thart ar an gceathrú cuid de na scoileanna ar fad sa tír amhlaidh. Is é an chaoi a oibríonn an clár SRTS ná go dtógtar gach scoil a rinne iarratas ar an gclár ar an gcéad dul síos isteach sa chlár ar bhonn rollach agus nach mbeidh aon ghá le hiarratas a dhéanamh arís.
Cé nach bhfuil aon phleananna ann faoi láthair le haghaidh glao breise ar an gclár, tá maoiniú do bhonneagar Taistil Ghníomhaigh ar fáil do scoileanna ar bhealaí eile. Go deimhin, tá sé mar fheidhm ag maoiniú uile Taistil Ghníomhaigh na Roinne Iompair na naisc scoile a fheabhsú nuair is féidir. I gcásanna áirithe, cuirtear scoileanna atá lasmuigh de Chlár SRTS san áireamh i dtionscadail Taistil Ghníomhaigh níos leithne má tá siad i gcóngar na n-oibreacha sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun féachaint ar an Tuarascáil Bhliantúil, téigh go www.saferoutestoschool.ie nó