Seolann an Roinn Iompair feachtas ‘Your Journey Matters’ & léiríonn taighde go dtacaíonn an pobal le hiarracht astuithe a laghdú
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Léiríonn taighde nua, a rinne Red C agus a choimisiúnaigh an Roinn Iompair, go n-aontaíonn 77% de mhuintir na hÉireann go bhfuil sé tábhachtach dul de shiúl na gcos, ar an rothar nó ar an gcóras iompair phoiblí ó thaobh tionchar ar an gcomhshaol de agus go bhfuil 60% díobh sásta an chaoi a dtaistealaíonn siad féin a athrú. Tugann na torthaí le fios freisin go rachadh 73% de thiománaithe agus paisinéirí cairr de shiúl na gcos, ar an rothar nó ar an gcóras iompair phoiblí le haghaidh turais ghearra níos lú ná 2 chiliméadar, a ndéantar a bhformhór i gcarr príobháideach faoi láthair.
Tá an taighde ina chuid den fheachtas fógraíochta ilardán nua de chuid na Roinne Iompair, ‘Tá Tábhacht le do Thuras’, arb aidhm leis cuntas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an rialtas ag infheistiú san iompar, chomh maith le daoine a spreagadh chun smaoineamh faoina dturas agus faoi na hathruithe a d’fhéadfaidís a dhéanamh chun astaíochtaí carbóin a laghdú. Léiríonn taighde de chuid Red C freisin go n-aontaíonn 72% cheana féin gur féidir le gach rogha turais difríocht a dhéanamh chun astaíochtaí carbóin a laghdú, agus tá an feachtas seo ag iarraidh níos mó daoine fós a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann lena roghanna taistil féin.
I mbliana tá €1.9 billiún á infheistiú ag an Rialtas i roghanna taistil níos glaise, níos glaine, amhail iompar poiblí, bonneagar siúil agus rothaíochta, agus cláir laghdaithe carbóin, d’fhonn tacú le daoine droim láimhe a thabhairt don charr am ar bith is féidir é. Gach lá in 2023 tá €1 mhilliún á chaitheamh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta d’fhonn bealaí sábháilte agus naisc inbhuanaithe a chruthú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann.
Léiríonn an taighde is déanaí seo de chuid Red C go n-aontaíonn sciar suntasach de thuismitheoirí/chaomhnóirí go mbeidh a leanaí ag dul de shiúl na gcos (45%), ar rothar (31%), nó ar sheirbhísí iompair phoiblí (24%) níos minice sna sé mhí amach romhainn. Is dócha freisin dá fheabhas na seirbhísí iompair phoiblí is ea is mó muinín a bheidh ag an bpobal astu, rud a spreagfaidh tiománaithe agus paisinéirí cairr gearradh siar ar an gcarr tuilleadh. Ar an ábhar sin, d’aontaigh 67% de na tiománaithe go mbeidís sásta é sin a dhéanamh de réir mar a chuirfidh siad níos mó muiníne sna seirbhísí iompair phoiblí.
Léiríonn taighde eile a rinneadh in Éirinn go bhféadfaí astaíochtaí carbóin agus brú tráchta ar bhóithre na hÉireann a laghdú go suntasach dá bhféadfaí daoine a spreagadh le dul de shúil na gcos, ar rothar nó ar sheirbhís iompair phoiblí in ionad an chairr. Seo a leanas sampla de na fíricí atá déanta amach ag Grúpa Beartais agus Samhaltaithe Fuinnimh Ionad MaREI, an Institiúid um Thaighde Comhshaoil, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh:
• Sábháiltear 200kg de CO2 gach bliain má dhéanann leanaí a mbealach chun na scoile de shiúl na gcos, ar rothar nó ar scútar in ionad turas 4km a dhéanamh sa charr
• Baintear 90 carr de bhóithre na hÉireann agus sábháiltear 1.6 tona de CO2 mar gheall ar gach traein idirchathrach a théann idir Cathair Chorcaí agus Cathair Bhaile Átha Cliath, méid is ionann agus 800 múchtóir tine CO2
• Baintear 16 charr de bhóithre na príomhchathrach mar gheall ar gach bus dhá urlár i mBaile Átha Cliath
• Dá rachfaí ar rothar seachas i gcarr le haghaidh gach turas faoi bhun 4km, d’fhéadfaí na hastaíochtaí náisiúnta ón iompar paisinéirí a laghdú 9%
Tá muintir na hÉireann ag dul a mbealaigh féin cheana le taobh tíortha eile san Eoraip. Léiríonn na figiúirí is déanaí maidir leis an iompar poiblí sa tír go bhfuil líon na bpaisinéirí ag teacht ar ais tar éis na paindéime i bhfad níos tapúla in Éirinn ná mar atá i gcuid mhaith tíortha eile san Eoraip. Anuraidh, rinneadh beagnach 250 milliún turas paisinéirí tríd an ngréasán iompair (iarnród agus bus) agus tá líon na bpaisinéirí i mBaile Átha Cliath anois 10% níos airde ná na leibhéil a bhí ann sular tháinig COVID-19 ar an bhfód. Is mó an t-údar misnigh faoin tuath, áit a bhfuil, ar an meán, bealach bus nua nó feabhsaithe amháin ag dul i mbun oibre gach uile sheachtain. Tháinig méadú 82% ar líon na mbusanna Nasc Áitiúil in R2 2023 i gcomparáid le 2022, cuir i gcás.
Ó laghdaigh an Rialtas na táillí 20% do chách agus 50% do dhaoine óga i mí na Bealtaine 2022, tá 240,000 duine óg sa bhreis ag baint tairbhe as an gcóras iompair phoiblí gach lá. In aon bhliain amháin rinneadh iarratas ar 142,000 Cárta d’Aosaigh Óga agus 98,000 Cárta Mic Léinn, a thugann an sealbhóir táillí ar leathphraghas.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Iompair, Eamon Ryan: “Is éard is bun agus barr an fheachtais seo ná daoine a chur ar an eolas faoi na feabhsuithe atá á ndéanamh againn ar an gcóras iompair phoiblí agus ar sheirbhísí taistil ghníomhaigh, agus faoi na roghanna atá acu go háitiúil. A luaithe a bheidh an t-eolas sin acu faoi na seirbhísí atá ar fáil, agus a bheidh go luath, táimid ag iarraidh orthu machnamh a dhéanamh in athuair ar na turais a dhéanann siad agus ar cibé acu an bhféadfaidís leas a bhaint as na seirbhísí sin le cabhrú linn ár n-astaíochtaí iompair a laghdú.
“Tá infheistíocht a dhéanamh san iompar poiblí agus sa taisteal gníomhach ar cheann de phríomhthosaíochtaí an rialtais seo. Gach seachtain seolaimid seirbhís bus nua nó fheabhsaithe, agus cuireadh 110,000 ciliméadar de sheirbhísí ar fáil do cheantair thuaithe in Éirinn sa bhliain 2022 amháin. Cúpla seachtain ó shin bhí mé i gCeatharlach leis an gcéad seirbhís bus riamh sa bhaile a sheoladh, agus beidh seirbhísí baile eile ag dul i mbun oibre sna míonna amach romhainn. D’fhógraíomar roinnt míonna ó shin go mbeadh Cártaí Leap ar fáil in oifigí poist ar fud na tíre uaidh sin amach, rud a chinntíonn gur féidir le níos mó daoine leas a bhaint as na táillí is fearr dá bhfuil ar fáil, bídís i gcathair mhór nó i mbaile beag. Is mór an tógáil croí é go bhfuil líon na bpaisinéirí ag dul i méid, leis, rud a thugann le fios dúinn go mbainfidh daoine leas as na seirbhísí ach iad a bheith ar fáil.”
Arsa an tAire Stáit Jack Chambers: “Leanaimid orainn ag cur lenár ngréasán iompair trí chláir ar nós Bealaí Sábháilte chun na Scoile, clár a thacaíonn le bonneagar siúil agus rothaíochta do phobail scoile. Tá bealaí nua agus seirbhísí feabhsaithe á dtabhairt chuig ceantair uirbeacha agus thuaithe ar fud na tíre cheana féin mar thoradh ar thionscnaimh iompair phoiblí eile ar nós BusConnects agus Éire á Nascadh. Agus infheistíocht an Rialtais ag tacú le daoine roghanna iompair níos inbhuanaithe a dhéanamh, meabhraíonn an feachtas ‘Tá Tábhacht le do Thuras’ don phobal gur beag an ní nach cuidiú é.”
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhfuil tábhacht le do thuras agus faoina bhfuil á dhéanamh ag an Rialtas chun tacú leat aistriú chuig modhanna taistil inbhuanaithe, téigh chuig Item was unpublished or removed.
Nótaí don Eagarthóir
Tugtar gealltanas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide astaíochtaí iompair a laghdú 50% faoi 2030. Áirítear leis sin:
• An t-achar iomlán a thiomáintear thar gach turas cairr a laghdú 20%;
• 50% dár dturais a bheith de shiúl na gcos, ar rothar nó ar sheirbhís iompair phoiblí;
• Feithicil leictreach a bheith i gceann amháin de gach 3 charr phríobháideacha;
• Cur le líonraí siúl agus rothaíochta;
• Fáil a bheith ag 70% de na daoine i gceantair thuaithe ar bhusanna a théann chuig an mbaile áitiúil ar a laghad 3 huaire gach lá faoi 2030.
Baineadh amach na nithe seo a leanas in 2022 faoi Éire a Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe:
• 38 bealach nua agus feabhsaithe, a nascann le seirbhísí réigiúnacha bus agus iarnróid
• Taifeadadh 760,000 turas paisinéirí ar bhealaí Éire á Nascadh
• Cuireadh seirbhísí bus nua agus feabhsaithe ar fáil do os cionn ceathrú milliúin duine
• Rinneadh 50 nasc nua le bailte agus sráidbhailte ar fud na tuaithe in Éirinn
• 19 nasc nua le príomhionaid leighis agus oideachais
An flít busanna a leictriú
• Tá 421 bus leictreach le dul i mbun seirbhíse ar fud na tíre as seo go ceann 24 mí. Cuirfidh siad seirbhís níos ciúine, níos glaine ar fáil, a bheidh níos compordaí do phaisinéirí.
Leictriú na mBusanna i mBaile Átha Luain
• Is i mBaile Átha Luain atá an chéad seirbhís lánleictreach bus in Éirinn, a seoladh i mí Eanáir 2023 tar éis infheistíocht €10 milliún ón Rialtas.
• Cuireann busanna an bhaile níos mó ná 540,000 km díobh gach bliain agus éascaíonn níos mó ná 10,000 turas paisinéirí gach seachtain.
• Ó seoladh an tionscadal i mí Eanáir 2023, tá os cionn 140,000 km saor ó astaíochtaí taistealta ag an 11 bhus leictreach.
Bealaí Sábháilte Siúil agus Rothaíochta
• Gach lá in 2023 tá €1 mhilliún á chaitheamh ar bhonneagar siúil agus rothaíochta d’fhonn bealaí sábháilte agus naisc inbhuanaithe a chruthú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann.
• Áirítear leis sin €60 milliún in aghaidh na bliana do Ghlasbhealaí. Táthar ag súil go gcuirfear 88km de Ghlasbhealach ar fáil in 2023.
• Ó 2020 i leith tá na céadta ciliméadar de bhonneagar siúil agus rothaíochta, idir nua agus fheabhsaithe, curtha ar fáil ar fud na tíre. Faoi 2025, beidh thart ar 1,000 km san iomlán curtha ar fáil againn.
• Is é is aidhm leis an gClár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile ná bonneagar sábháilte siúil, scútála agus rothaíochta a chur ar fáil ar na príomhbhealaí chuig scoileanna, mar aon le cóireálacha éadanais scoile agus páirceáil rothar a chur ar fáil. Tá 275 scoil páirteach sa chlár anois ag leibhéil éagsúla.