Seolann an tAire Stáit Chambers Comhairliúchán Poiblí chun eolas a thabhairt d’Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnacha
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Seolann an tAire Stáit Chambers Comhairliúchán Poiblí chun eolas a thabhairt d’Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnacha
Sheol an tAire Stáit, Jack Chambers, comhairliúchán poiblí inniu chun eolas a thabhairt d’Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach 2021-2025.
Tacaíonn an Clár seo leis na haerfoirt is lú in Éirinn, na haerfoirt sin a oibríonn seirbhísí sceidealaithe agus a láimhseálann níos lú ná 1 milliún paisinéir in aghaidh na bliana (ar an meán sa dá bhliain roimhe sin). Cé go ndírítear sa Chlár ar mhaoiniú ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil, tacaíonn an Clár seo freisin le tionscadail a bhfuil fócas inbhuanaithe orthu, ag spreagadh aerfoirt chun astuithe a laghdú agus athléimneacht aeráide a thógáil. Tá seirbhísí aeir na hOibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO) idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath tacaithe faoin gClár freisin.
Geallann an Clár athbhreithniú meántéarmach a dhéanamh ar thacaíochtaí oibríochtúla in 2023 agus tá sé go mbeidh an comhairliúchán poiblí mar bhonn eolais dó. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí an t-athbhreithniú meántéarmach seo a threorú. Samhlaítear freisin go gcuideoidh aighneachtaí a gheofar mar chuid den phróiseas comhairliúcháin le forbairt beartais ar bhearta tacaíochta atá oiriúnach agus cost-éifeachtúil amach anseo d’aerfoirt réigiúnacha na hÉireann, lena n-áirítear forbairt clár amach anseo.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Chambers: “Choimeád an Rialtas tiomantas láidir don earnáil eitlíochta le blianta beaga anuas. Aithníonn an Rialtas an ról tábhachtach atá ag aerfoirt réigiúnacha chun tacú le nascacht réigiúnach agus mar phointí rochtana don turasóireacht agus don ghnó araon. Agus é seo san áireamh, tá sé tábhachtach go bhfuil maoiniú Státchiste á chur i bhfeidhm ar an mbealach is oiriúnaí agus is costéifeachtaí”.
Breithneoidh an t-athbhreithniú meántéarmach conas atá an Clár ag seachadadh a chuspóirí faoi láthair, go príomha i gcomhthéacs an chaoi ar féidir nascacht agus seirbhísí idirnáisiúnta, chuig agus ó na réigiúin a chothabháil agus a fheabhsú, agus iniúchadh á dhéanamh freisin ar an gcaoi a bhfuiltear ag tacú le forbairt réigiúnach chothromaithe.
Tá deis ag geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara freagra a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh i bPáipéar Comhairliúcháin Phoiblí 2023 chomh maith le haon saincheisteanna ábhartha eile a chur chun cinn lena mbreithniú.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 16 Meitheamh ag 6pm.
Tá tuilleadh sonraí faoin gcomhairliúchán seo, lena n-áirítear rochtain ar an bPáipéar Comhairliúcháin Phoiblí agus ar an gceistneoir ar líne, ar fáil ar an Láithreán Gréasáin: https://www.gov.ie/ga/eagraiocht/an-roinn-iompair/