English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Torthaí ón Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach á bhfógairt ag an Aire Lawless inniu le linn cuairt ar Aerfort na Sionainne

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 16 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá na torthaí ardleibhéil ón Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach, 2021-2025, fógartha ag an Aire Stáit nuacheaptha sa Roinn Iompair, James Lawless. Rinne sé an fógra agus é ar cuairt ar Aerfort na Sionainne mar chuid dá fhreagracht aireachta as an eitlíocht.

Thug an Roinn Iompair faoi chomhairliúchán poiblí in 2023 le bonn eolais a chur faoi athbhreithniú meántéarma ar an gClár trína dtugtar tacaíocht faoi láthair d’Aerfort Iarthar Éireann, Aerfort Chiarraí agus Aerfort Dhún na nGall. Fuarthas amach san athbhreithniú go bhfuil cuspóirí an Chláir á mbaint amach agus go bhfuil an Clár féin i gcomhréir le Beartas Náisiúnta Eitlíochta na hÉireann.

Agus é mar chuspóir ann leas a bhaint as na haerfoirt réigiúnacha le nascacht na hÉireann a fheabhsú, aithnítear san athbhreithniú go bhfuil an maoiniú Státchiste a thugtar d’aerfoirt réigiúnacha agus trínar dtugtar tacaíocht do sheirbhísí aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath faoin Oibleagáid Seirbhíse Poiblí tar éis tacú leis an nascacht. Tá nascacht mhaith bunaithe ag Éirinn trí na cúig aerfort réigiúnacha anseo leis an Ríocht Aontaithe, leis an Eoraip agus leis na Stáit Aontaithe. Tháinig méadú 9% ar an trácht paisinéirí iomlán sna haerfoirt réigiúnacha ar fad anuraidh i gcomparáid le 2019 (an tréimhse inchomparáide dheireanach atá ann roimh aimsir COVID-19).

Aithnítear san athbhreithniú, áfach, go bhféadfaí an scéal a chíoradh a thuilleadh le go bhféadfadh an Clár tacaíocht níos fearr a thabhairt ó thaobh nascachta agus forbairt réigiúnach de. Is iad na torthaí ardleibhéil atá á bhfógairt:

Bearta Láithreacha

  • Clár Inbhuanaitheachta nua um na hAerfoirt Réigiúnacha Stáit a fhorbairt agus buiséad caipitil €4.225m ann chun tacú leis na pleananna inbhuanaitheachta in Aerfort Chorcaí agus Aerfort na Sionainne.
  • Cur le raon feidhme na dtionscadal inbhuanaitheachta atá á maoiniú faoi Chlár na nAerfort Réigiúnach, 2021-2025, chun tacú le tionscadail a bhaineann leis an táirgeadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, feirmeacha grianfhuinnimh fótavoltachais mar shampla.

Bearta atá le glacadh sula mbíonn aon Chlár Aerfort Réigiúnach eile ann (i ndiaidh 2025)

  • Plé a dhéanamh faoinar chóir síneadh sealadach a chur le tacaíochtaí, ar bhonn íoschéimnithe de réir a chéile, i gcás aerfoirt ina meastar go mbeidh fás go leibhéal níos airde ná milliún paisinéir faoi aon chlár amach anseo (le nach dtiocfaidh athrú tobann ar thacaíochtaí má dhéantar an tairseach incháilitheachta reatha a shárú, is é sin milliún paisinéir).
  • Beartas a phlé lena chur in oiriúint ar shlí níos fearr don chuspóir atá i dTionscadal Éireann 2040 an fhorbairt chothrom réigiúnach a chur chun cinn, an plé sin bunaithe ar anailís mhionsonraithe i dtaobh raon feidhme na hincháilitheachta don Chlár a leathnú le haerfoirt a mbíonn níos mó ná milliún paisinéir sa bhliain iontu a chur san áireamh.
  • Próiseas comhairliúcháin a dhéanamh le páirtithe leasmhara cuí le plé a dhéanamh an bhféadfaí Scéim Cúnaimh Tionscnaimh d’aerlínte a chur le chéile chun tacú leis an bhforás ar bhealaí straitéiseacha chuig na réigiúin agus ar shiúl uathu.

Agus é ag labhairt in Aerfort na Sionainne, seo an méid a dúirt an tAire Lawless:

“Cúis sásaimh dom go bhfuil mé anseo inniu leis na torthaí ardleibhéil ón Athbhreithniú Meántéarma ar Chlár na nAerfort Réigiúnach, 2021-2025, a fhógairt. Bhí an t-athbhreithniú seo dírithe go formhór ar an dul chun cinn ar an gClár go dtí seo. Mar sin féin, tá seans ann go mbeidh na moltaí agus na gníomhartha beartaithe ón athbhreithniú – na bearta ardleibhéil atá á bhfógairt inniu ina measc – ina gcuidiú le beartas a fhorbairt i dtaca le bearta tacaíochta cuí amach anseo a bheadh éifeachtúil ó thaobh costas de le haghaidh aerfoirt réigiúnacha in Éirinn, aon Chlár a fhorbrófar amach anseo san áireamh.”

Rinneadh plé san athbhreithniú meántéarma chomh maith ar raon feidhme an Chláir a fhairsingiú le go gcuirfí san áireamh ann aerfoirt réigiúnacha a mbíonn níos mó ná milliún paisinéir sa bhliain iontu.

Arsa an tAire Lawless chomh maith:

“Aithním go bhfuil dúshláin airgeadais le sárú ag aerfoirt réigiúnacha lena gcuid spriocanna chun carbón a laghdú a bhaint amach faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Ós rud é gur tábhachtach don Rialtas go mbeidh aerfoirt in ann a spriocanna a bhaint amach chun hastaíochtaí carbóin a laghdú le go mbeidh cosaint acu ar thionchar an athraithe aeráide, tá lúcháir orm Clár Inbhuanaitheachta nua um Aerfoirt Réigiúnacha Stáit a fhógairt inniu. Tá buiséad timpeall €4m ann faoin gClár seo, clár atá ag teacht leis na cuspóirí inbhuanaitheachta i gClár na nAerfort Réigiúnach toisc go bhfuil tacaíocht ann don infheistíocht chaipitiúil in Aerfort na Sionainne agus Aerfort Chorcaí. Leis an infheistíocht seo, táthar ag cur leis an €5.6m de mhaoiniú caipitil a fógraíodh d’Aerfort Iarthar na hÉireann, Aerfort Chiarraí agus Aerfort Dhún na nGall ar an 25 Aibreán. Déanfar timpeall €4m de thacaíochtaí breise oibriúcháin a leithdháileadh ar na trí aerfort sin níos moille i mbliana.

Arsa an tAire Lawless ar deireadh:

“Léiriú é an leibhéal tacaíochta spriocdhírithe seo ar a thábhachtaí atá na haerfoirt réigiúnacha atá againn don Rialtas. Tá ár mBeartas Náisiúnta Eitlíochta deartha le timpeallacht a fhorbairt ina spreagfar an earnáil le nascacht na hÉireann a fheabhsú le go gcuirfidh earnáil na heitlíochta oiread agus is féidir le fás agus forbairt inbhuanaithe an gheilleagair in Éirinn.

“Tá áthas orm fás leanúnach a fheiceáil ar an nascacht sna haerfoirt réigiúnacha go léir i mbliana, agus méadú 9% tagtha ar an trácht paisinéirí go deireadh mhí an Mheithimh i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Agus é mar aidhm againn an nascacht réigiúnach a fheabhsú níos mó arís, tá iarrtha agam ar an Roinn próiseas comhairliúcháin a dhéanamh le páirtithe leasmhara cuí chun plé a dhéanamh an bhféadfaí Scéim Cúnaimh Tionscnaimh d’aerlínte a chur le chéile chun tacú leis an bhforás ar bhealaí straitéiseacha chuig na réigiúin agus ar shiúl uathu.”