Tuairiscithe ag an Aire go bhfuil an-dul chun cinn déanta ó thaobh iompar inbhuanaithe de
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 30 Lúnasa 2024
D’fhoilsigh an tAire Iompair Eamon Ryan an dara tuarascáil bhliantúil dul chun cinn ar chur chun feidhme an Bheartais Náisiúnta um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus an Phlean Gníomhaíochta, 2022-2025, a ghabhann leis.
Tugtar achoimre sa tuarascáil ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ó seoladh an beartas in 2022. Leagtar béim ar na rudaí ba mhó a baineadh amach sa dara bliain de chur chun feidhme an bheartais, lena n-áirítear:
- Éire á Nascadh – An Plean Soghluaisteachta Tuaithe, atá á chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach go fóill. Tháinig méadú 78% bliain ar bhliain ar líon na bpaisinéirí go 3.2 milliún in 2023.
- Clár á chur chun feidhme i gcónaí le seirbhísí bus baile a fheabhsú, agus seirbhísí nua curtha ar fáil i gCeatharlach agus i gCluain Meala agus pleanáil ar siúl le haghaidh seirbhísí in Inis, Leitir Ceanainn, an Muileann gCearr agus Port Laoise.
- Foilsiú an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile-Oileáin, mar aon le tuilleadh leathnaithe ar an bhflít iarnróid agus tuilleadh dul chun cinn ar Chlár DART+. Cuireadh an t-ordú iarnróid (cosúil le hiarratas pleanála) maidir le DART+ an Chósta Thuaidh faoi bhráid an Bhoird Pleanála i mí Iúil 2024, agus thug an Bord cead do Líne Thiar DART+ sa mhí chéanna.
- Infheistíocht breis is €290 milliún i dtionscadail siúil agus rothaíochta in 2024, rud a fhágann go bhfuil os cionn billiún euro infheistithe ina leithéid de thionscadail ó bhí 2020 ann.
- An Gréasán Náisiúnta Raonta Rothar agus an Lámhleabhar Dearaidh Rothaíochta a fhorbairt agus a fhoilsiú.
- Tús a chur le reachtaíocht le húsáid Iompróirí Poiblí Cumhachtaithe (PPTanna) ar bhóithre poiblí a cheadú agus rialacháin le húsáid shábháilte scútar leictreach a cheadú.
- An treoir breithmheasa iompair, treoirlínte d'Údaráis Áitiúla maidir le bearta moillithe tráchta agus, rud a bhfuil an-tábhacht go deo ag baint leis, na Treoirlínte um Fhorbairt Inbhuanaithe Chónaithe agus Dlúthlonnaíochtaí.
- Cur Chuige Straitéiseach nua a fhoilsiú maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí sa Ghníomhú ar son na hAeráide agus sa tSoghluaisteacht Inbhuanaithe, 2024-25, agus an Dara Fóram Náisiúnta maidir leis an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe – a bhí ar siúl níos luaithe sa bhliain i bPort Laoise.
Léirítear sa tuarascáil go bhfuil 70% de na 91 gníomh a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta críochnaithe, ag dul ar aghaidh de réir an sceidil nó ar siúl. Tá formhór na ngníomhartha a bhfuil moill orthu le bheith críochnaithe faoi dheireadh 2024. Tugtar tuairisc mhionsonraithe chun dáta ar gach gníomh in Iarscríbhinn 1 den Tuarascáil.
Is féidir teacht ar an tuarascáil ar láithreán gréasáin gov.ie anseo.
Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na tuarascála, bhí an méid seo le rá ag an Aire Ryan:
“Beidh sé iontach dúshlánach ár spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin a bhaint amach san earnáil iompair, ach tá an ghaoth ag athrú. Cé go mbeidh an t-iompar ar cheann de na hearnálacha is deacra le déanamh ‘neodrach’, léiríonn na figiúirí is déanaí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh na hastaíochtaí a bhain le hiompar in 2023 4.3 faoin gcéad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 2019, agus beagnach cothrom leis na figiúirí in 2022 – sin é an chéad chomhartha atá feicthe againn go bhfuil na hastaíochtaí iompair á ndícheangal ón bhfás geilleagrach.”
Dúirt an tAire:
“Tá sé mar aidhm ag an mBeartas um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe na dálaí a chruthú chun roghanna taistil níos inbhuanaithe a chur ar fáil ach ár mbonneagar agus seirbhísí iompair phoiblí agus taistil ghníomhaigh a fheabhsú agus a láidriú, agus tá mé muiníneach i gcónaí – má leantar ar aghaidh leis an gcomhoibriú ar chur chun feidhme na ngníomhartha – gur féidir leis an mBeartas athrú ó bhonn a bhaint amach ar an mbealach a mbíonn muid go léir ag taisteal i gcomhair oibre, oideachais, spóirt agus gníomhaíochtaí sóisialta, agus ar an chaoi a gcaitheann muid ár saol laethúil le cairde, le daoine muinteartha agus laistigh dár bpobail. Ag cur leis an mBeartas um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe, beidh straitéis nua ‘Bogadh le Chéile’, a bhfuil próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe ina leith le déanaí. Céim ríthábhachtach eile chun cinn is ea í sin lenár gcóras iompair ilmhódach a dhéanamh níos éifeachtaí agus lena chinntiú go n‑oibríonn sé do chách.”
Léiríonn an tuarascáil atá á foilsiú inniu an comhoibriú fairsing atá ag tarlú thar ghrúpa leathan páirtithe leasmhara – ranna, gníomhaireachtaí, údaráis áitiúla, grúpaí sochaí sibhialta, gnó, tionscal, ionadaithe polaitiúla, pobail, ceardchumainn – chun cuspóirí leathana an Bheartais um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe a bhaint amach.