Uasdhátú ar fhoilsiú an Láimhleabhar do Chomharthaí Tráchta.
- Foilsithe: 19 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá nuashonrú ar Lámhleabhar na gComharthaí Tráchta faofa ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, James Lawless, de réir Ailt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. Treoir ón Aire faoin Acht is ea an nuashonrú seo ar an Lámhleabhar, agus ar an gCiorclán atá gaolmhar leis.
Tá an leagan eatramhach 3 seo den Lámhleabhar mar chuid de shraith níos leithne agus leanúnach de nuashonruithe atá pleanáilte chun freastal ar athruithe le tacú le sábháilteacht ar bhóithre agus le bonneagar nua.
Leis na nuashonruithe sin ar an Lámhleabhar, déanfar an méid seo a leanas:
- Tacú le heisiúint an Lámhleabhair um Dhearadh Rothaíochta agus an chláir BusConnects, a foilsíodh le déanaí;
- Tacú le teorainneacha luais inathraithe nua a chur i bhfeidhm amach anseo ar bhóithre náisiúnta ainmnithe;
- Tacú le húsáid comharthaí leictreonacha luais agus comharthaí rialaithe lánaí athbhreithnithe, rud a ligeann d’údaráis bóthair úsáideoirí bóthar a chur ar an eolas faoi stádas lána, carrbhealach nó bóthar;
- Tacú leis an athbhreithniú ar theorainneacha luais réamhshocraithe tar éis athbhreithniú teorann luais 2023;
- Leasuithe ábhartha ar an reachtaíocht fhoilsithe a ionchorprú;
- Tabhairt faoi ghnáth-nuashonruithe, caighdeánú agus formáidiú an Lámhleabhair.
D’fhorbair an Roinn Iompair, Bonneagar Iompair Éireann(TII) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair na nuashonruithe seo.
Tacaíonn an leagan eatramhach seo 3 den Lámhleabhar le nuashonruithe a rinneadh le déanaí ar na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997 (arna leasú) nó ar na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Comharthaí) 2024. Má bhíonn aon nuashonrú eile ar an Lámhleabhar a mbeidh leasuithe rialacháin ag teastáil ina leith, déanfar measúnú ar leith air.
Rinneadh nuashonrú ar na caibidlí seo a leanas agus tá siad ar fáil ar www.trafficsigns.ie. Tá na nuashonruithe sin i bhfeidhm ón lá inniu, an 19 Nollaig 2024 ar aghaidh:
- Caibidlí 0 Réamhrá
- Caibidil 1 Réamhrá agus Suíomh Comharthaíochta
- Caibidil 3 Comharthaíocht Theachtaireachta Athraitheacha
- Caibidil 4 Comharthaí Faisnéise Eile
- Caibidil 5 Comharthaí Rialála
- Caibidil 6 Comharthaí Rabhaidh
- Caibidil 7 Marcálacha Bóthair
- Caibidil 9 Comharthaí Tráchta
Tá sonraí ar fáil ar www.trafficsigns.ie agus ar www.gov.ie.