English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Rúnaí Cúnta, Beartas Muirí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 14 Aibreán 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá ról ríthábhachtach ag an Rannán um Beartas Muirí maidir le fás eacnamaíoch agus rathúnas a éascú chomh maith le nascacht a choinneáil lenár gcomhpháirtithe trádála. Is é misean na hearnála earnáil mhuirí shábháilte inbhuanaithe a chumasú a chomhlíonann a hoibleagáidí idirnáisiúnta agus a riachtanais intíre, agus a chosnaíonn leas eacnamaíoch na hÉireann mar náisiún oileánda.

Tá an Rúnaí Cúnta freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Ceannaireacht a thabhairt maidir le taighde, forbairt agus cur chun feidhme beartais maidir leis an aeráid, an comhshaol agus inbhuanaitheacht, éascú fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don earnáil mhuirí chun aistriú éifeachtach a dhéanamh chuig iompar muirí ísealcharbóin agus inbhuanaithe.
  • Rannpháirtíocht a spreagadh ar fud príomhpháirtithe leasmhara amhail na cuideachtaí calafoirt agus loingseoireachta, soláthraithe leictreachais, saineolaithe breosla, an t-aonad um athrú aeráide, agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maidir le bonneagar soláthair cumhachta ar tír a chur i bhfeidhm go náisiúnta do spriocdháta 2030.
  • Oibriú go dlúth le páirtithe leasmhara náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta ar fud seirbhísí paisinéirí, seirbhísí lastais agus cuideachtaí loingseoireachta chun a chinntiú go bhfeidhmíonn ár slabhraí soláthair riachtanacha chomh héifeachtúil agus is féidir sa timpeallacht trádála nua iarBhreatimeachta.
  • Bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar rialáil sábháilteachta, slándála, cosc ar thruailliú agus dálaí maireachtála agus oibre longa agus criú uile na hÉireann; maoirseacht ar chigireacht ar longa agus ar chriúnna eachtracha i gcalafoirt na hÉireann, agus ar fhormheas pleananna slándála calafoirt a bhainistiú agus a mhaoirsiú;
  • Maoirseacht ar chreat cuideachtaí calafoirt atá ag feidhmiú laistigh de shlabhra iompair náisiúnta na seirbhísí calafoirt atá éifeachtúil, éifeachtach agus leordhóthanach do riachtanais ár ngeilleagar trádála; cothabháil úinéireacht/bainistíocht long atá bunaithe in Éirinn a chur chun cinn agus tacú leo agus forbairt eacnamaíoch agus fostaíocht a chothú san earnáil;

Holders