Rúnaí Cúnta Gnóthaí Corparáideacha agus Comhordú Beartais Lárnach
- Foilsithe: 31 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2025
Soláthraíonn an fheidhm Gnóthaí Corparáideacha ceannaireacht ar phleanáil straitéiseach agus ar dhea-rialachas. Cinnteoimid go bhfuil dóthain acmhainne ag an Roinn cuspóirí gnó a sheachadadh, agus go dtugtar tacaíocht dár ndaoine chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. Tá an tArd-Rúnaí Cúnta freagrach as raon feidhmeanna lena n-áirítear Airgeadas (le buiséad de bheagnach €4 billiún ar fáil don Roinn in 2025), Acmhainní Daonna, Seirbhísí Corparáideacha, Rialachas Gníomhaireachta, Cumarsáid, Tacaíocht Dlí, Riosca agus Athchóiriú.
Príomhghné den obair seo is ea athrú eagraíochtúil agus cultúrtha a sheachadadh ar aon dul le cláir oibre athchóirithe na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí. Bronnadh an Dámhachtain Acmhainní Daonna agus Ceannaireachta in 2024 don tionscnamh AD is fearr san Earnáil Phoiblí agus an Gradam Curaidh Acmhainní Daonna don Chlár Bainistíochta Athraithe is Fearr in aon earnáil in 2023 ar an Roinn Iompair, ag soláthar bailíochtú seachtrach ar ár gcur chuige agus muid ag feabhsú go leanúnach.