Róil
Rúnaí Cúnta um Infheistíocht Iompair agus Beartas Iompair Poiblí
- Foilsithe: 20 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Rúnaí Cúnta um Infheistíocht Iompair agus Beartas Iompair Phoiblí freagrach as na nithe seo a leanas:
- Ceannaireacht a dhéanamh ar chláir infheistíochta in iompar poiblí, i dtaisteal gníomhach agus i mbonneagar bóithre faoin bPlean Forbartha Náisiúnta chun torthaí straitéiseacha náisiúnta an Chreata Pleanála Náisiúnta a sheachadadh.
- Ceannaireacht a dhéanamh ar fhorbairt beartais ar iompar talún lena n-áirítear soghluaisteacht inbhuanaithe
- Maoirseacht rialachais ar na comhlachtaí éagsúla Stáit san earnáil iompair lena n-áirítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Bonneagar Iompair Éireann, an Coimisiún um Rialáil Iarnróid agus grúpa cuideachtaí CIÉ
- Idirchaidreamh leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus an Oifig Bainistíochta Bóithre chun creat agus meicníocht seachadta a sholáthar do bhainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil an ghréasáin bóithre.