Cad atá le déanamh má tá tú chun feithicil a thabhairt isteach in Éirinn ar bhonn sealadach
- Foilsithe: 14 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Feabhra 2022
Más rud é nach bhfuil tú i do chónaí in Éirinn, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim d’fheithicil a dhíolmhú ón gceanglas clárú in Éirinn más rud é, maidir leis an bhfeithicil:
- go bhfuil sí clúdaithe ó thaobh cánach de agus cláraithe araon i dtír eachtrach
- go bhfuil sí faoi úinéireacht nó cláraithe i dtír eachtrach ag duine atá bunaithe i dtír eile lasmuigh den Stát seo
- nach bhfuil sí diúscartha nó curtha amach ar cíos nó tugtha ar iasacht do dhuine atá bunaithe sa Stát
- nach duine atá bunaithe sa Stát atá á tiomáin, ach amháin le cead ó na Coimisinéirí Ioncaim
- nach n-úsáidtear í chun duine a iompar chun críche brábúis laistigh den Stát, i gcásanna carr paisinéirí nó gluaisrothair
agus
- nach n-úsáidtear chun earraí a iompar chun críocha gnó, i gcás carr paisinéirí agus gluaisrothair araon
Má cháilíonn tú, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar dhíolúine shealadach níos faide ná 12 mhí.
Ach ní mór duit na cáipéisí sin ina dtaispeántar go gcáilíonn tú leat a iompar leat san fheithicil. Ní mór iad siúd a thaispeáint má iarrann oifigeach Ioncaim orthu ag seicphointe.
Má tá sé ar intinn agat leas a bhaint as díolúine ar feadh níos mó ná 12 mhí, beidh ort iarratas a dhéanamh ag oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Mar sin féin, ní bhaineann sé seo le carr paisinéirí ná le gluaisrothair:
- más mac léinn tú atá ag staidéar i gcoláiste nó in ollscoil in Éirinn
nó
- má tá cónaí ort go buan lasmuigh d’Éirinn agus nach mbíonn tú ag teacht isteach sa Stát agus ag imeacht uaidh ach amháin chun críche oibre.
Maidir le carr nó le gluaisrothar ar le cuideachta fruilithe gluaisteán a bunaíodh lasmuigh den Stát é, is féidir:
De ghnáth, ní mór feithiclí a thiomáineann cónaitheoirí Éireannacha iad a chlárú. Ach, mar sin féin, is féidir iarratas a chur isteach ar dhíolúine sealadach más rud é go bhfuil tú:
- fostaithe ag fostóir atá bunaithe agus ag trádáil i mballstát eile
nó
- féinfhostaithe, agus gnó agat atá ag trádáil i mBallstát eile, go príomhúil.