Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cuir isteach Fógra Mara

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 30 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2023

Is éard atá i bhFógraí Mara ná fógraí eolais arna n-eisiúint ag an roinn chun poiblíocht a thabhairt d’eolas tábhachtach sábháilteachta, rialála agus eile a bhaineann leis an earnáil mhuirí in Éirinn.

Is féidir Fógraí Mara a roinnt i dtrí chatagóir:

  • fógraí reachtúla - eisítear iad seo chun aird a tharraingt ar rialachán nó ar cheanglas dlíthiúil eile
  • fógraí eolais - eisítear iad seo chun eolas a thabhairt maidir le cúrsaí neamhreachtúla amhail nósanna imeachta agus scrúduithe Oifig na Suirbhéireachta Muirí, foilseacháin, aisghairmeacha táirgí, foláirimh sábháilteachta agus fógraí eile tionscail
  • fógraí oibreacha - eisítear iad seo chun eolas a thabhairt maidir le tógáil, oibreacha nó suirbhéanna ar an bhfarraige a d’fhéadfadh cur isteach ar chúrsaí loingseoireachta. Áirítear leis an catagóir seo láithriú baoithe agus barr tobair fhomhuirí ar chósta na hÉireann, chomh maith le fógra a thabhairt maidir le cleachtais raon lámhaigh

Más maith leat go bhfógróidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Fógra Mara, comhlánaigh an t-eolas riachtanach thíos agus seol ríomhphost chuig marinenotices@dttas.gov.ie tráth nach déanaí ná coicís roimh thús na n-oibreacha/an imeachta beartaithe.

Required Information for the Issue of Marine Notices
Updated 24 January 2023
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat