English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan iarratas ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí Bóthair

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2022

Chun foirm iarratais ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí Bóthair (Náisiúnta nó Idirnáisiúnta) a íoslódáil chomh maith le réimse foirmeacha ceadúnaithe eile, cliceáil ar an nasc thíos.

Is féidir an tseirbhís a rochtain anseo


Athruithe a dhéanamh ar cheadúnas

Tá oibleagáid dhlíthiúil ort an tAonad Ceadúnaithe Oibreora um Iompar Bóthair a chur ar an eolas faoi aon athruithe a thagann ar na sonraí nó cúinsí atá curtha in iúl agat cheana féin don Aonad, nó athruithe a chiallaíonn nach bhfuil na ceanglais iomchuí á gcomhlíonadh agat a thuilleadh chun ceadúnas oibreora a fháil nó a choinneáil.

• Athrú Feithicle – feithicil a chur ar an gceadúnas, feithicil a bhaint den cheadúnas nó feithicil a chur in ionad feithicle eile

• Athrú Seolta - cliceáil ar an nasc chun an seoladh atá luaite ar do cheadúnas a athrú

• Athrú Bainisteora Iompair - chun an bainisteoir iompair atá luaite ar do cheadúnas a athrú nó bainisteoir iompair breise a ainmniú

• Athrú Comhalta Ceadúnais - chun stiúrthóir / rúnaí / comhalta coiste a athrú ar do cheadúnas

• Athrú ar Ainm an Oibreora - chun ainm an oibreora atá luaite ar do cheadúnas a athrú (Nóta: Is féidir ainm an oibreora a athrú i gcás go gcláraíonn cuideachta athrú ó thaobh ainm na cuideachta, nó i gcás go n-athraíonn duine a n-ainm trí phósadh nó trí ghníomhas aonpháirtí. Ní féidir ceadúnas a aistriú chuig cuideachta eile nó chuig duine eile.)

Is féidir na foirmeacha a fháil ar www.rtol.ie


Doiciméid Ionaid

Chun doiciméid cheadúnais ionaid a fháil i gcás go gcailltear nó go ndíothaítear na doiciméid bhunaidh, téigh chuig www.rtol.ie. Luaigh go soiléir ar an bhfoirm an doiciméad / na doiciméid atá ag teastáil:

• Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair

• Cóip Dheimhnithe de Cheadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair (feithicilsonrach)

• Ceadúnas Pobail

• Fíorchóip Dheimhnithe de Cheadúnas Pobail (feithicilsonrach)

• Diosca Iompair (feithicilsonrach)

Cuireann an tAonad Ceadúnaithe Oibreora um Iompar Bóthair dhá chineál ceadúnais shealadaigh ar fáil:

Iarratas ar Cheadúnas in ionad Diosca Iompair i gcás cliste nó deisiúcháin feithicle

Oibritheoirí ceadúnaithe tarlaithe bóthair a dteastaíonn uathu feithicil ionaid a chur in áit feithicle údaraithe atá á deisiú, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Sealadach chun é a úsáid in áit an Diosca Iompair san fheithicil atá á deisiú agus is féidir é a úsáid i leith na feithicle ionaid sealadaí. Is féidir Ceadúnas Sealadach a eisiúint do shealbhóirí ceadúnais Náisiúnta nó Idirnáisiúnta, ach is díol suntais é nach bhfuil siad bailí ach amháin i gcás oibríochtaí laistigh d’Éirinn. Níl iontu ach ceadúnais shealadacha agus tá dianchosc ar iad a úsáid ar feadh tréimhse níos faide ná 21 lá. Chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig www.rtol.ie.

Iarratas ar Chead Sealadach chun Oibríocht um Iompar Paisinéirí Bóthair a choimeád ar siúl

I gcás go bhfaigheann sealbhóir Ceadúnais um Iompar Paisinéirí Bóthair bás nó go tarlaíonn sé, de bharr breoiteachta, nach féidir leis/léi leanúint ar aghaidh leis an oibríocht iompair, is féidir le duine atá páirteach sa ghnóthas iarratas a dhéanamh ar chead chun an oibríocht a choimeád ar siúl go ceann bliana ar a mhéad. Chun foirm iarratais a úsáid, téigh chuig www.rtol.ie


Táillí

Iarratas maidir le doiciméad ceadúnaithe Táille iarratais ar líne Táille iarratais tríd an bpost agus ag an oifig phoiblí
Iarratas chun ceadúnas náisiúnta/idirnáisiúnta oibreora um iompar paisinéirí bóthair €110 €140
Iarratas ar dhúblach nó cóip ionaid d’aon cheann de na doiciméid seo a leanas: ceadúnas oibreora; cóip dheimhnithe de cheadúnas oibreora; ceadúnas pobail; cóip dheimhnithe de cheadúnas pobail; diosca iompair €20 €25