English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan Iarratas ar shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 24 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2024

Is í Oifig na Suirbhéireachta Muirí an rialtóir ar chúrsaí sábháilteachta loingis agus ar thruailliú an chomhshaoil muirí ó fhoinsí longbhunaithe a chosc. Rialaíonn Oifig na Suirbhéireachta Muirí gach saghas soitheach in Éirinn, idir shoithí ar an bhfarraige agus shoithí ar lochanna agus aibhneacha intíre, cibé an oibríonn siad faoi bhratach na hÉireann nó a mhalairt.

Déanann an Oifig rialáil freisin ar longa uile faoi bhratach na hÉireann is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad.

Chun taisteal sábháilte ar an bhfarraige a chinntiú, ní mór sábháilteacht an tsoithigh féin a sheiceáil agus tugtar suirbhé Oifig na Suirbhéireachta Muirí air sin.

Chun iarratas a dhéanamh ar shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos agus seol chuig an seoladh thíosluaite í (mar aon leis an táille, más gá).

Foirm Iarratais ar Shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí
Foirm iarratais chun suirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí a fháil déanta ar shoitheach.
Amharc amharc

Oifig na Suirbhéireachta Muirí Seoladh

Seoladh:
Stiúrthóir, An Oifig Mhuir-Thráchtála, Cumann Muirí na hÉireann, An Roinn Iompair, Baile Átha Cliath 2, Lána Líosain, D02 TR60
Ríomhphost:

mso@transport.gov.ie

Teileafón:
01 678 3400

Táillí

Tá liosta iomlán na seirbhísí agus na dtáillí leagtha amach ar an bhFoirm Iarratais ar Shuirbhé Oifig na Suirbhéireachta Muirí thuas.

Táillí iníoctha le haghaidh deimhniú comhlíontachta, deimhniú díolúine agus taifead trealaimh (an chéad suirbhé nó suirbhé tréimhsiúil 4 bliana)

Fad cláraithe Táillí do shoitheach nach bhfuil a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta Táillí do shoitheach soitheach atá a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta
15 -24 méadar €1,500 + €100 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 15m ar fad €700 + €25 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 15m ar fad
24m - 45m €2,400 + €75 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 24m ar fad €925 + €25 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 24m ar fad
45m -100m €3,975 + €50 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad €1,450 + €20 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad
100m agus níos faide €6725 + €50 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad €2,550

Suirbhé tréimhsiúil 2 bhliain

Fad cláraithe Táillí do shoitheach nach bhfuil a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta Táillí do shoitheach atá a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta
Fad iomlán 15m agus níos faide 60% den táille le haghaidh an chéad suirbhé nó le haghaidh suirbhé tréimhsiúil 4 bliana 70% den táille le haghaidh an chéad suirbhé nó le haghaidh suirbhé tréimhsiúil 4 bliana

Raidióshuirbhé tréimhsiúil 1 bhliain le haghaidh soitheach 24m agus níos faide

Táillí Limistéir Farraige

  • soithí feistithe chun dul ar thuras laistigh de Limistéar Farraige 1 €400
  • soithí feistithe chun dul ar thuras níos faide i gcéin na Limistéar Farraige 2 €500
  • soithí feistithe chun dul ar thuras i ngach Limistéar Farraige €600