English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan iarratas chun a bheith i do bhall de Gharda Cósta na hÉireann

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 22 Iúil 2019

Cuireann Garda Cósta na hÉireann caighdeáin sábhailteachta agus slándála chun cinn, agus leis sin, déantar gach iarracht an bás a sheachaint ar an bhfarraige, ar uiscebhealaí intíre, ar na sléibhte agus i bpluaiseanna. Soláthraíonn Garda Cósta na hÉireann seirbhísí freagartha éigeandála freisin agus déanann sé cáilíocht an chomhshaoil muirí a chosaint.

Más maith leat bheith i do bhall d’Aonad Garda Cósta, déan teagmháil leis an Aonad is gaire duit (caithfidh gnáthchónaí a bheith ort faoi 10 nóiméad ón dTeach Stáisiúin) ón liosta thíos. Gheobhaidh tú foirm iarratais agus gach eolas ón Aonad.

Ní féidir linn a rá go cinnte go mbeidh folúntas ann toisc go bhfuil liosta feithimh fada ag roinnt Aonaid Garda Cósta.

Is róil gan phá iad na róil seo.

Liosta d’Aonaid Garda Cósta in Éirinn

• Acaill, Co. Mhaigh Eo

• Aird Mhór, Co. Port Láirge

• An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin

• Baile an Bhuinneánaigh, Co. Chiarraí

• Baile Choitín, Co. Chorcaí

• An Baile Glas, Co. Mhaigh Eo

• Bun Machan, Co. Port Láirge

• An Bun Beag, Co. Dhún na nGall

• Ceann an Chairn, Co. Loch Garman

• Ráth an Bharraigh, Co. Chorcaí

• Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí

• An Cloigeann, Co. na Gaillimhe

• Ceann Chlochair, Co. Lú

• Cuan Chasla, Co. na Gaillimhe

• Baile na Cúirte, Co. Loch Garman

• Bun an Tábhairne, Co. Chorcaí

• Currach Cló, Co. Loch Garman

• Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

• Dúlainn, Co. an Chláir

• Droichead Átha, Co. Lú

• Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath

• Dún Mór, Co. Phort Láirge

• Fiodh Ard, Co. Loch Garman

• Cuan Dor, Co. Chorcaí

• Gleann Doire, Co. Chiarraí

• An Góilín, Co. Chorcaí

• Caisleán na hOireanaí, Co. Dhún na nGall

• An Grianfort, Co. Lú

• Na Clocha Liath, Co. Chill Mhantáin

• An Gaibhlín, Co. Chorcaí

• Binn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath

• Cill Chaoi, Co. an Chláir

• Cill Ala, Co. Mhaigh Eo

• Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall

• Cé na Cille Móire, Co. Loch Garman

• Baile an Ridire, Co. Chiarraí

• An Mhaoil Rua, Co. Dhún na nGall

• Árainn Thuaidh, Co. na Gaillimhe

• An Seancheann, Co. Chorcaí

• Cuan Oisrí, Co. Chorcaí

• Ros Láir, Co. Loch Garman

• Na Seacht gCeanna, Co. Chorcaí

• Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath

• Carraigín na Plubóige, Co. Chorcaí

• Ceann Tuaithe, Co. Chorcaí

• Toraigh, Co. Dhún na nGall

• Trá Mhór, Co. Phort Láirge

• An Coireán, Co. Chiarraí

• Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

• Cill Mhantáin

• Eochaill, Co. Chorcaí