English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Déan Rochtain ar Sheirbhísí Mótarchánach

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 3 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2019

Is ann do go leor seirbhísí a bhaineann le mótarcháin. Is féidir rochtain a fháil orthu go léir anseo.


Aimsigh Oifig Mótarchánach

Is féidir d’Oifig Mótarchánach áitiúil a aimsiú thíos.


Íoc mótarcháin ar líne

Is féidir le húinéirí (ar bhonn príobháideach) gluaisteán, gluaisrothar, tarracóirí talmhaíochta, feithiclí arna gcur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas, feithiclí seanré, mótarcharbhán agus feithiclí tráchtála (faoi réir deimhnithe ródacmhainneachta bailí) an tseirbhís seo a úsáid.


Aisghabh do PIN um Mótarcháin ar Líne

Rochtain ar áis chun an Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) atá ag teastáil chun cáin a chur ar fheithicil ar líne a aisghabháil. Chun cáin a chur ar fheithicil ar líne, ní mór d’úinéir feithicle PIN a chur isteach, chomh maith le sonraí eile a bhaineann leis an bhfeithicil. Eisítear an PIN seo d’úinéir na feithicle ar a bhfoirm athnuachana mótarchánach. Ligeann an tseirbhís seo d’úinéirí feithicle PIN a aisghabháil ar líne i ndiaidh sonraí áirithe a iontráil ar chúiseanna deimhnithe.


Rianaigh ar d’Iarratas ar Líne ar Dhiosca Mótarchánach

Rochtain ar sheirbhísí a ligeann do chustaiméirí rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn a n-iarratas ar dhiosca mótarchánach. Logáil isteach agus iontráil cláruimhir d’fheithicle agus dp PIN chun an dul chun cinn a sheiceáil.


Déan Iarratas ar Aisíocaíocht Mótarchánach

Comhlánaigh an fhoirm anseo thíos agus seol chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil í.

Iarratas ar Aisíocaíocht Mótarchánach
Ní mór an diosca mótarchánach a thabhairt suas láithreach, ós gnách an t- aisíoc a mheas ó chéad lá na míosa i ndiaidh a tugtha suas. Ní mór 3 mhí Iomlán den fhéilire a bheith fághta de bhailíocht ag an diosca nuair a thugtar suas é.
Amharc amharc