English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Foghlaim conas gluaisteán a thiomáint

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2024


Seiceáil an bhfuil tú incháilithe le tiomáint

Ní mór duit a bheith 17 mbliana d’aois ar a laghad chun tiomáint in Éirinn.


Faigh pas sa tástáil teoirice

Sular féidir leat ceachtanna a thosú nó do scileanna tiomána a chleachtadh, ní mór duit pas a fháil sa tástáil teoirice tiomána oifigiúil.

Déan Iarratas ar Thástáil Teoirice Tiomána


Déan iarratas ar cheadúnas foghlaimeora

Nuair a bheidh pas bainte amach agat sa tástáil teoirice, ní mór iarratas a dhéanamh ar cheadúnas foghlaimeora. Ní mór an ceadúnas foghlaimeora seo a bheith agat ar feadh 6 mhí ar a laghad sula dtugann tú faoi thástáil tiomána. Baineann costas €35 le ceadúnas foghlaimeora.

Déan iarratas ar Cheadúnas Foghlaimeora


Cuir cáin agus árachas ar do ghluaisteán

Caithfidh cáin a bheith ar ghluaisteáin uile a thaistealaíonn ar bhóithre na hÉireann. Ní mór polasaí árachais bailí a bheith agat sula dtéann tú ag tiomáint ar bhóthair ar bith in Éirinn.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí árachais anseo.

Is féidir cáin a chur ar do ghluaisteán anseo.


Cleachtadh a dhéanamh le teagascóir ceadaithe

Sula dtugann duine faoin tástáil tiomána oifigiúil, ní mór 12 cheacht ar a laghad a bheith déanta le teagascóir tiomána ceadaithe. Cliceáil anseo chun teagascóir tiomána ceadaithe a aimsiú i do cheantar féin.

Aimsigh Teagascóir Tiomána


Cuir do thástáil tiomána in áirithe

Baineann costas €85 le tástáil tiomána.

Déan Iarratas ar Thástáil Tiomána