English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Treoirlínte Aoise i ndáil le Feithicil Bheag Seirbhíse Poiblí

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 25 Bealtaine 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Treoirlínte maidir le ceanglais aoise i ndáil le Feithicil Bheag Seirbhíse Poiblí. Má tá ceadúnas agat d’Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí a aistríodh chuig d'ainm féin tar éis an 7 Meitheamh 2010, ceann de na coinníollacha a ghabhann leis an aistriú sin ná go gcaithfidh an fheithicil lena mbaineann an ceadúnas a bheith níos nuaí ná trí bliana. Ina leithéid de chás, más mian leat an fheithicil atá luaite ar an gceadúnas sin a athrú, ní mór an fheithicil ionaid a bheith níos nuaí ná an fheithicil bhunaidh. Is féidir le baill de thionscal na bhFeithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí seiceáil a dhéanamh anseo maidir lena bhfeithicilí agus cibé an gcomhlíonfaidh siad na ceanglais aoise agus iad á athnuachan.