Ár dTuairim | Comhairliúchán UNCRC, UNCRPD agus UPR 2021 le Leanaí agus Daoine Óga
- Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 28 Márta 2022
I samhradh 2021, ghlac breis is 1,200 leanbh agus duine óg ar fud na hÉireann páirt i gcomhairliúchán maidir lena gcearta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) agus an tAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (UPR).
Cúis áthais dúinn a chur in iúl duit go bhfuil an tuarascáil maidir le torthaí an chomhairliúcháin ullmhaithe agus go bhfuil an tuarascáil le seoladh ag 9.30am, Déardaoin, an 31 Márta 2022.
Mairfidh an t-imeacht thart ar 30 nóiméad agus sruthófar ar líne é.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit breathnú ar an imeacht beo más féidir, nó mura féidir leat é sin a dhéanamh maidin Déardaoin, an 31 Márta, is féidir leat breathnú air ina dhiaidh sin ag an nasc céanna.
Is féidir leat breathnú ar an imeacht ag: youtube.com/dcediy
Is fiú a thabhairt faoi deara gur dearadh modheolaíocht an chomhairliúcháin i gcomhpháirt le múinteoirí ionas gur féidir nasc a chruthú le curaclam na bunscoile:
- Ceacht OSPS ag féachaint ar an Snáithe Mise agus an Domhan Mór faoin Snáithaonad Forbairt Saoránachta; nó
- Tacú le folláine a chur chun cinn mar phríomhábhar den Fhéinmheastóireacht Scoile.
Chomh maith leis sin, tá an t-imeacht ábhartha do churaclam OSPS na meánscoile.