English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúcháin poiblí ar Phlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC).


Réamhrá

Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY)ag dul i mbun comhairliúcháin poiblí ar Phlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC).

Tá sé i gceist Plean Náisiúnta a fhorbairt a aithníonn an tábhacht a bhaineann le luathfhoghlaim agus le cúram ardchaighdeáin a thacaíonn le forbairt iomlánaíoch leanaí agus aithnítear freisin go bhfuil cáilíocht an tsoláthair Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige ríthábhachtach chun na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach do leanaí. Áirítear anseo buntáistí a bhaineann le forbairt luath teanga.

Tá gealltanais maidir le forbairt breise ar thacaíochtaí do Sholáthar na Gaeilge in ELC agus SAC ar fáil in An Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh agus an Plean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018 – 2022. I ngealltanais An Chéad 5 tá bearta á chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag páistí sna Gaeltachtaí ar fhoráil ELC trí mheán na Gaeilge agus córas á fhorbairt chun tacaíochtaí Gaeilge a chur ar fáil mar chuid den soláthar ELC in áiteanna a bhfuil céatadán ard leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá gealltanais san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge chun plean cuimsitheach a fhorbairt don earnáil.

Na príomhthéamaí a ndíreofar orthu mar chuid den chomhairliúchán seo:

  • Deiseanna a chruthú le go mbeidh rochtain níos fearr ar sholáthar luathfhoghlama agus cúraim trí mheán na Gaeilge
  • Tacú le soláthar ELC trí mheán na Gaeilge agus é a neartú
  • Ról na Gaeilge i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí trí mheán an Bhéarla
  • Comhionannas agus Ionchuimsitheacht in ELC agus SAC
  • Riachtanais an fhoghlaimeora dúchais agus an fhoghlaimeora Gaeilge mar dara/teanga bhreise in ELC agus SAC

Conas is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúcháin?

Teastaíonn uainn do smaointí a chloisteáil agus iad a chuir san áireamh agus an plean cuimsitheach á fhorbairt.

Suirbhé ar líne – Líon isteach an suirbhé gairid ar líne, atá ar fáil as Gaeilge agus as Béarla. Is féidir teacht ar an suirbhé anseo

Grúpaí Fócais – beidh deis agat freastal ar cheann de na grúpaí fócais a bheidh ar siúl ar fud na tíre le linn tréimhse an chomhairliúcháin, ar líne nó i bpearsain. Beidh na sonraí ar fáil faoi na grúpaí fócais ar an leathanach seo.

Fócasghrúpaí:

Dáta Am Áit Grúpa duine Meán
11/06 6i.n. Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí Gach duine Gaeilge (le féidearthachtaí d’ionchur trí Bhéarla)
12/06 6i.n. Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach Gach duine Gaeilge
12/06 7i.n. Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach Gach duine Béarla
18/06 6i.n. Oifigí DCEDIY Gach duine Gaeilge
18/06 7i.n. Oifigí DCEDIY Gach duine Béarla
25/06 6i.n. Gaillimh Gach duine Béarla
25/06 7i.n. Gaillimh Gach duine Gaeilge

Fócasghrúpaí - Ar líne

Dáta Grúpa duine Meán
13/06 6i.n. Cleachtóirí agus daoine ghairmiúla Gaeilge
14/06 1i.n. Gach duine Gaeilge
14/06 1i.n. Gach duine Béarla
14/06 6i.n. Cleachtóirí agus daoine ghairmiúla Béarla
17/06 6i.n. Fócas ar leith ar shuíomhanna lán-Ghaeilge Gaeilge
17/06 6i.n. Fócas ar leith ar shuíomhanna lán-Ghaeilge Béarla
20/06 1i.n. Daoine gairmiúla Gaeilge
20/06 6i.n. Fócas ar thuismitheoirí (trí Ghaeilge) Gaeilge
20/06 6i.n. Fócas ar thuismitheoirí (as Béarla) Béarla
20/06 7i.n. Mic léinn de Luath-Óige agus Cúram Leanaí Béarla
20/06 7i.n. Mic léinn de Luath-Óige agus Cúram Leanaí Gaeilge
24/06 6i.n. Geallsealbhóirí: Fócas ar leith ar shuíomhanna luath-óige agus chúram leanaí do pháistí ar aois scoile a ghníomhaíonn trí mheán an Bhéarla Gaeilge
24/06 6i.n. Geallsealbhóirí: Fócas ar leith ar shuíomhanna luath-óige agus chúram leanaí do pháistí ar aois scoile a ghníomhaíonn trí mheán an Bhéarla Béarla
25/06 6i.n. Fócas ar chúram leanaí do pháistí ar aois scoile Gaeilge
25/06 6i.n. Fócas ar chúram leanaí do pháistí ar aois scoile Béarla

Má theastaíonn uait spéis a léiriú chun páirt a ghlacadh sa ghrúpaí fócais déan teagmháil :fiosru@mic.ul.ie

Rannpháirteachas scríofa – is féidir cóip chlóite den suirbhé nó aighneacht i scríbhinn a sheoladh chugainn ar r-phost chuig: qualitydevelopment@equality.gov.ie nó sa phost go:

Comhairliúcháin poiblí, Plean cuimsitheach do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC).

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Aonad um Ardchaighdeán, ELC/ SAC

Bloc 1, Plaza Miesach,

50-58 Sráid Bhagóid Íochtarach,

Baile Átha Cliath,

D02 XWI4


Cad a dhéanfar le do chomhfhreagras?

Cabhróidh do mholtaí ar an gcomhairliúchán le forbairt a dhéanamh ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Gaeilge san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (ELC) agus sa Chúram Leanaí d’Aois Scoile (SAC).

Foilseofar tuairisc ar thorthaí an chomhairliúcháin


Ceisteanna:

Má tá ceist ar bith agat faoin gcomhairliúcháin seol r-phost chuig: qualitydevelopment@equality.gov.ie

Fógra Príobháideachais

Ná líon isteach eolas pearsanta, eolas faoi rún nó eolas íogair ó thaobh na tráchtála de san freagraí. Má líontar isteach sonraí pearsanta inaitheanta, scriosfar iad.

Tabhair faoi deara le do thoil, gur féidir gach aighne agus freagra a fhaightear a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí chomh maith. gov-DCEDIY um Chosaint Sonraí.


Doiciméad breise

Chun cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030 a chur chun cinn, gheall an Roinn seo go dtabharfaí faoi roinnt gníomhartha sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 (Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022). Tá siad seo le fáil faoi réimse ghnímh 3; Aistriú Teanga sa Teaghlach – Idirghabháil Luath. Mar chuid díobh seo, forbrófar plean cuimsitheach.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Plean Gníomhaíochta 2018-2022/23 nasc chuig na haidhmeanna den Plean 5 Bliana anseo

Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh (2019-2028) Item was unpublished or removed

Osclaíonn an comhairliúcháin ar an 6 Meitheamh 2024

Dúnann an tréimhse comhairliúcháin a g 5i.n. 12 Iúil 2024