English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán ar na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige

Consultation is closed

  • Cuspóir
  • An Próiseas Comhairliúcháin
  • Na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige
  • Faisnéis chúlra
  • Téigh i dteagmháil linn

Cuspóir

Mar chuid de ghníomhartha atá leagtha amach sa Phlean Óige Ildánach, thug an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) tiomantas d’fhorbairt na bpríomhphrionsabal a thacaíonn le rannpháirtíocht ardchaighdeáin leanaí óga leis na healaíona i suíomhanna um fhoghlaim agus cúram na luathóige.

Foilsíodh na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Sa chomhairliúchán seo, iarrtar ar ealaíontóirí, ar oideachasóirí luathbhlianta agus ar pháirtithe leasmhara uile i bhfoghlaim agus cúram na luathóige na dréachtphrionsabail seo a úsáid agus a iniúchadh agus a mbailíocht a thástáil ó thaobh na praiticiúlachta de.

Cé gur ceapadh na dréachtphrionsabail ó thaobh fhoghlaim agus chúram na luathóige de, ba mhaith linn a iniúchadh freisin cé chomh hábhartha agus atá siad agus conas a d’fhéadfaí iad a oiriúnú chun tacú le rannpháirtíocht níos fearr leis na healaíona i gcúram leanaí in aois scoile. Iarraimid ar gach páirtí leasmhar i gcúram leanaí in aois scoile na dréachtphrionsabail seo a úsáid agus a thástáil freisin.

Beidh torthaí an chomhairliúcháin seo mar bhonn eolais don fhoilseachán críochnúil de na prionsabail, d’fhorbairt ábhar acmhainní cleachtais agus don oiliúint CPD a ghabhann leis sin uile.

An próiseas comhairliúcháin

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn trí ríomhphost a chur chuig qualitydevelopment@equality.gov.ie

D’fhéadfadh na ceisteanna seo a leanas cabhrú leat d’aighneacht a scríobh:

Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige:

  • An mbraitheann tú go mbeidh na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige úsáideach chun do chuid oibre le babaithe agus leanaí óga a threorú? Cén fáth, más ea? Cén fáth nach mbeidh, murab ea?
  • Cad iad na hathruithe, más ann dóibh, a gcuirfeá leis na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige? Agus cén fáth? (Is féidir moltaí maidir le cuimsitheacht agus/nó oiriúnacht an ábhair, inrochtaineacht teanga, agus leagan amach/cur i láthair a áireamh san aiseolas, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd)
  • Cad iad na tacaíochtaí a chuideodh leat dul i ngleic leis na prionsabail agus iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil?

Cúram Leanaí in Aois Scoile:

An mbraitheann tú go mbeidh na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige úsáideach chun do chuid oibre le leanaí in aois scoile a threorú? Cén fáth, más ea? Cén fáth nach mbeidh, murab ea?

  • Cad iad na hathruithe, más ann dóibh, a gcuirfeá leis na dréachtphrionsabail maidir leis an rannpháirtíocht sna healaíona i bhfoghlaim agus cúram na luathóige chun iad a chur in oiriúint do do chuid riachtanas i gcúram leanaí in aois scoile? Cén fáth?
  • Cad iad na tacaíochtaí a chuideodh leat dul i ngleic leis na prionsabail agus iad a chur i bhfeidhm go praiticiúil i gcúram leanaí in aois scoile?

Is é an dáta deiridh chun aighneacht a fháil: Dé Céadaoin, 31 Bealtaine 2023.

Is próiseas cuimsitheach comhairliúcháin é seo, agus glacfar le formáidí aighneachta eile. Déan teagmháil linn le do thoil ag qualitydevelopment@equality.gov.ie más mian leat aighneacht a dhéanamh i bhformáid eile seachas doiciméad, nó tacaíocht a thabhairt do dhuine éigin chun a dtuairimí a chur in iúl.

Na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige

Cuirtear na Dréachtphrionsabail i láthair mar ráitis aonair agus gnéithe de gach ráiteas atá luaite thíos iontu. Tosaíonn siad leis an leanbh agus ansin leathnaíonn siad amach chuig gnéithe a thacaíonn le héascú na n-ealaíon chun an súgradh agus an chruthaitheacht a chur chun cinn i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige.

Tá leanaí cruthaitheach

  • Tá cáilíochtaí agus cumais uathúla acu ón lá a rugadh iad, agus spreagtar astu siúd léiriú cruthaitheach agus samhlaíoch.
  • Nochtann siad gnéithe dá nádúr uathúil, dá mbuanna agus den mhéid atá foghlamtha acu cheana féin trí ghníomhartha cruthaithe.

Ní mór cruthaitheacht leanaí a chothú

  • I dtimpeallacht atá ullmhaithe atá oiriúnach dá mothúcháin.
  • Áit is féidir leo caidrimh iontaoibh a thógáil, agus nuair a thacaítear leo iad a thógáil, le leanaí eile, le daoine fásta tacúla atá ag glacadh páirt, agus leo féin.
  • Áit ina dtacaítear leis an nglacadh riosca agus leis an bhfiontraíocht.
  • In áit a bhfuil rochtain ag gach leanbh ar gach foirm ealaíne, agus ina bhfuil tuiscint go gcuireann gach foirm díobh deiseanna uathúla ó thaobh léirithe agus cruthaitheachta.

Forbraíonn leanaí mar smaointeoirí cruthaitheacha

  • Laistigh dá gcorp, dá n-aigne, dá mothúcháin agus dá spiorad.
  • Trí rochtain rialta a bheith acu ar spás taobh istigh agus ar spás amuigh faoin spéir araon, inar féidir iniúchadh a dhéanamh agus rudaí a shamhlú.
  • Le minicíocht ama agus deiseanna chun súgradh agus chun cruthú sna healaíona.
  • Tacaithe le soláthar ábhar neamhiata, aeistéitiúil, arna n-aimsiú agus a fhaightear go nádúrtha, ar féidir iad a úsáid agus a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla.
  • Agus iad á gcothú tríd an rannpháirtíocht spraíúil leis an gcomhshaol i gcuideachta le daoine eile.

Is próiseas í an chruthaitheacht

  • Inar féidir na buaicphointí foghlama agus tuisceana a tharlú.
  • A bhraitear agus ar féidir é a dhéanamh agus féachaint air mar staid srutha.
  • A thairgeann eispéiris le haghaidh na foghlama agus na forbartha iomlánaíche.
  • Atá gníomhach, teagmhálach agus céadfach.
  • Ina spreagtar tuiscint ar do nádúr féin, ar an ngníomhaireacht, ar an iontas agus ar an uafás.
  • Ina bhféadfaí cruthú táirgí nó déantáin a tharlú, ach ní i gcónaí.

Ar na gnéithe riachtanacha de na healaíona i bhfoghlaim agus cúram na luathóige, áirítear an t-iniúchadh, an chruthaíocht, an samhlú agus an chumarsáid

  • Díriú ar spriocanna forbartha leathana agus ar chur chuige úrnua, faoi stiúir luas foghlama na bpáistí aonair.
  • Tacaítear leis an tuiscint atá ag na páistí orthu féin agus ar an ngrúpa, ar tuiscint í atá ag forbairt.
  • A éascaíonn leanaí chun naisc a dhéanamh idir an saol inmheánach chomh maith leis an saol lasmuigh dá gcorp.
  • Lena spreagtar an súgradh siombalach agus siombailí a úsáid chun rudaí a chur in iúl agus a léiriú.
  • Lena n-éascaítear an léiriú ealaíonta aonair trí mheáin éagsúla.
  • Lena n-áirítear comhroinnt agus an déanamh aonair, comhoibríoch agus comhchoiteann araon.
Working Principles for Engaging with the Arts in the Early Learning and Care
Amharc amharc

Faisnéis chúlra

Is tionscnamh uile-rialtais é Clár Éire Ildánach, a chuireann an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí, leis an moladh bunúsach go gcuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin chun cinn. Tá Clár Éire Ildánach bunaithe ar chúig chrann taca lena n-áirítear an Óige Ildánach, a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar rochtain leanaí agus daoine óga ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha i seirbhísí um fhoghlaim agus cúram na luathóige agus i seirbhísí cúraim leanaí in aois scoile, agus i scoileanna agus i bpobail freisin. Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY), mar phríomh-chomhpháirtí i gcur i bhfeidhm Óige Ildánach, agus tá sí freagrach as roinnt gníomhartha atá sa Phlean um Óige Ildánach.

Tá DCEDIY tiomanta d’fhorbairt na bpríomhphrionsabal a thacaíonn le rannpháirtíocht ardchaighdeáin leanaí óga leis na healaíona i suíomhanna um fhoghlaim agus cúram na luathóige. In 2019, coimisiúnaíodh taighde chun tuarascáil a fhorbairt lena gcuimseofar forbhreathnú ar an gcaoi a bhfuil an chruthaitheacht, an súgradh agus na healaíona mar ghné de bheartas agus soláthar i bhfoghlaim agus cúram na luathóige; gluais de phríomhthéarmaí; agus na heochairphrionsabail a thacaíonn leis an réimse cleachtais seo a chur in iúl. Bhí an obair seo le bheith mar bhonn eolais ag Síolta, an Creat Cáilíochta Náisiúnta d’Oideachas na Luath-Óige, agus Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige. Tar éis tairiscint rathúil a fháil, roghnaíodh an Dr Triona Stokes ó Ollscoil Mhá Nuad chun an taighde seo a dhéanamh. Bunaíodh grúpa stiúrtha le hionadaithe ó DCEDIY, ón Roinn Oideachais, ón gComhairle Ealaíon, ó fhoireann Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, chun maoirseacht a dhéanamh ar an obair.

I mí na Samhna 2019, reáchtáladh imeacht comhairliúcháin ag DCEDIY chun na dréachtphrionsabail a phlé le healaíontóirí agus le hoideachasóirí luathbhlianta. Tar éis an chomhairliúcháin seo, rinneadh tuilleadh forbartha ar na dréachtphrionsabail. Cé gur chuir paindéim Covid-19 isteach ar na hamlínte bunaidh, foilsíodh na Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus é ar intinn go bhfanfadh siad mar dhréacht fad is a bhí deis ag ealaíontóirí agus oideachasóirí luathbhlianta iad a úsáid agus bailíocht na bprionsabal a fhiosrú ó thaobh praiticiúlachta de.

Discussion Paper on Facilitating the Arts in Early Learning and Care Towards Best Practice Principles
Amharc amharc

Chomh maith leis an gcomhairliúchán seo tá an DCEDIY i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon chun scéim phíolótach a dhéanamh ar na hEalaíona i bhFoghlaim & Cúram na Luath-Óige agus sa Chúram Leanaí ar Aois Scoile. Tá sé mar aidhm ag an gclár píolótach tacú le healaíontóirí gairmiúla agus le heagraíochtaí ealaíon oibriú le suíomhanna um fhoghlaim agus cúram na luathóige agus suíomhanna cúraim leanaí in aois scoile, agus cuimseofar leis iniúchadh agus forbairt na nDréachtphrionsabal maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige. Tá sé mar aidhm ag an gclár píolótach freastal ar leanaí d’aois 3, 4-6 agus 7+ i raon suíomhanna in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Táthar ag súil go mbeidh ocht suíomh san iomlán, agus suas le ceithre ealaíontóir/eagraíocht ealaíon ag glacadh páirt sa chlár píolótach. Beidh an comhairliúchán agus an treoirthionscadal araon mar bhonn eolais leis na Prionsabail a thabhairt chun críche.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag: Ealaíona na luath-óige | An Chomhairle Ealaíon | An Chomhairle Ealaíon

Teagmháil:qualitydevelopment@equality.gov.ie