Comhairliúchán Poiblí chun eolas a chur le Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Óige
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ba mhaith linn cloisteáil uait!
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige chun treoir a thabhairt d’fhorbairt Plean Gníomhaíochta nua do Sheirbhísí Óige.
Cuireann seirbhísí óige in Éirinn deis ar fáil do dhaoine óga idir 10 – 24 bliana d’aois páirt a ghlacadh agus leas a bhaint as raon d’obair óige lasmuigh den scoil agus gníomhaíochtaí agus tacaíochtaí forbartha gaolmhara. Áirítear orthu sin (ach gan a bheith teoranta do) clubanna óige áitiúla, tionscadail agus idirghabhálacha atá dírithe ar dhaoine óga atá i mbaol eisiamh sóisialta, caiféanna óige agus spásanna tacaithe eile do dhaoine óga ina bpobail, cláir mheantóireachta, cláir dhúshláin phearsanta ar nós Gaisce– Duais an Uachtaráin; agus malartuithe agus deiseanna idirnáisiúnta óige.
Tugann seirbhísí óige tacaíocht agus cumhacht do dhaoine óga agus iad ag fás go haosacht, ag cur a bhfolláine chun cinn, ag cabhrú leo a n-acmhainneacht a fhorbairt agus dúshláin a shárú, agus á nascadh lena bpobal agus leis an domhan mór. Léiríonn sonraí ón suirbhe náisiúnta Ag Fás Aníos in Éirinn go raibh 34% de na daoine óga a ndearnadh suirbhé orthu ag aois 13 agus 14% ag aois 17 agus 18 tar éis páirt a ghlacadh i ngrúpa óige de chineál éigin. In 2022, chuir an Roinn beagnach €75 milliún ar fáil chun tacú le seirbhísí óige ar fud na tíre.
Ábhar ár gComharliúcháin
Foilseoidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige a Creat Beartais Náisiúnta nua do Leanaí agus Daoine Óga go luath. Ar cheann de thiomantais an Chreata, tá Plean Gníomhaíochta nua le forbairt do Sheirbhísí Óige le fócas ar fheabhas a chur ar sholáthar seirbhísí óige in Éirinn. Tá se i gceist againn go mbeidh an Plean Gníomhaíochta curtha i gcrích faoi dheireadh 2023.
Is mian linn cinntiú go bhfuil rochtain ag daoine óga ar sheirbhísí óige tarraingteacha, ar ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas agus a oibríonn go maith le chéile agus le hearnálacha eile ar mhaithe le daoine óga.
Chun cabhrú le cur chuige na Roinne a threorú maidir le forbairt an Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Óige, tá do thuairimí á lorg ag an Aire ar sholáthar reatha na seirbhíse óige in Éirinn agus cad iad na feabhsuithe ar mhaith leat a fheiceáil.
Nóta:
Tá fócas an Chomhairliúcháin Phoiblí seo ar obair óige agus ar dheiseanna forbartha agus tacaíochtaí fóillíochta gaolmhara do dhaoine óga. Áirítear orthu sin clubanna agus tionscadail óige, bíodh said dírithe ar gach duine óg nó dírithe ar ghrúpaí ar leith agus áirítear gach meicníocht seachadta; grúpaí agus eagraíochtaí óige sainspéise; cláir mheantóireachta óige; grúpaí faoi éide ar nós na Gasóga agus na Banóglaigh; rannpháirtíocht i ngnóthachtáil óige am fóillíochta, i bhfiontraíocht shóisialta agus i ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta sibhialta agus in obair dheonach faoi stiúir na hóige; malartuithe agus tréimhsí cónaithe óige in Éirinn nó go hidirnáisiúnta; ionaid faisnéise óige; agus spásanna tiomnaithe ar chostas íseal nó saor in aisce do dhaoine óga ar nós caiféanna óige.
Conas Aighneacht a chur isteach
Is féidir do thuairimí a roinnt linn ar cheann amháin de dhá bhealach roimh mheánoíche Dé hAoine 14 Iúil 2023:
- Trí aighneacht i scríbhinn, trí úsáid a bhaint as an teimpléd thíos, agus é a sheoladh mar ríomhphost chuig youthactionplan@equality.gov.ie
Is féidir an aighneacht a chur isteach ar do shon fhéin nó thar ceann d'eagraíochta. Is feidir aighneacht a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge.
- Tríd an nasc suirbhé a fhreagairt thíos.
Suirbhé Poiblí chun eolas a chur le Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Óige
Nóta:
Seans gur mhaith leat freagra a thabhairt ar cheann amháin nó ar an dá rogha thuas, mar go bhfuil ceisteanna éagsúla laistigh de gach ceann acu.
Cé go mb’fhéidir gur mhaith le heagraíocht aighneacht a dhéanamh nó an suirbhé a líonadh isteach thar ceann na heagraíochta ina hiomláine, féadfaidh baill aonair na heagraíochta sin m.sh. féadfaidh baill foirne íoctha, oibrithe deonacha, bainisteoirí, oifigigh óige srl. an suirbhé a chomhlánú ar a son féin freisin.
Cad a dhéanfaimid le do Fhreagraí?
Déanfar athbhreithniú ar na freagraí go léir a gheofar ar an gcomhairliúchán seo agus cuirfear san áireamh iad agus an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Óige á fhorbairt. Comhthiomsófar freagraí i dtuarascáil fhoilsithe agus féadfar sleachta as aighneachtaí nó freagraí suirbhé a lua sa tuarascáil.
Tá gach aighneacht agus trácht a chuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir a n-eisiúint i gcomhréir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014. Tá freagraí a fhaightear faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin - féach Fógra Príobháideachta na Roinne.