English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le hAthbhreithniú ar na Rialacháin d’Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige

Consultation is closed

Tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, tar éis comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacháin a rialaíonn Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige. Beidh an t-athbhreithniú dírithe den chuid is mó ar chumhacht forfheidhmiúcháin na Cigireachta Luathbhlianta Tusla, an rialálaí reachtúil neamhspleách don earnáil. Mar sin féin, chomh maith leis sin, glacfaidh an Roinn an deis le hiniúchadh níos leithne, ach teoranta, a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó cuireadh tús leis na Rialacháin a chur i bhfeidhm in 2016.

Más maith leat do chuid tuairimí a chur in iúl, is féidir leat an suirbhé ar líne seo a chomhlánú faoi 6 Bealtaine, nó freagra a dhéanamh ar an nGairm ar Aighneacht faoi 27 Bealtaine 2022. *Tabhair faoi deara an síneadh ama – Glacfar le haighneachtaí go dtí an Aoine 27 Bealtaine*

An Cuspóir

Déantar foráil maidir le seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luathóige (ELC) san Acht um Chúram Leanaí, 1991 arna leasú le Cuid 12 den Acht fán nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlaigh, 2013(an tAcht) agus Na Rialacháin fán Acht um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta), 2016 (Na Rialacháin). Cuireann an tAcht cumhachtaí substaintiúla ar fáil do Chigireacht Luathbhlianta Tusla (EYI Tusla), an rialtóir reachtúil neamhspleách don earnáil, maidir le clárú, cigireacht agus forfheidhmiú. Leagtar amach sna Rialacháin na híoschaighdeáin nach mór do sheirbhísí ELC a chomhlánú chun clárú le EYI Tusla agus chun seirbhís ELC a oibriú.

In 2019, d'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige ag an am go dtabharfadh an Roinn faoi athbhreithniú ar chumhachtaí forfheidhmithe EYI Tusla agus go ndeachthas i gcomhairle le Cathaoirleach Tusla chun tuairimí an Bhoird a fháil ar an ábhar. Go háirithe, theastaigh ón Aire cumhachtaí Tusla a leathnú chun cur ar a chumas seirbhísí a dhúnadh nó a chur ar fionraí láithreach, i gcásanna ina raibh imní shuntasach sábháilteachta nó leasa aige maidir le seirbhís. Pléadh san athbhreithniú freisin ar conas is féidir tuismitheoirí a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoi imní thromchúiseach faoi sheirbhís atá á himscrúdú ag EYI Tusla.

Cé gur cuireadh tús leis an obair ar an athbhreithniú in 2019, b’éigean stop a chur leis an obair sin le linn phaindéim Covid-19. Chuir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige tús arís leis an obair thábhachtach seo in 2021. Ós rud é go mbíonn tionchar ag rialáil seirbhísí ELC ar raon leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear soláthraithe, oideoirí luathbhlianta, tuismitheoirí agus leanaí, is mian leis an Aire tuairimí na bpáirtithe leasmhara sin agus an pobal i gcoitinne a fháil maidir leis an athbhreithniú.

Conas páirt a ghlacadh

Is féidir teacht ar dhoiciméad eolais maidir leis an athbhreithniú ar na rialacháin ELC anseo Gaeilge Béarla.

Is féidir ár suirbhé a chomhlánú anseo. Beidh ceisteanna ann maidir leis na trí théama atá sa chomhairliúchán.

Is féidir aighneacht níos mionsonraithe a dhéanamh chomh maith tríd an ghairm ar aighneachtaí a léamh agus an teimpléad aighneachta a chomhlánú anseo.

Dé hAoine, 6 Bealtaine 2022 (am scoir gnó) an dáta deiridh chun an suirbhé a chomhlánú. Dé hAoine, 27 Bealtaine 2022 (am scoir gnó) an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.

Dá mbeifeá sásta páirt a ghlacadh in aon chéimeanna eile den chomhairliúchán poiblí seo, e.g. i ngrúpaí fócais, ar mhiste leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag ELCQuality@equality.gov.ie

An méid a dhéanfaimid le do fhreagra

Tiomsóidh agus déanfaidh DCEDIY anailís ar na freagraí. Ina dhiaidh sin, eagrófar grúpaí fócais mar chuid den chomhairliúchán seo. Nuair a bheidh an comhairliúchán críochnaithe, foilseoidh an tAire tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán. Is féidir sleachta as aighneachtaí nó as freagraí ar an suirbhé a lua sa tuarascáil. Cabhróidh do thuairimí le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an reachtaíocht a rialaíonn Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige.

Tabhair faoi deara le do thoil nach dtabharfar freagra ar aighneachtaí.

Saoráil Faisnéise

Is féidir gach aighneacht agus freagra ar an suirbhé a chur amach faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Níor cheart duit faisnéis phearsanta, faisnéis rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach san aighneacht. Glacfar leis gur féidir an fhaisnéis ar fad san aighneacht a chur amach faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.

toradh an chomhairliúcháin

Tá na torthaí an comhairliúchán ar fail anseo.