English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Gairm ar aighneachtaí maidir le Scéim um Aitheantas Aisiríoch le haghaidh Iar-Chónaitheoirí Árais Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlaigh Contae

Consultation is closed

Tá preasráiteas an Aire ar fáil anseo.

Foilsíodh Tuarascáil Dheireanach an Choimisiún Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe Áirithe Gaolmhara) ar an 12 Eanáir 2021, agus tar éis sin tá an Rialtas tiomanta do phlean cuimsitheach gníomhaíochta chun freagra a thabhairt do riachtanais na hiarchónaitheoirí. Bunófar Scéim um Aitheantas Aisiríoch mar phríomhghné den fhreagra seo, agus beidh aitheantas airgeadais agus saghas cárta feabhsaithe leighis san áireamh ann.

Ghlac an Rialtas cabhair ó OAK, comhlacht neamhspleách sainchomhairleoireachta, chun próiseas poiblí comhairliúcháin a threorú, dírithe ar a fháil amach ó gach páirtí leasmhar an méid atá ag teastáil uathu ó Scéim um Aitheantas Aisiríoch. Tarlóidh an próiseas seo idir 10 agus 31 Márta, 2021. [Tabhair faoi deara nach mbaineann an comhairliúchán seo ach leis an Scéim um Aitheantas Aisiríoch amháin. Rachfar i ngleic ar leith le gnéithe eile de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais agus déanfar fógraíocht faoi sin in am trátha.]

Tá dhá bhealach ann le hinsint dúinn an méid a cheapann tú ba cheart a bheith sa scéim: déan aighneacht scríofa agus/nó cláraigh go bhfuil spéis agat freastal ar ghrúpa comhairliúcháin ar líne, a mbeidh éascaithe ag an sainchomhairleoir. Is féidir aighneacht scríofa a dhéanamh i nGaeilge, ach ar an drochuair, beidh na comhairliúcháin ar líne ar fáil i mBéarla amháin.

Chun aighneacht scríofa a dhéanamh, seol ríomhphost chuig submissions@oakconsulting.ie

Chuir sa phost í chuig:

OAK Consulting, FREEPOST F5055

Is é an 31 Márta an dáta deireanach a nglacfar le haighneachtaí scríofa.

Imeachtaí Comhairliúcháin

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, rachaidh OAK Consulting i mbun roinnt imeachtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara idir an 18 agus an 31 Márta 2021. Beidh na himeachtaí seo ar líne, mar gheall ar an bpaindéim.

Tabhair faoi deara: Cuirfear áiteanna ar fáil ar bhonn tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin. Chun an t-éileamh a shásamh, agus chun an rannpháirtíocht a leithne agus is féidir a chumasú, is féidir go mbeidh orainn teorainn a chur ar líon na ndaoine ag an imeacht ó aon eagraíocht amháin.

Más maith leat a bheith páirteach i gcruinniú comhairliúcháin ar líne, téigh i dteagmháil le onlineconsultation@oakconsulting.ie a luaithe agus is féidir chun do spéis a chlárú. Is é an 24 Márta 2021 an dáta deireanach chun clárú le haghaidh na gcruinnithe ar líne.

Má tá aon cheist agat maidir le haighneacht a dhéanamh, nó maidir le clárúcháin a dhéanamh le haghaidh cruinniú comhairliúcháin ar líne, déan teagmháil leis an líne chabhrach faisnéise ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, 01-6473200.

Na Rudaí Ba Cheart a Chur san Aighneacht

Aithníonn an Rialtas na fianaisí, an fhaisnéis agus an chomhroinnt taithí a chuir iar-chónaitheoirí na hÁrais Máithreacha agus Naíonán agus Teaghlaigh Contae ar fáil go cróga. Tá an comhairliúchán seo dírithe ar aighneachtaí a lorg ar an méid ba chóir a bheith san áireamh sa Scéim um Aitheantas Aisiríoch, mar chúiteamh ar na héagóracha a tharla.

Tá treoir ann chun cabhair a thabhairt duit aighneacht a dhéanamh. Is féidir í a fháil anseo, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig submissions@oakconsulting.ie

Tabhair faoi deara go mbeidh na haighneachtaí a gheofar faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus féadfar iad a fhoilsiú mar chuid de thuarascáil dheireanach faoin Scéim um Aitheantas Aisiríoch. Pléifear le haon sonraí pearsanta a chuirtear isteach mar chuid den phróiseas comhairliúcháin de réir ceanglas an GDPR agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 - 2018.

Tuilleadh treorach le haghaidh cruinnithe comhairliúcháin ar líne