Seirbhís do Chustaiméirí DCEDIY
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 31 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 20 Feabhra 2025
- Seirbhís do Chustaiméirí
- Ár nGealltanais
- Fiosrúcháin Teileafóin
- Glaoiteoirí Pearsanta
- Comhionannas/Éagsúlacht
- Séirbhís trí Ghaeilge/Service in Irish
- Gearáin ó Chustaiméirí
- Cuidigh Linn chuig Cuidigh Leat
- Teagmhálaithe Úsáideacha
- Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Cairt Chustaiméirí 2022-2025
Seirbhís do Chustaiméirí
Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige lántiomanta do chaighdeán seirbhíse agus cóir chomhionann a sheachadadh dár gcustaiméirí go léir. Tá sé mar aidhm againn i gcónaí seirbhís ghairmiúil, éifeachtach agus chúirtéiseach a sholáthar dár gcustaiméirí agus déanfaimid ár ndícheall caighdeáin na seirbhíse a chuirtear ar fáil a fheabhsú.
Is é cuspóir árPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Cairt Chustaiméirí 2022-2025 ná caighdeán na seirbhíse a leagan amach is féidir lenár gcustaiméirí a bheith ag súil le fáil ón Roinn.
Dearbhaíonn ár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2022-2025 agus an Chairt Chustaiméirí a bhaineann leis ár ngealltanas do sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí go léir.
Imlíníonn ár gCairt Chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil a fháil nuair a idirghníomhaíonn siad linn.
Leagann an Plean Gníomhaíochta amach conas a chuirfimid gealltanais na Cairte i bhfeidhm, agus athbhreithniú agus tuairisciú ar ár bhfeidhmíocht ina leith seo.
Ár nGealltanais
Tá sástacht chustaiméirí an-tábhachtach dúinn.
Tá sé mar aidhm againn é seo a bhaint amach trí:
- an tseirbhís agus an chomhairle is fearr is féidir a thabhairt dár gcustaiméirí
- caitheamh le custaiméirí ar bhealach ceart, cothrom, neamhchlaonta agus cúirtéiseach
- a bheith dírithe ar a chinntiú go seastar leis na cearta chun córa comhionainne atá leagtha amach sa reachtaíocht comhionannais agus ár seirbhísí á seachadadh
- iarracht a dhéanamh, nuair is féidir, freastal ar aon riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith ag ár gcustaiméirí
Fiosrúcháin Teileafóin
Táimid ar fáil chun glaonna teileafóin a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oifige (9.15am – 5.30pm Luan go Déardaoin, 9.15am - 5.15pm Dé hAoine).
Tá sé mar aidhm againn gach glaoch a fhreagairt go héifeachtach. Aithneoimid sinn féin, agus ár réimse oibre, go mbeimid dea-bhéasach agus cuidiúil, agus déanfaimid ár ndícheall faisnéis shoiléir cheart a sholáthar dár gcustaiméirí.
Mura féidir linn freagra a thabhairt láithreach, tógfaimid sonraí an chustaiméara agus cuirfimid glaoch ar ais ag am oiriúnach.
Ní nascfaimid glaoiteoirí le glórphost ach amháin mura bhfuil an duine ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis ar fáil agus déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí glórphoist laistigh de lá oibre amháin.
Glaoiteoirí Pearsanta
Beimid ar fáil chun bualadh lenár gcustaiméirí trí choinne le linn gnáthuaireanta oifige, agus nuair is gá, déanfaimid iarracht a bheith solúbtha faoinár infhaighteacht féin ag amanna lasmuigh de na huaireanta seo.
Comhionannas/Éagsúlacht
Méadóimid na leibhéil eolais sa Roinn faoi chomhionannas agus éagsúlacht agus déanfaimid é seo trí oiliúint, faisnéis agus cumarsáid.
Inár ndéileálacha le custaiméirí, déanaimid ár ndícheall a chinntiú go seastar lena gcearta ar dhéileáil chomhionann, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht Chomhionannais.
Séirbhís trí Ghaeilge/Service in Irish
Tabharfar freagra as Gaeilge ar chomhfreagras a gheofar i nGaeilge. Déanfar gach iarracht freastal ar fhiafraithe teileafóin i nGaeilge agus freastal ar dhaoine a thagann i láthair ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Gearáin ó Chustaiméirí
Má tá gearán ag custaiméir faoin tseirbhís atá curtha ar fáil againn ba chóir dóibh iarraidh labhairt le bainisteoir líne an cheantair i gceist, a dhéanfaidh an gearán a fhiosrú.
Mura bhfuil sé sásta leis an toradh, is féidir leis an gcustaiméir scríobh chuig an Oifigeach Seirbhíse do Chustaiméirí don Roinn (tá na sonraí thíos faoi Teagmhálacha Úsáideacha).
Admhóimid gearáin laistigh de 5 lá oibre de ghnáth agus déanfaimid ár ndícheall déileáil leo laistigh de 15 lá oibre. Má bhíonn gá le tuilleadh imscrúdaithe, cuirfimid in iúl don chustaiméir agus déanfaimid iarracht teacht ar réiteach laistigh de 20 lá oibre.
Tá na próisis chun déileáil le gearáin leagtha amach i Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Cairt Chustaiméirí 2022-2025
Mura bhfuil custaiméir sásta le toradh an imscrúdaithe ar ghearán, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Oifigeach Achomhairc (tá sonraí teagmhála thíos faoi Teagmhálacha Úsáideacha). Beidh na spriocdhátaí le haghaidh freagra a thabhairt ar achomhairc mar an gcéanna leis na spriocdhátaí do ghearáin fhoirmiúla (a leagtar amach thuas).
Mura bhfuil custaiméir sásta fós le toradh imscrúdaithe ar ghearán féadfaidh sé dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman.
Cuidigh Linn chuig Cuidigh Leat
Is fearr is féidir linn cabhrú leat má:
- sholáthraíonn tú aon fhaisnéis atá agat a bhaineann le d’fhiosrúchán
- sholáthraíonn tú aon doiciméid ábhartha agus uimhreacha tagartha atá agat
- leanann tú aon seicliostaí nó treoirlínte a tugadh duit
- chaitheann tú go cúirtéiseach lenár bhfoireann agus lenár gcustaiméirí eile
Teagmhálaithe Úsáideacha
Customer Service Officer, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 647 3000
Access Officer, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 647 3000
- Achoimre:
- Access Officers are responsible for providing or arranging for assistance and guidance to persons with disabilities accessing services provided by the Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth. They act as a point of contact for people with disabilities wishing to access such services. The contact details shown above should be used for queries relating to persons with disabilities.
Freedom of Information Officer, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
Data Protection Officer, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 237 6037
Complaints Appeals Officer, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin 2, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (01) 647 3000
Press Office, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower,, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 539 3801
Minister's Office, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 647 3000
National Childcare Scheme, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 647 3000
Early Years, Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Baggot Street Lower, Dublin, D02 XWI4
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 647 3000