English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Éire Óg

Is éard is Éire Óg ann ná creat beartais na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga suas go dtí 24 bliana d'aois, a chlúdaíonn an tréimhse 2023-2028. Is í an fhís atá aici ná Éire a urramaíonn go hiomlán agus a thuigeann cearta leanaí agus daoine óga. Tá sé dírithe ar dhul i ngleic leis na dúshláin is mó a théann i bhfeidhm ar leanaí agus ar dhaoine óga in Éirinn sa lá atá innú ann, agus cuireann sé struchtúir láidre ar bun le cinntiú go bhfuil cearta leanaí agus daoine óga ar thús cadhnaíochta nuair a dhéanaimid cinntí a théann i bhfeidhm ar a saolta.

Más mian leat coinneáil suas chun dáta maidir le himeachtaí, tionscnaimh and deiseanna a bhaineann le Éire Óg, cláraigh lenár liosta seoltaí trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag youngireland@equality.gov.ie.

Cliceáil anseo chun an Creat Beartais Náisiúnta a léamh agus anseo chun breathnú ar fhoilseacháin a bhaineann le Éire Óg.


GLAO AR LÉIRITHE SPÉISE - Cathaoirleach ar Chomhairle Chomhairleach Éire Óg

Tá Léirithe Spéise á lorg ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) faoi láthair do Chathaoirleach Chomhairle Chomhairleach Éire Óg. Tá tuilleadh eolais faoin ról seo agus conas iarratas a dhéanamh le fáil anseo: Expression of interest - Young Ireland Advisory Council Chair

Dáta deiridh: 24 Aibreán 2025