Ábhar Machnaimh
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2021
- Réamhrá
- Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí Físeáin
- Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí i bhfoirm Íomhánna
- Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí i bhfoirm Téacs
Réamhrá
Is feachtas náisiúnta é feachtas Amach Os Ard a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ agus a thugann léargas ar a sofheictheacht, a luach agus a gcuimsiú.
Táimid ag lorg scéalta dearfacha ó gach earnáil den tsochaí. Glacfar le trí chineál aighneachtaí: físeán, íomhá agus téacs. Anseo thíos, tá liosta smaointe a chabhróidh leat d’aighneacht féin a fhorbairt. Ní liosta teoranta é seo, agus ná bíodh drogall ort smaoineamh de do chuid féin nach bhfuil liostaithe thíos a fhorbairt.
Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí Físeáin
- Dialann phearsanta ó dhuine óg LGBTI+ ag labhairt faoina (h)éispéiris féin ar scoil, i gclub óige, nó le foireann spóirt etc.
- Físeán de ghrúpa daoine óga ag labhairt faoin mbealach ar chinntigh siad go raibh a ngrúpa LGBTI+ á chur san áireamh
- Duine óg ag cur oideachasóir faoi agallamh maidir le conas a dhéanann a scoil/coláiste ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+
- Físeán ó chóitseálaí/teagascóir foireann/club spóirt ag labhairt faoi aird daoine óga LGBTI+ a tharraingt ar a fhoireann/club agus faoin gcaoi a bhfáiltítear rompu
- Físeán beoite cruthaithe le haghaidh féile LGBTI+ nó ceiliúradh Bhród na nAerach a tharraingíonn aird ar rannpháirtíocht daoine óga LGBTI+
Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí i bhfoirm Íomhánna
- Grianghraf de ghrúpa daoine óga LGBTI+ i mbun ceiliúradh a dhéanamh ar Bhród na nAerach le bratacha, stiallbhratacha nó íomhánna eile a bhaineann le LGBTI+
- Grianghraf nó múrphictiúr cruthaithe chun fáilte a chur roimh dhaoine óga LGBTI+ chuig foireann scoile, coláiste nó spóirt
- Grianghraf/leagan scanta de shaothar ealaíne (líníocht/péintéireacht/póstaer digiteach etc.) cruthaithe chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga LGBTI+
- Grianghraf de rang/scoil/grúpa daoine óga bailithe le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain Feasachta LGBTI+
- Grianghraf de gheansaí/póstaer/bratach cruthaithe ag grúpa spóirt/ealaíne chun na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu daoine óga LGBTI+ a chur chun cinn
Ábhar Machnaimh agus Smaointe le haghaidh Aighneachtaí i bhfoirm Téacs
- Aiste scríofa ag duine óg LGBTI+ faoina (h)eispéireas féin
- Dán scríofa ag duine óg LGBTI+ ag míniú go cruthaitheach an tionchar dearfach a bhí ag a scoil/club óige/foireann spóirt air/uirthi
- Óráid tugtha ag ceannaire óige ag imeacht Bhród na nAerach LGBTI+ ag coláiste/scoil/grúpa óige chun ceiliúradh a dhéanamh ar ionchuimsitheacht daoine óga
- Liricí amhráin scríofa ag duine óg LGBTI+ do sheó tallainne scoile a insíonn a scéal agus chomh sofheicthe is a shíleann siad atá siad ina bpobal féin
- Píosa filíochta ó bhéal cruthaithe chun aird a tharraingt ar ionchuimsitheacht daoine óga LGBTI+ i mbaile/i bpobal