Bímis ag Spraoi le linn COVID-19
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 22 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2025
- Am Spraoi i rith Géarchéime
- Ag tacú le hAm Spraoi do Linbh
- Am Spraoi Torannach
- Spraoi Míshlachtmhar
- Ag Spraoi Amuigh faoin Aer
- Ag spraoi nuair nach féidir leat dul amach faoin aer
- Dianseasmhacht a Fhorbairt agus Leanaí a Choinneáil Machnamhach
- An Ceart chun Súgartha
- Na cineálacha súgartha
Am Spraoi i rith Géarchéime
Cabhraíonn am spraoi le sláinte fhisiciúil agus le meabhairshláinte leanaí. Is gnáthchuid d’óige shona shláintiúil é am spraoi. Tá am spraoi díreach chomh tábhachtach céanna i rith géarchéime cosúil le paindéim an choróinvíris. Cabhraíonn sé le leanaí a gcuid mothúchán a bhainistiú agus glacadh leis go bhfuil agus go mbeidh gach rud ceart go leor.
Le linn géarchéime, cabhraíonn am spraoi le leanaí:
- lena sláinte mhothúchánach
- leanúint le gníomhaíocht fhisiciúil, tabhairt faoi roinnt aclaíochta
- a scíth a ligean agus imní an tsaoil a ligean i ndearmad
- ciall a bhaint as eispéiris agus athruithe nua ina saol féin
- déileáil le mothúcháin atá dúshlánach nó scanrúil
Ag spraoi sa bhaile
Bealach iontach chun tacú le sláinte, sonas agus forbairt leanaí i rith na géarchéime reatha é teacht ar bhealaí a thabharfaidh deis dóibh a bheith ag spraoi sa bhaile. Téann am a chaitheamh i mbun spraoi agus súgartha le do leanbh chun tairbhe an caidreamh atá agat le do leanbh agus chun tairbhe do mheabhairshláinte féin chomh maith.
Chomh maith leis sin, féadfaidh am spraoi do leanbh a chosaint ó chuid de na himpleachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim seo.
Mar shampla:
- tá dlúthnasc idir am spraoi agus cruthaitheacht – tá samhlaíocht agus fadhbréiteach i gceist
- cabhraíonn spraoi le forbairt daoine óga trí rudaí a dhéanamh agus a bheith ag caint. Is é seo an bealach a fhoghlaimíonn siad conas a machnamh a dhéanamh freisin
- i rith am spraoi b’fhéidir go mbeadh ar do leanbh rudaí a dhéanamh agus a athdhéanamh – is bealach amháin é seo a chabhróidh leis/léi an méid atá ag tarlú a thuiscint
- má bhíonn deis ag leanaí a gcuid mothúchán a chur in iúl bíonn siad in ann glacadh leo agus mothaíonn siad go bhfuil smacht acu ar a gcuid mothúchán féin
- tugann am spraoi deis do do leanbh fearg agus frustrachas a chur in iúl go sábháilte gan dochar a dhéanamh do dhaoine eile, nó gan dochar a dhéanamh dó/di féin
- tugann am spraoi deis do do leanbh a láidreachtaí agus cumas féin chun déileáil leis an saol a fhorbairt
Is casadh nua sa saol dúinn ar fad tréimhsí fada a chaitheamh sa bhaile agus a bheith scartha ó chairde, baill teaghlaigh, gnáthaimh agus áiteanna ar breá linn cuairt a thabhairt orthu. Is próiseas nádúrtha agus gníomhach é spraoi a d’fhéadfadh cabhrú linn.
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Ag tacú le hAm Spraoi do Linbh
Téann leanaí i mbun spraoi go nádúrtha. De ghnáth, is iad na rudaí is tábhachtaí is féidir leat a dhéanamh tacú leis seo agus dóthain spáis agus ama a thabhairt do do leanbh chun a bheith ag spraoi gach lá agus a bheith tuisceanach. Más léir do do leanbh go bhfuil tú sásta nuair atá sé/sí ag spraoi, bainfidh sé/sí níos mó taitneamh as.
I rith phaindéim an choróinvíris, beidh do leanbh sa bhaile ar feadh tréimhsí fada. B’fhéidir go mbeidh leanaí scartha go fisiciúil ó chairde, baill teaghlaigh, gnáthaimh agus áiteanna a mbaineann tábhacht leo. Is casadh nua é seo i saol na leanaí – agus inár saol féin freisin.
B’fhéidir go dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil do leanbh ag spraoi ar bhealach difriúil. B’fhéidir go mbeidh fonn ar leanaí a bheith i mbun cineálacha spraoi a thaitin leo nuair a bhí siad níos óige. B’fhéidir go mbeidh fonn orthu cluichí a imirt a bhaineann le tinneas, caillteanas nó bás fiú. B’fhéidir go mbeidh lorg a gcuid mothúchán, cosúil le frustrachas, leadrán nó mearbhall, le feiceáil ina gcuid spraoi.
Ag freagairt do spraoi do linbh
Is bealach amháin a chabhraíonn le leanaí déileáil le strus agus an saol mar atá é spraoi. Nuair a bhíonn leanaí ag spraoi, bíonn siad ag teacht ar thuiscint ar a gcuid smaointe féin agus conas ba cheart dóibh freagairt.
Mura bhfuil do leanbh míshuaimhneach nó i mbun spraoi an t-am ar fad, is féidir leat glacadh leis go bhfuil am spraoi ag cabhrú leis/léi déileáil leis an saol mar atá faoi láthair.
D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh do leanbh ag brath ort níos mó ná mar is iondúil lena chinntiú go bhfuil rudaí aige/aici le bheith ag spraoi leo, agus spás agus am le bheith ag spraoi gach lá. Uaireanta, b’fhéidir go mbeadh ort níos mó ama a chaitheamh leis/léi lena chinntiú go mothaíonn sé/sí slán sábháilte.
Samplaí de bhealaí ar féidir leat tacú le ham spraoi do linbh, gan a bheith i gceannas nó á threorú:
- fan go dtabharfar cuireadh chun spraoi duit. Má tá do leanbh sona sásta ag spraoi, ní gá aon rud a dhéanamh
- ná cuir isteach ar am spraoi do linbh. Má tá do leanbh sona sásta i mbun spraoi, ná cas air an teilifís nó an consól cluichí, ná fiafraigh ceisteanna agus ná fiafraigh de do leanbh éirigh as an spraoi agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile
- lig do do leanbh a bheith i mbun taiscéalaíochta agus botúin a dhéanamh. Lig do do leanbh triail a bhaint as rudaí éagsúla agus a c(h)uid smaointe féin a fhorbairt gan cur isteach air/uirthi
- lig do do leanbh a scileanna féin a fhorbairt ag a luas féin. Uaireanta, b’fhéidir go mbeadh fonn ort cabhrú le do leanbh nuair a bhíonn sé/sí ag streachailt ach sin é an bealach a fhoghlaimíonn leanaí
- lig do leanaí téamaí a gcluichí a roghnú. Fiú amháin má tá an chuma ar an scéal go bhfuil na téamaí casta nó goilliúnach, fág na leanaí i mbun spraoi
Is noda ginearálta iad seo chun tacú le ham spraoi do linbh. Bíodh muinín agat as do bhreithiúnas féin.
B’fhéidir gur mhaith le do leanbh dá mbeadh tú ag spraoi leis/léi nó go mbeadh tú taobh leis/léi, ionas go mbraithfidh do leanbh slán sábháilte. Chomh maith leis sin, b’fhéidir gur mhaith le leanaí a bheith ag spraoi leo féin – mura bhfuil taithí acu ar an oiread seo ama a chaitheamh taobh istigh leatsa, mar shampla.
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Am Spraoi Torannach
Uaireanta, úsáideann leanaí am spraoi le haghaidh na gcúiseanna seo:
- déileáil le mothúcháin chasta
- do fhreagairt a thástáil
- mothú sástachta nó smachta
Is eispéireas nua é seo do do leanbh, atá ag cur mearbhall agus scanradh ar dhaoine fásta, freisin.
Is bealach an-tábhachtach é spraoi chun cabhrú le do leanbh an méid atá á chloisteáil, á fheiceáil agus á bhrath a thuiscint – agus déileáil leis. Bíonn sé deacair déileáil leis an saol nuair nach féidir linn ár rogha rud a dhéanamh, nó nuair nach bhfuil a fhios againn cén fhad a leanfaidh an saol ar aghaidh mar seo.
An cineál spraoi a d’fhéadfadh a bheith i gceist nuair atá imní ar leanaí agus nuair atá mearbhall orthu
Bealach amháin a chabhraíonn le leanaí déileáil le hathrú é am spraoi.
B’fhéidir go n-athróidh an modh spraoi atá acu – torannach agus scriosach, nó ciúin agus suaimhneach.
Seo a leanas roinnt samplaí de spraoi a d’fhéadfá a thabhairt faoi deara:
- go leor torainn – screadaíl, ag canadh os ard, ag bualadh drumaí, nó rudaí eile, mar shampla
- a bheith míshásta le bréagáin nó le hoibiachtaí – piliúir a bhualadh nó teidí a chaitheamh, mar shampla
- rud éigin atá déanta acu féin a scriosadh – pictiúr a stróiceadh nó túir a leagan, mar shampla
- dul isteach i spás beag – bosca cairtchláir, spás faoin leaba, pluais déanta as braillíní agus piliúir, mar shampla
- ag troid go spraíúil agus spraoi ‘garbh agus neamhshocair’ leatsa nó lena s(h)iblíní
B’fhéidir go mbeidh fonn ar leanaí níos sine agus ar dhéagóirí a bheith ag spraoi mar seo freisin. Tá sé tábhachtach nach ndéanaimid dearmad go dteastaíonn am agus spás ó leanaí níos sine le bheith ag spraoi freisin.
Conas is féidir leat an cineál seo spraoi a bhainistiú sa bhaile
Is mór an chabhair é má thuigeann tú gurb ionann é seo agus iarracht a bheith á déanamh ag do leanbh déileáil leis an saol nua seo. É sin ráite, nuair atá tú sáinnithe sa teach ní bhíonn sé deacair déileáil leis.
- labhair le do chomharsana má tá imní ort faoin tionchar atá ag torann an chineáil seo spraoi orthu. Is breá le go leor daoine a leanaí a chloisteáil ag spraoi, ach síleann daoine eile fós go gcuireann sé isteach ar ghnáthaimh chodlata nó ar ghníomhaíochtaí eile. B’fhéidir go mbeidh gá le comhréiteach agus le tuiscint ón dá thaobh
- aimsigh rudaí ar féidir le do leanbh a bheith ag spraoi leo nach cuma má stróictear iad nó má tharraingítear ó chéile iad – seanbhraillíní, boscaí cairtchláir agus cúisíní, mar shampla
- faigh roinnt taos súgartha nó taos múnlaithe eile ar féidir é a lascadh, a fháisceadh agus a phriocadh. Má tá plúr agus ola sa teach, d’fhéadfá do thaos súgartha féin a dhéanamh
- má tá do leanbh sách sean, labhair leis nó léi faoi na hamanna ar féidir go leor torainn a dhéanamh agus faoi na hamanna nach mór dóibh a bheith níos ciúine
- tabhair rud éigin do do leanbh ionas gur féidir leis/léi go leor torainn a dhéanamh – claibíní boscaí bruscair, bataí druma nó sáspain agus friochtáin, mar shampla. Lig dóibh an oiread torainn agus is mian leo a dhéanamh ar feadh tréimhse áirithe ama – a mhéid torainn is féidir leat féin agus na comharsana déileáil leis – agus mínigh dóibh nuair atá an t-am caite nach mór dóibh gach rud a chur ar ais san áit cheart arís
- cuir in iúl do do leanbh go dtuigeann tú go dteastaíonn am spraoi uaidh/uaithi. Cuir in iúl dó/di go bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh sé/sí ag spraoi gan dochar a dhéanamh dó/di féin, don teach agus do dhaoine eile
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Spraoi Míshlachtmhar
Is féidir am spraoi atá míshlachtmhar agus lán taitnimh a eagrú beag beann ar aois an linbh. Ach nuair atá tú féin agus do leanbh sa bhaile le chéile ar feadh tamaill fhada, d’fhéadfadh go mbeadh sé níos deacra déileáil leis.
Is cuid nádúrtha den spraoi é a bheith míshlachtmhar.
Áirítear ann:
- do chuid céadfaí ar fad a úsáid chun rudaí a fheiceáil, lámh a leagan ar rudaí, boladh a fháil, agus fuaimeanna a chloisteáil
- a bheith cruthaitheach agus samhlaíoch
- foghlaim faoin méid a dhéanann rudaí áirithe – céard a tharlaíonn nuair a mheascann dathanna nó conas a shileann uisce nó conas a snámhann bolgáin, mar shampla
- sástacht a bhaint as rudaí a fháisceadh le chéile, rudaí a tharraingt óna chéile, agus praiseach a dhéanamh chun an t-am a mheilt
- píosa spraoi a bheith agat ag slaparnach, ag scigireacht agus ag cigilt
Spraoi míshlachtmhar maidir leis an gcoróinvíreas
I rith na géarchéime reatha, b’fhéidir go mbainfeadh do leanbh tairbhe as spraoi míshlachtmhar chun:
- a dtuairimí maidir le frídíní, víris agus conas a scaiptear iad ó dhuine go duine a phlé
- samhlacha nó íomhánna a chruthú den rud is víreas ann nó den mhéid a dhéanann víreas, agus pearsantacht a thabhairt dó b’fhéidir
Má tá sé seo á dhéanamh ag do leanbh, is féidir leat cabhrú leis/léi tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- deis a thabhairt a bheith ag spraoi gan cur isteach air/uirthi, ionas gur féidir leis/léi rudaí a oibriú amach ar bhealach a chabhraíonn leis/léi déileáil leis an méid atá ag tarlú
- am spraoi a úsáid chun tús a chur le comhrá maidir leis an víreas agus éifeachtaí an víris
Noda chun déileáil le spraoi míshlachtmhar sa bhaile
D’fhéadfadh go mbeadh sé níos deacra déileáil le míshlacht ar fud an tí – nó éadaí a ní agus a thriomú – nuair a bhíonn an oiread sin ama á chaitheamh agat sa teach. Agus b’fhéidir go mbeadh imní ar leanaí go mbeidh siad ag cur leis an strus, freisin.
Is é an rud is tábhachtaí iarracht a dhéanamh cothromaíocht a oireann do do theaghlach a chinntiú.
Seo thíos roinnt moltaí:
- cuir in iúl do do leanbh gur cuma leat má éiríonn a c(h)uid éadaí fliuch nó salach nuair a bhíonn sé/sí ag spraoi
- coinnigh roinnt sean-éadaí a bheidh do leanbh in ann a chaitheamh nuair a bhíonn sé/sí ag spraoi
- tabhair deis do do leanbh cabhrú leat nuair atá éadaí agus bréagáin shalacha á nglanadh agus á n-eagrú agat
- clúdaigh an t-urlár nó an bord le sean-éadaí nó le nuachtán
- inis do do leanbh cá háit is féidir leis/léi a bheith ag spraoi sa teach agus cá háit nach féidir leis/léi a bheith ag spraoi sa teach
- ná déan dearmad, gur féidir a bheith ag spraoi le huisce sa seomra folctha
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Ag Spraoi Amuigh faoin Aer
Téann tamall amuigh faoin aer chun tairbhe ár meabhairshláinte agus ár sláinte fhisiciúil. Is féidir leis cabhrú freisin chun an brú a eascraíonn ón oiread sin ama a bheith á chaitheamh ag teaghlaigh i dteannta a chéile taobh istigh a laghdú.
Tabhair Aire Duit Féin
B’fhéidir go mbeidh cead agat roinnt ama a chaitheamh taobh amuigh faoin aer gach lá i mbun aclaíochta. Tá treoracha éagsúla á dtabhairt i ngach tír agus d’fhéadfadh go mbeadh athruithe le tabhairt faoi deara de réir mar a leanann paindéim an choróinvíris ar aghaidh. Lean an treoir oifigiúil is cuma cá bhfuil tú.
- má théann tú amach faoin aer, fan dhá mhéadar (sé troithe) amach ó dhaoine eile an t-am ar fad
- nigh do lámha a luaithe a théann tú abhaile
- ná buail le daoine nach bhfuil tú i do chónaí sa teach céanna leo – fiú amháin cairde nó baill teaghlaigh eile
- seachain do chuid aclaíochta a dhéanamh in áiteanna gnóthacha mura féidir leat fanacht dhá mhéadar ó dhaoine eile
Bain taitneamh as tamall a chaitheamh amuigh faoin aer
Is cuma más amuigh ar shráideanna cathrach atá tú, nó i bpáirc amuigh faoin tuath, tá an dúlra mórthimpeall ort.
- stop ar feadh nóiméid, caith súil mórthimpeall ort agus labhair le do leanbh faoin méid a fheiceann tú agus faoin mbealach a mhothaíonn tú
- tabhair barróg do chrann, seas suas ar charraig, aimsigh fiailí i scoilteanna sa chosán
- foghlaim ainmneacha na bplandaí, na gcrann agus na n-éan a aimsíonn tú i do cheantar áitiúil. Cé mhéad acu a fheiceann tú nuair a bhíonn tú taobh amuigh?
- caith tamall ag faire ar an aimsir agus i mbun réamhaisnéise – an féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt faoin gcineál aimsire a bheidh ann amach sa lá, amárach nó an tseachtain seo chugainn? Céard faoi dhialann aimsire lán líníochtaí agus nótaí a choimeád?
- tóg grianghraif, tarraing líníochtaí, scríobh dánta, inis scéalta
- téigh ar thóir foráiste. Foghlaim faoi na rudaí ar féidir leat iad a ithe a fhásann go fiáin i do thimpeallacht áitiúil
- roghnaigh áit amháin chun cuairt a thabhairt air go rialta – crann, tor, sruthán, canáil, mar shampla – agus tabhair aird ar na hathruithe a bhíonn le feiceáil ó lá go lá. An bhfuil duilleoga agus bachlóga ag oscailt? An bhfuil feithidí ag teacht chun cónaithe ann?
- téigh amach ag amanna difriúla i rith an lae má cheadaítear é sin de réir na rialachán áitiúil – luath ar maidin, éirí na gréine, meán lae, clapsholas, i rith na hoíche. Céard a thugann tú féin agus do leanbh faoi deara faoin ngrian agus faoin ngealach, scáileanna agus éifeachtaí solais?
Cluichí simplí ar féidir iad a imirt fad is atá tú amuigh faoin aer
- cluichí cosúil le ‘feicim le mo shúile beaga cinn’
- tóraíocht taisce
- léim ar an spota, preab, bí ag siúl i ndiaidh do chúil, déan seasamh lámh, déan cleas an rotha, léim i locháin uisce, téigh sa tóir ar scáileanna
- scéalaíocht, imir cluichí samhlaíocha agus fantaisíochta
- tarraing pictiúir ar chosáin agus ar cholbhaí le cailc
- badmantan agus cluichí le bataí, liathróidí agus fáinní
- cluichí a imríonn do leanbh ar scoil agus sa naíscoil – is féidir leat deis a thabhairt dó/di na cluichí a mhúineadh duit
- bréagáin bheaga ón mbaile a thabhairt leat – ainmhithe nó carranna bréige, mar shampla, ar féidir a bheith ag spraoi leo amuigh faoin aer
- cluichí cothromaíochta – ar cholbhaí nó línte ar an gcosán, mar shampla
- rudaí cosúil le púróga, maidí, agus duilleoga a bhailiú, ar féidir leat iad a thabhairt abhaile leat agus a bheith ag spraoi leo
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Ag spraoi nuair nach féidir leat dul amach faoin aer
Tá eispéiris neamhghnácha agus dhúshlánacha do leanaí agus do theaghlaigh cruthaithe ag paindéim an choróinvíris. Ceann acu seo is ea gan a bheith in ann dul amach faoin aer.
Cruthaíonn sé seo dúshlán go háirithe má tá do theach plódaithe, nó mura bhfuil do chomharsana i bhfad uait.
Tá sé intuigthe go mbeadh daoine faoi bhrú nó trína chéile. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt duit féin agus teacht ar bhealaí a chabhraíonn leat do scíth a ligean.
Seo thíos roinnt moltaí a d’fhéadfadh cabhrú leat:
- ná déan dearmad nach mbeidh do leanbh ag súil leis go mbeidh gach rud a dhéanann tú foirfe. Is é an rud is tábhachtaí, go dtuigfidh sé/sí go bhfuil cion agat air/uirthi agus go bhfuil tú ag iarraidh aire a thabhairt dó/di
- má tá do leanbh ag spraoi go sona, tá sé ceart go leor cead a thabhairt dó/di leanúint ar aghaidh ag spraoi fad is atá do scíth á ligean agat agus go bhfuil sos á ghlacadh agat
- tá sé ceart go leor má tá do leanbh bréan den saol uaireanta. Ní gá go mbeadh siamsaíocht á cur ar fáil dó/di an t-am ar fad
- nuair a bhíonn tú ag spraoi le do leanbh, déan iarracht cúraimí eile an tsaoil a ligean i ndearmad. Bain taitneamh as an am a chaitheann tú ag spraoi leo
- tá sé ceart go leor a chur in iúl dóibh go bhfuil tú tuirseach ag spraoi, go dteastaíonn sos uait, nó go bhfuil rud éigin eile le déanamh agat
Is bealach é spraoi chun nasc a chruthú leis an saol mór. Seo thíos roinnt moltaí maidir le cluichí a d’fhéadfá a imirt sa bhaile.
Cluichí le himirt fad is atá tú ag breathnú amach an fhuinneog:
- comhairigh líon na gcarranna nó na gcat nó na ndaoine a fheiceann tú
- cum scéalta faoin méid a fheiceann tú. Céard atá beartaithe ag an gcat, mar shampla? Cén t-ainm atá air? Cén chuma a bheadh ar an saol dá mba rud é gur cat tusa?
- an féidir leat na soilse sráide a fheiceáil á gcasadh as agus á gcasadh air sa tráthnóna agus ar maidin? An féidir leat na héin a chloisteáil ag canadh ar maidin agus iad ag fáil faoi réir lena scíth a ligean san oíche?
- i rith na hoíche, bí ag faire amach do na réalta agus don ghealach, íomhánna agus scáileanna, éin, sciatháin leathair agus fiadhúlra eile ag dul ó áit go háit
Bí cinnte i gcónaí go bhfuil leanaí sábháilte nuair a bhíonn siad in aice le fuinneoga.
Tabhair píosa den dúlra isteach sa teach leat:
- cuardaigh rudaí ar féidir leat a bheith ag spraoi leo atá déanta d’ábhair nádúrtha – spúnóga adhmaid, cléibh chaolaigh, cadás, síoda, púróga nó cleití
- bain triail as gairdín beag a chur ag fás taobh istigh i bpotaí taobh le fuinneog. D’fhéadfá luibheanna a fhás chun boladh agus blas deas a chruthú, nó d’fhéadfá síolplandaí a chur más mian leat bláthanna a fhás
- bain triail as gairdín ealaíniúil a chruthú ar thráidire, déan crainn, plandaí agus éin ó ábhair atá caite timpeall an tí cosúil le páipéar beartán, páipéar síoda, páipéir mhilseáin agus cairtchlár
- foghlaim conas éin agus feithidí a shainaithint trí leabhar a úsáid nó cuardach ar líne a dhéanamh
Déan iarracht fanacht gníomhach:
Baineann dúshlán le leanúint leis an ngníomhaíocht fhisiciúil sa bhaile, ach tá go leor buntáistí ag baint leis an aclaíocht – do ghiúmar a fheabhsú (agus giúmar do linbh) agus codladh níos fearr, mar shampla.
- cas air an ceol agus tosaigh ag damhsa – bain triail as damhsa greannmhar, mallghluaiseacht, lean mise nó saorstíl
- aclaíocht – cruthaigh giomnáisiam i do sheomra. Bain triail as roinnt suíonna aniar, rith ar an spota nó seasamh ar leathchos. Iarr ar do leanbh an aclaíocht a dhéanann sé/sí ar scoil a thaispeáint duit
- spraoi garbh agus neamhshocair – cruthaíonn coraíocht spraíúil fuinnimh agus deis súgartha. Is féidir leat a chinntiú go mbeidh gach duine sábháilte trí oibiachtaí sobhriste a bhogadh áit éigin eile, nó is féidir leat duivé a leagan ar an urlár
Spás a chruthú
Uaireanta, b’fhéidir go mbeidh do leanbh ag iarraidh spraoi ina (h)aonar nó spás a bheith aige/aici dó féin. Chomh maith céanna, beidh spás ag teastáil uait féin uaireanta.
- aimsigh rudaí chun pluais nó puball a dhéanamh. B’fhéidir nach mbeadh le déanamh agat ach braillín leapa a chur os cionn boird agus an t-éadach a leagan síos an dá thaobh ionas go mbeidh do leanbh in ann a bheith ag spraoi faoi
- beidh leanaí in ann píosa spraoi a dhéanamh le bosca mór cairtchláir
- cruthaigh cúinne te teolaí nó ciorcal compordach le carn piliúr agus cúisíní
- athraigh an t-atmaisféar sa seomra tríd an bpríomhsholas a chasadh as agus a bheith ag spraoi sa dorchadas, nó díreach le solas na sráide. Déan iarracht scáileanna a dhéanamh le tóirsí nó le lampa beag
- labhair le do leanbh agus mínigh dó/di go dteastaíonn am ciúin agus am leat féin uait uaireanta, díreach mar a theastaíonn uaidh/uaithi féin. Fiú amháin mura féidir libh a bheith i seomraí difriúla, is féidir leat cabhrú le do leanbh a thuiscint gur cheart dó/di a bheith ag spraoi go ciúin uaireanta
Tá treoir agus smaointe maidir le bheith ag spraoi sa bhaile i rith phaindéim an choróinvíris le fáil ar leathanaigh eile i sraith IPA.
Áirítear ina measc:
- spraoi a dhéileálann le téamaí casta (bás, caillteanas, uaigneas agus mar sin de)
- déileáil le plean atá torannach agus míshlachtmhar
- smaointe maidir le bheith ag spraoi mórthimpeall do thí
Seo leagan Béarla den mhéid thuas:
Dianseasmhacht a Fhorbairt agus Leanaí a Choinneáil Machnamhach
- Níl leanaí riamh ró-óg chun tairbhe a bhaint as machnamhacht. Tá taighde déanta a thugann le fios gur féidir le machnamhacht cabhrú le leanaí aird a thabhairt ar rudaí, a bheith suaimhneach i ndiaidh dóibh a bheith trína chéile, agus cinntí níos fearr a dhéanamh. I mbeagán focal, cabhraíonn sé le mothúcháin a rialú agus le tuiscint chognaíoch.
- Caith tamall, mar chlann, i mbun machnaimh treoraithe nó díreach éist le ceol suaimhneasach agus téigh i dtaithí ar anáil dhomhain a tharraingt. Ba cheart go mbeadh an próiseas simplí. Is focal mór é machnamhacht agus níl sé éasca é a mhíniú do leanaí óga. I mbeagán focal, is ionann machnamhacht agus feasacht. Ár smaointe, mothúcháin, braistintí coirp, agus aon rud atá ag tarlú mórthimpeall orainn i láthair na huaire a thabhairt faoi deara. Is bealach éifeachtach é seo chun teaghlaigh a nascadh agus chun strus agus brú an tsaoil a ligean i ndearmad.
Seo roinnt acmhainní i mBéarla maidir leis an téama seo. Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ann:
10 tips for being mindful right now
Calm app for meditaton and sleep
childtrends.org resources for supporting childrens emotional well being
An Ceart chun Súgartha
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge den fhíseán seo a leanas ar fáil
Tá sé de cheart ag gach páiste a bheith ag súgradh mar atá daingnithe i Convention on the rights of the Child (UNCRC) (i mBéarla amháin, ár leithscéal). Is liosta atá sa Choinbhinsiún de na cearta go léir atá ag leanaí agus ag daoine óga gach áit ar domhan. Tugann Stát na hÉireann aitheantas don choinbhinsiún.
Dar le hAirteagal 31 den Choinbhinsiún:
"Tá sé de cheart ag gach leanbh scíth agus fóillíocht a bheith aige nó aici, a bheith páirteach in imeachtaí súgartha agus caitheamh aimsire atá oiriúnach dá aois agus a bheith rannpháirteach sa saol cultúrtha agus sna healaíona."
Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO):
“Má tá an leanbh chun saol folláin a bheith aige nó aici, caithfidh sé éirí suas agus a bheith ag súgradh.”
Na cineálacha súgartha
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge den íomhá seo a leanas ar fáil:

Is iomaí cineál súgartha ann agus bíonn dhá chineál súgartha nó go deimhin níos mó ná sin i gceist leis an súgradh uaireanta. Nuair a bhíonn páistí ag súgradh ní dhéanann siad cinneadh ar dtús cén cineál súgartha a bheidh ar siúl acu. Tosaíonn siad díreach ag súgradh.
Seo an cur síos a rinne Bob Hughes ar na cineálacha súgartha ina leabhar A Playworker’s Taxonomy of Play Types, Londain: PLAYLINK, UK.
Súgradh Cumarsáide
Ag súgradh le focail, miondifríochtaí nó geáitsí mar shampla, mím, jócanna, geáitsíocht, gabháil fhionn, díospóireacht, filíocht.
Baineann súgradh cumarsáide úsáid as an gcolainn ar fad – ó ghothaí gnúise, geáitsí láimhe, léiriú leis an gcolainn agus ó bhéal.
Súgradh Cruthaitheach
Súgradh lena gceadaítear freagra nua, faisnéis a aistriú, feasacht maidir le naisc nua, le gné den iontas.
Tá an cineál seo súgartha ar cheann de na cinn is mó a spreagann an tsúil trí ligean don pháiste teacht ar chodanna scaoilte, ar ábhair ealaíne agus ceardaíochta.
Súgradh Domhain
Súgradh ina ligtear don pháiste triail a bhaint as eispéiris a bhfuil baol ag baint leo nó a d’fhéadfadh a mbeatha a chur i mbaol fiú, d’fhonn scileanna chun teacht slán a fhorbairt agus an ceann is fearr a fháil ar eagla.
Sainítear an cineál seo súgartha trí iompar súgartha ar féidir é a aicmiú freisin mar baolach nó eachtrúil. Tá buntáistí tábhachtacha aige sin d’fhorbairt an pháiste.
Súgradh Drámata
Súgradh ina ndéantar drámú ar imeachtaí nach bhfuil an páiste rannpháirteach go díreach iontu.
B’fhéidir gur mhaith leis an bpáiste úsáid a bhaint freisin as smideadh agus feistis sa chineál seo súgartha.
Súgradh Taiscéalaíoch
Súgradh chun teacht ar fhaisnéis fíorasach ina gcuimsítear iompraíochtaí láimhsithe mar rudaí a láimhseáil, a chaitheamh, a bhualadh nó a chur sa bhéal.
Súgradh Fantaise
Súgradh ina n-athshocraítear an domhan ar bhealach an pháiste, bealach nach dóigh a tharlóidh, mar shampla a bheith i do shárlaoch nó i do shuí ar scamall.
Súgradh Samhlaíoch
Súgradh ina ndéantar neamhaird ar na rialacha traidisiúnta, a rialaíonn an domhan fisiceach, mar shampla ligean ort féin gurb ainmhí thú, nó cara a chumadh duit féin nó rud a dhéanamh díot féin i.e. crann.
Súgradh Máistreachta
Smacht ar chomhpháirteanna fisiceacha agus mothaitheacha timpeallachtaí, mar shampla chun damba a dhéanamh i sruthán, tine chnámh a dhéanamh agus poill a dhéanamh sa talamh nó sa ghaineamh.
Súgradh le Rudaí
Súgradh ina n-úsáidtear seichimh éigríochta agus spéisiúla d’ionramháil lámh-súl agus gluaiseachtaí i.e. mír a scrúdú agus ag féachaint ar cén chaoi agus cén fáth a n-oibríonn rud éigin.
Súgradh ag déanamh Aithrise
Súgradh ina ligtear don pháiste a sinsear, stair, deasghnátha, scéalta, rithimí, tine agus an dorchadas a fhiosrú. Cuireann sé ar chumas an pháiste fáil amach faoin súgradh a rinneadh ag céimeanna éabhlóide níos luaithe an duine.
Súgradh Féinghluaiseachta
Scipeáil, Léim, ag imirt Léimrás
Súgradh Siombalach
Is fleasc é an slat nó is laibhe leáite é an féar
Súgradh Sochdhrámaíochta
Aithris ar an saol i ndáiríre trí dhrámaí, cosúil le teach a imirt nó mamaí agus daidí.
Súgradh Sóisialta
Cluiche a imirt le chéile agus rialacha a shocrú don imirt sin
Rólimirt
Ag imirt i ról cosúil le bheith ag tiomáint traein nó cóisir tae a bheith agat
Súgradh Garbh
Cluichí fisiceacha a thástálann láidreacht agus lena léirítear taispeántas agus spleodar