English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cad é Tús Áite do Leanaí?



Réamhrá

I dTús Áite do Leanaí, cuirtear chun cinn an chosaint de leanaí ó mhí-úsáid agus ó fhaillí. Leagtar amach ann conas is féidir imní i dtaobh leanaí a thuairisciú do rannóga oibre sóisialta de chuid Tusla, chomh maith leis na nithe atá le déanamh ag eagraíochtaí chun leanaí a choinneáil sábháilte.

Tá dualgas cúraim ag an tsochaí i leith leanaí, agus ba chóir go mbeidh gach duine aireach go bhféadfaí go bhfuil mí-úsáid á déanamh ar leanaí a bhfuil teagmháil acu leo, nó go bhfuil faillí á déanamh iontu, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol. Má tá tú buartha faoi leanbh, ba chóir duit dul i dteagmháil le Tusla. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar dhaoine áirithe, gairmithe den chuid is mó, cúiseanna imní a chur in iúl do Tusla.

Ba chóir do gach eagraíocht atá ag obair le leanaí agus le daoine óga beartais agus nósanna imeachta faoi leith a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun timpeallacht shábháilte a chruthú. Beidh oibleagáidí dlíthiúla faoi leith ar fhormhór na n-eagraíochtaí, lena n-áirítear an ceanglas go mbeidh Ráiteas um Chosaint Leanaí i bhfeidhm acu.


Reachtaíocht agus Treoir um Thús Áite do Leanaí

Leis an Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 cuirtear roinnt oibleagáidí reachtúla ar dhaoine áirithe (mar shampla, ar mhúinteoirí, ar ghairmithe cúraim leanaí, ar altraí, nó ar fhisiteiripeoirí) agus ar eagraíochtaí faoi leith a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil acu do leanaí agus do dhaoine óga.

Tús Áite do Leanaí: Leagtar amach sa Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí an dea-chleachtas neamhreachtúil do gach duine a bhfuil teagmháil aige/aici le leanaí agus le daoine óga. Déantar cur síos ann freisin ar na hoibleagáidí dlíthiúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, agus cé leo a mbaineann siad.

Tá tuilleadh eolais faoin Reachtaíocht agus faoin Treoir um Thús Áite do Leanaí le fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den leathanach seo ar fáil, ach tá leagan Gaeilge de roinnt foirmeacha agus foilseachán de chuid Tusla ar fáil anseo).


Clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí

Forbraíodh an clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí chun tacú le daoine as gach sórt cúlra agus taithí shaoil imní maidir le mí-úsáid leanaí agus faillí a shainaithint agus a thuairisciú. Mínítear ann freisin an ról atá ag daoine faoi shainordú chomh maith le freagrachtaí na n-eagraíochtaí atá ag obair le leanaí agus le daoine óga.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Cad iad na cineálacha mí-úsáide atá ann agus conas is féidir liom iad a aithint?

Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil chomh slán agus is féidir. Is féidir linn é seo a dhéanamh trí fhoghlaim faoi na cineálacha mí-úsáide atá ann agus conas iad a aithint.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Imní a thuairisciú

Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil chomh slán agus is féidir. Má tá tú buartha go ndearnadh mí-úsáid ar leanbh nó ar dhuine óg nó go ndearnadh faillí iontu, nó má tá tú buartha go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg oibre shóisialta de chuid Tusla.

Tá tuilleadh eolais faoi conas tuairisc a dhéanamh do Tusla ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).

I gcás éigeandála, má dhealraíonn sé go bhfuil contúirt láithreach agus thromaí ann do leanbh nó do dhuine óg, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána.