English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Daoine a bhíonn ag obair ina n-aonar le leanaí agus le daoine óga



Réamhrá

Cuireann go leor cleachtóirí aonair seirbhísí luachmhara ar fáil do leanaí, pé acu ina n-aonar nó ag obair i gcomhar le heagraíocht eile.

Má tá imní ort go bhfuil mí-úsáid á déanamh ar leanaí nó go bhfuil faillí á déanamh iontu, ba chóir duit é sin a chur in iúl do Tusla. Cabhróidh an Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí leat comharthaí mí-úsáide nó faillí a aithint agus leagtar amach conas is féidir na cúiseanna imní atá agat a thuairisciú do Tusla.


Beartais agus nósanna imeachta um chosaint leanaí

Más duine fásta thú atá ag obair i d’aonar ag cur seirbhíse ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, ba chóir duit a chinntiú go gcloíonn do nósanna imeachta leis an dea-chleachtas atá leagtha amach sa Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí.

Tá tuilleadh eolais faoi bheartais agus nósanna imeachta maidir le dea-chleachtas um chosaint leanaí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Daoine faoi Shainordú

Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, tá oibleagáidí breise ag daoine áirithe a bhíonn ag obair le leanaí. Tugtar Daoine faoi Shainordú orthu siúd. Is ortsa atá an fhreagracht chun a dheimhniú an duine faoi shainordú thú sa ról atá agat faoi láthair.

Tá tuilleadh eolais faoi Dhaoine faoi Shainordú ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Imní a thuairisciú

Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil chomh slán agus is féidir. Má tá tú buartha go ndearnadh mí-úsáid ar leanbh nó ar dhuine óg nó go ndearnadh faillí iontu, nó má tá tú buartha go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg oibre shóisialta de chuid Tusla.

Tá tuilleadh eolais faoi conas tuairisc a dhéanamh le Tusla ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).

I gcás éigeandála, má dhealraíonn sé go bhfuil contúirt láithreach agus thromaí ann do leanbh nó do dhuine óg, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána.


Clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí

Forbraíodh an clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí chun tacú le daoine as gach sórt cúlra agus taithí shaoil imní maidir le mí-úsáid leanaí agus faillí a shainaithint agus a thuairisciú. Mínítear ann freisin an ról atá ag daoine faoi shainordú chomh maith le freagrachtaí na n-eagraíochtaí atá ag obair le leanaí agus le daoine óga.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).