Eagraíochtaí a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Oibleagáidí Reachtúla agus Dea-Chleachtas um Chosaint Leanaí
- Ráitis um Chosaint Leanaí
- Daoine faoi Shainordú
- Imní a thuairisciú
- Clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí
Réamhrá
Ba chóir do gach eagraíocht a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga cultúr sábháilteachta a chruthú ina gcuirtear chun cinn leas na leanaí agus na ndaoine óga atá ag baint úsáide as a seirbhísí.
Faoi Thús Áite do Leanaí, tá roinnt freagrachtaí ar na heagraíochtaí seo agus ar na baill foirne/na n-oibrithe deonacha.
Sa mhír seo tá eolas faoi cad is féidir le heagraíocht a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga a dhéanamh chun leanaí agus daoine óga a choinneáil slán ó dhochar, chomh maith leis na hoibleagáidí reachtúla atá ar fhormhór na n-eagraíochtaí seo.
Oibleagáidí Reachtúla agus Dea-Chleachtas um Chosaint Leanaí
San Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 cuirtear oibleagáidí faoi leith ar eagraíochtaí áirithe a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear
an ceanglas de Ráiteas um Chosaint Leanaí a bheith i bhfeidhm acu.
Ba chóir do gach eagraíocht atá ag obair le leanaí agus le daoine óga beartais agus nósanna imeachta sonracha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun timpeallacht shábháilte a chruthú.
Tá tuilleadh eolais maidir le d’oibleagáidí reachtúla agus leis an dea-chleachtas um chosaint ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
Ráitis um Chosaint Leanaí
Ní mór d’eagraíochtaí atá rangaithe mar sholáthraithe de sheirbhísí ábhartha faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 measúnú riosca a dhéanamh agus Ráiteas um Chosaint Leanaí a bheith i bhfeidhm acu.
Is ráiteas scríofa é an Ráiteas um Chosaint Leanaí, ina leagtar amach an tseirbhís a chuirtear ar fáil agus na prionsabail agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go mbeidh leanbh nó duine óg atá ag úsáid na seirbhíse slán ó dhochar.
Tá tuilleadh eolais maidir le Ráitis um Chosaint Leanaí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
Daoine faoi Shainordú
Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, tá oibleagáidí dlíthiúla breise ag daoine áirithe a bhíonn ag obair le leanaí. Tugtar Daoine faoi Shainordú orthu. Is ortsa atá an fhreagracht chun a dheimhniú an duine faoi shainordú thú sa ról atá agat faoi láthair.
Tá tuilleadh eolais faoi Dhaoine faoi Shainordú ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
Imní a thuairisciú
Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil chomh slán agus is féidir.
Má tá tú buartha go ndearnadh mí-úsáid ar leanbh nó ar dhuine óg nó go ndearnadh faillí iontu, nó má tá tú buartha go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg oibre shóisialta de chuid Tusla.
Tá tuilleadh eolais faoi conas tuairisc a dhéanamh le Tusla ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).
I gcás éigeandála, má dhealraíonn sé go bhfuil contúirt láithreach agus thromaí ann do leanbh nó do dhuine óg, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána.
Clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí
Forbraíodh an clár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí chun tacú le daoine as gach sórt cúlra agus taithí shaoil imní maidir le mí-úsáid leanaí agus faillí a shainaithint agus a thuairisciú. Mínítear ann freisin an ról atá ag daoine faoi shainordú chomh maith le freagrachtaí na n-eagraíochtaí atá ag obair le leanaí agus le daoine óga.
Tá tuilleadh eolais faoin gclár ríomhfhoghlama Buntreoir do Thús Áite do Leanaí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).