Eolas faoi Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF)
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Márta 2025
- Eolas faoi Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF)
- 2025/2026 Scéim Phíolótach de Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF) a Leathnú
- Iarratais ar NSLF don Bhliain Acadúil 2025/2026
- Cáilitheacht
- An Maoiniú
- Critéir Roghnúcháin
- Próiseas Iarratais agus Amlínte
- Ceisteanna faoin bPróiseas Iarratais
- Tuilleadh nuashonruithe maidir leis an NSLF
- Institiúidí agus Cúrsaí Faofa NSLF don bhliain acadúil 2025/2026
- Coinníollacha maidir le NSLF
- Rialacha do NSLF
Eolas faoi Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF)
I mí na Nollag 2023, i gcomhréir le gealltanais maidir le Scileanna a Chothú: Seoladh An Plean Fórsa Saothair d’Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus don Chúram Leanaí d’Aois Scoile 2022-2028, ar scéim phíolótach é maidir le Ciste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF). Is é is aidhm den scéim phíolótach NSLF cabhair a thabhairt d’oideoirí luathbhlianta dul le cáilíochtaí i leith Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC) ar leibhéal 7 agus leibhéal 8 arna fhormheas ag An mBord Comhairleach um Cháilíochtaí (QAB) agus iad ag leanúint den obair san earnáil ag an am céanna.
Ag croílár na scéime maidir le Scileanna a Chothú atá fís de "Lucht saothair gairmiúil dea-cháilithe, oilte, éagsúil agus luachmhar atá dírithe ar chearta, riachtanais agus acmhainneacht leanaí agus a sholáthraíonn eispéiris ardchaighdeáin do leanaí i gcomhpháirtíocht le teaghlaigh, agus a leanann dá fhorbairt ghairmiúil a chur chun cinn laistigh de chóras comhleanúnach agus inniúil." Beidh ról tábhachtach ag an scéim phíolótach NSLF chun an fhís sin a fhíorú.
Baineann an scéim leis na hOideoirí Luathbhlianta sin atá ag tabhairt isteach den chéad uair i gcáilíocht ELC leibhéal 7 nó 8 atá faofa ag NSLF; mar sin de níl cead ag iarratasóir Cúrsa Faofa ar leibhéal 7 nó leibhéal 8 a bheith acu cheana féin nó a bheith ag tabhairt fúthu ag am an iarratais agus an chistithe.
Déanann an NSLF ranníocaíocht suas le 90% do tháillí cúrsa ar son mic léinn rannpháirteacha. Íocfar maoiniú ar fiú luach 80% de chostas iomlán tháillí an chúrsa (tar éis tacaíochtaí rialtais eile amhail Táillí Saor in Aisce, SUSI etc. a chur as an áireamh) suas le huasmhéid €3,200 in aghaidh na bliana acadúla. Íocfar an maoiniú seo go díreach leis an institiúid oideachais ar son iarratasóirí a n-éireoidh leo. Aisíocfar an 10% atá fágtha (den ranníocaíocht iomlán de 90%) leis na hiarratasóirí tar éis an cúrsa a chur i gcrích, chomh fada is go bhfuil na hiarratasóirí rathúla fós ag obair san earnáil 6 mhí tar éis an cúrsa a chur i gcrích.
Is scéim phíolótach í seo faoi láthair agus tá sí teoranta don mhaoiniú atá ar fáil. Mar sin, i gcás inar mó an t-éileamh ná an maoiniú atá ar fáil, bunófar roghnú na n-iarratasóirí rathúla ar chritéir thosaíochta.
Don bhliain acadúil 2024/2025 bhí níos mó ná 600 iarratasóir curtha i gcrích agus fíoraithe gur chomhlíon siad na critéir don scéim phíolótach NSLF. D’éirigh le 350 iarratasóir agus fuair siad maoiniú NSLF don bhliain acadúil 2024/2025.
2025/2026 Scéim Phíolótach de Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF) a Leathnú
Tá an scéim phíolótach á leathnú ionas go mbeidh glacadh isteach eile suas le 350 Oideoir atá ag iarraidh uasoiliúna chuig Cáilíochtaí ELC Leibhéal 7 agus Leibhéal 8 sa bhliain acadúil 2025/2026.
Glacfar le hiarratais don Scéim Phíolótach an 12 Márta 2025, trí ‘Pobal’, ó oideoirí na luath-óige a chomhlíonann na critéir cháilitheachta, d’fhonn go bhfaighidh oideoirí a roghnaítear don scéim phíolótach tacaíocht airgeadais i leith staidéir a thosóidh san Fhómhar 2025.
Tá an NSLF cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach trí Chlár um Fhostaíocht, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúint (EIST) 2021-27 de chuid CSE+. Cuimsítear an NSLF faoin tsraith do Scileanna agus d’Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil agus é mar aidhm aige foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, go háirithe deiseanna solúbtha uasoiliúna agus athoiliúna do chách.
Iarratais ar NSLF don Bhliain Acadúil 2025/2026
Beidh an scéim phíolótach NSLF ar oscailt d’Oideoirí Luath-Óige an 12 Márta, 2025 ar iontrálaithe nua iad ar chúrsaí sa bhliain acadúil 2025/2026 (Fómhar 2025)
Cáilitheacht
Ní mór dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh na critéir cháilitheachta seo a leanas a chomhlíonadh le haghaidh an NSLF,
• A bheith ag obair le leanaí in seirbhís um Fhoghlaim agus do Chúram na Luath-Óige (ELC) atá cláraithe le Tusla nó i seirbhís do Chúram Leanaí in Aois Scoile (SAC),
• ní mór don seirbhís a bhfuil an t-iarratasóir ag obair inti conradh Croímhaoinithe sínithe reatha leis an DCEDIY a bheith acu.
• Ní mór d’iarratasóirí a bheith ag obair laistigh de sheirbhís ELC nó SAC ar feadh na sé mhí roimh a n-iarratas.
• Gur iontrálaí nua iad ar Chúrsa Faofa don bhliain acadúil ag tosú 2025/2026 (Fómhar 2025)
• Gan a bheith ina (h)oideachasóir ELC nó ina c(h)leachtóir SAC atá ag tabhairt faoi Chúrsa Faofa nó faoi chéim choibhéiseach faoi láthair; agus
• Gan a bheith ina (h)oideachasóir ELC nó ina c(h)leachtóir SAC a bhfuil Cúrsa Ceadaithe nó céim choibhéiseach críochnaithe acu cheana féin.
Ar mhaithe le soiléireacht, níl cead ag iarratasóir Cúrsa Faofa ag leibhéal 7 nó leibhéal 8 a bheith acu nó a bheith ag tabhairt faoi ag am an iarratais
Ní mór d’iarratasóirí iarratas/tairiscint reatha a bheith acu maidir le hiontráil 2025/2026 ar chúrsa céime ar leibhéal 7/8 atá faofa ag an mBord Comhairleach um Cháilíochtaí (QAB) agus atá incháilithe le haghaidh NSLF. In 2024 níl an scéim phíolótach ar oscailt ach amháin dóibh siúd atá ag dul isteach den chéad uair ar chlár céime ELC faofa. Tá liosta na gcúrsaí incháilithe don bhliain acadúil 2025/2026 le fáil ar an suíomh gréasáin seo Liosta cursaí atá faofa ag an QAB i gcomhair an Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF) don bhliain acadúil 2025/2026:
An Maoiniú
Dearadh an leagan píolótach den NSLF chun cur le tacaíochtaí airgeadais eile de chuid an Rialtais, amhail an Tionscnamh um Tháillí Saor in Aisce agus na deontais SUSI agus déanfar ranníocaíocht ón scéim ar luach 90% de na táillí cúrsa le linn thréimhse na céime.
Íocfar an maoiniú ar fiú luach 80% de chostas iomlán tháillí an chúrsa (tar éis tacaíochtaí rialtais eile amhail Táillí Saor in Aisce, SUSI etc. a chur as an áireamh) suas le huasmhéid €3,200 in aghaidh na bliana acadúla. Íocfar an maoiniú seo go díreach leis an institiúid oideachais ar son iarratasóirí rathúla. Aisíocfar an 10% atá fágtha (den ranníocaíocht iomlán de 90%) leis na hiarratasóirí tar éis an cúrsa a chur i gcrích, chomh fada is go bhfuil na hiarratasóirí rathúla fós ag obair san earnáil 6 mhí tar éis an cúrsa a chur i gcrích. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé de fhreagracht ar iarratasóirí rathúla an chuid eile dá dtáillí cúrsa a íoc chomh maith leis na tobhaigh scoláire nuair a iarrann an soláthraí cúrsa amhlaidh.
Critéir Roghnúcháin
Ós rud é go reáchtálfar an NSLF ar bhonn píolótach in 2025, beidh srian ar an maoiniú; mar sin de, sa chéim phíolótach seo ní bheidh ach mic léinn nua don bhliain 2025/2026 incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Chomh maith leis sin, sa chás go bhfuil an ráchairt ar mhaoiniú níos suntasaí ná an méid maoinithe atá ar fáil, beidh roghnú na n-iarratasóirí a n-éireoidh leo bunaithe ar na critéir seo a leanas san ord tosaíochta seo:
1. líon na gcéimithe i seirbhís an iarratasóra, agus tús áite ag iarratasóirí ó sheirbhísí gan aon chéimí,
2. innéacs tosaíochta, lena dtugtar tosaíocht d’iarratasóirí ó sheirbhísí atá ag tacú leis na leanaí faoin míbhuntáiste is suntasaí
3. ról an iarratasóra sa tseirbhís, agus tús áite dóibh siúd i ról mar phríomhoide nó mar bhainisteoir.
Má tá an próiseas tosaíochta thuas curtha i bhfeidhm agus mura bhfuil toradh cinntitheach air, cuirfear roghnúchán randamach i bhfeidhm.
Próiseas Iarratais agus Amlínte
Osclófar Ciste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú d’iarratasóirí an 12 Márta 2025, chun cuntas a chruthú agus sonraí fostaíochta a uaslódáil.
Ón 12 Márta 2025, ba cheart d’iarratasóirí ríomhphost a sheoladh chuig Pobal, ag NSLF@pobal.ie, chun nasc chuig Tairseach na Mac Léinn do Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú a iarraidh. Caithfidh iarratasóirí roinnt tascanna réamhriachtanacha a chomhlíonadh sula gcuireann siad an próiseas iarratais i gcrích.
Ceisteanna faoin bPróiseas Iarratais
Tá an NSLF á riar ag Pobal thar ceann na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Ní mór aghaidh a thabhairt ar gach ceist a bhaineann leis an scéim i bhfoirm ríomhphoist chuig NSLF@pobal.ie
Tuilleadh nuashonruithe maidir leis an NSLF
Beidh tuilleadh nuashonruithe agus faisnéise maidir leis an gCiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú agus leis an bpróiseas iarratais ar fáil, in am trátha, ar shuíomh gréasáin Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú ag Item was unpublished or removed
Institiúidí agus Cúrsaí Faofa NSLF don bhliain acadúil 2025/2026
Tá liosta na gcúrsaí incháilithe do Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú don bhliain acadúil 2025/2026 le fáil anseo: Liosta cursaí atá faofa ag an QAB i gcomhair an Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (NSLF) don bhliain acadúil 2025/2026:
Beidh liosta na gcúrsaí incháilithe do Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú don bhliain acadúil 2025/2026 ar fáil anseo i mí Feabhra 2025 nuair a chomhaontófar iad.
Coinníollacha maidir le NSLF
Is féidir coinníollacha do Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú do 2025 a aimsiú anseo: Coinníollacha maidir le hairgead de Chiste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú a fháil (2025/2026)
Rialacha do NSLF
Tá rialacha maidir le Ciste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú do 2025 le fáil Rialacha Maidir le Ciste d’Fhoghlaimeoirí Scileanna a Chothú (2025/2026)