Eolas faoin bhFeachtas
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2021
Réamhrá
Is imeacht náisiúnta é feachtas Amach Os Ard a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ agus a thugann léargas ar a sofheictheacht, a luach agus a gcuimsiú.
Táimid ag iarraidh ar dhaoine óga LGBTI+, nó daoine atá ag obair leo, scéalta a chur ar fáil ar líne ionas gur féidir linn iad a thaispeáint ar an suíomh gréasáin seo, ar na meáin shóisialta, agus ag an imeacht ceiliúrtha a reáchtálfar in Eanáir 2021. Is é an aidhm atá leis an bhfeachtas ar fad aird a tharraingt ar bhealaí a bhfuil daoine óga LGBTI+ páirteach ar bhealach dearfach ina bpobail.
Táimid ag fáiltiú roimh aighneachtaí don fheachtas ó scoileanna, coláistí, clubanna spóirt, eagraíochtaí ealaíne agus cultúir agus earnálacha óige a bheith páirteach agus ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga LGBTI+ agus a lucht tacaíochta.
Tá tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh le fáil anseo.
Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+
Tá sé mar aidhm le Sprioc 1 de Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+ 2018-2020 Timpeallacht Shábháilte, Thacúil agus Ionchuimsitheach a chruthú do Dhaoine Óga LGBTI+.
Tá sé mar aidhm le Cuspóir 5 faoin Sprioc seo ‘timpeallacht níos tacúla agus níos ionchuimsithí a sholáthar a spreagann ionadaíocht agus rannpháirtíocht dhearfach LGBTI+ i gcultúr, sa tsochaí agus i spórt, agus a laghdaíonn stiogma LGBTI+’. Tá sé mar aidhm leis an ngníomh gaolmhar (5(e)) imeacht náisiúnta débhliantúil a fhorbairt chun ceiliúradh poiblí a dhéanamh ar dhaoine óga agus ceannairí óga LGBTI+.
Chomh maith leis sin, táimid ag iarraidh dlúthpháirtíocht a léiriú le grúpaí óige idirnáisiúnta LGBTI+ agus fáiltímid roimh aighneachtaí ó rannpháirtíocht na hÉireann le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí Eorpacha eile LGBTI+.
Tá tuilleadh eolais faoi pháirt a ghlacadh san fheachtas Amach Os Ard le fáil anseo.