Féiniúlacht agus Muintearas
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2023
Baineann féiniúlacht agus muintearas le leanaí ag forbairt tuiscint dhearfach ar cé hiad féin, agus ag tuiscint go bhfuil siad tábhachtach, agus go bhfuil meas orthu mar chuid de theaghlach agus de phobal
Gníomhaíochtaí
Mise agus mo Theaghlach

Cé muid féin agus cárbh as muid? Baineann an ghníomhaíocht seo leis an teaghlach agus cárbh as atá sé in Éirinn nó áiteanna eile. Ag féachaint ar léarscáileanna agus ag feiceáil cárbh as mamaí agus daidí agus na seantuismitheoirí. Cad iad scéalta an teaghlaigh? Cad iad na poist a bhí ag daoine san am atá thart?
Mo Chrann Ginealaigh

Baineann an ghníomhaíocht seo le féachaint ar phictiúir agus leanúint ar ais trí ghrianghraif chun nasc an linbh lena theaghlach a fheiceáil. Tarraing nó péinteáil crann mór agus cuir leis an oiread ball teaghlaigh agus is féidir leat.
Scéal mo Bheatha

Baineann an ghníomhaíocht seo leis an leanbh agus conas a tháinig siad sa teaghlach. Cad a tharla an lá a rugadh iad agus cár rugadh iad? Féach ar a gcéad ghrianghraf agus inis a scéal. Tá sé seo an-chumhachtach go háirithe do leanaí altrama agus uchtaithe.
Ag Mapáil mo Phobal

Tóg píosa mór páipéir agus tarraing do theach ag an lár. Ansin is féidir leis an leanbh an scoil, na siopaí, oifig an phoist, páirceanna spóirt nó sainchomharthaí eile, agus na bóithre dóibh a chur isteach. Cuir isteach tithe cairde nó tithe daoine sa teaghlach níos leithne. Tógann an ghníomhaíocht seo tuiscint an leanbh ar a áit sa phobal níos leithne.
Físeáin
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge de na físeáin seo a leanas ar fáil.
Baby Hippo
See wallaby joeys in their mother’s pouch
Elephant brothers playing
Mud skippers – the fish that walk on land
Acmhainní
Dhearamar sraith bileog leideanna faoin teideal Spraoi sa Bhaile chun leanaí agus a dteaghlaigh a thacú agus a spreagadh chun súgradh agus foghlaim le chéile.
Baineann na gníomhaíochtaí le forbairt féiniúlachta agus muintearais. Tá siad dírithe ar naisc le mo theaghlach, mo chairde agus mo phobal.