Folláine
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2023
Baineann an téama seo le leanaí a bheith muiníneach, sásta agus sláintiúil.
Gníomhaíochtaí
Ní na lámh

Bíodh sé de nós ag gach duine sa teaghlach a lámha a ní nuair a thagann siad abhaile nó isteach ón ngairdín/cúlchlós. Déan é a roinnt ina chéimeanna agus lig ort nach cuimhin leat na chéad chéimeanna eile.
Cosmhaisiú

Ceann deas é seo ar lá fuar nó fliuch. Líon babhla le huisce te agus glóthach chithfholctha. Cuir tuáille ar an urlár agus cuir do chosa agus cosa do leanbh sa bhabhla. Ligigí bhur scíth. Bígí ag caint faoi bhur scíth a ligean. Triomaígí bhur gcosa agus cuimlígí cosa a chéile le giota beag uachtar nó ola.
Scuabadh fiacla spraíúil

Tarraing meangadh mór fiaclach ar pháipéar. Cuir roinnt taos fiacla ar scuab fiacla agus scuab na fiacla go léir. Labhair faoi conas gach cuid de gach fiacail a bhaint amach. Seinn ceann de na hamhráin is fearr libh sa seomra folctha chomh fada agus a bhíonn sibh ag scuabadh. Scuab do chuid fiacla ag an am céanna agus a bhíonn an leanbh ag scuabadh agus labhair faoin gcaoi ar breá leat mothú na bhfiacla glana.
Ag imeacht as an teach

Ba chóir do leanaí cuid ama a chaitheamh lasmuigh gach lá más féidir, ag tabhairt faoi deara an gá le scaradh fisiciúil más ag dul ag siúl atá sibh. Bain úsáid as an ngairdín má tá ceann agaibh. Baineann gach aoisghrúpa taitneamh as a bheith ag tochailt, ag plandáil agus ag baint lustain.
Mothúcháin

Agus do pháiste in éineacht leat, tarraing aghaidheanna difriúla le mothúcháin éagsúla ar phlátaí páipéir m.sh. aghaidh le meangadh mór gáire uirthi ar son áthas. Labhair faoin gcuma atá ar gach ceann agus cén mothúcháin atá aici. Bain úsáid astu nuair atá duine ag iarraidh labhairt faoina mothúcháin. Abair rud éigin mar ‘Meas tú cén mothúchán atá agat anois’?
Má tá mothúcháin an-mhór ag leanbh óg, cosúil le fearg nó brón ar feadh tamaill fhada b’fhéidir go mbeadh sé úsáideach méadar mothúchán a tharraingt ar bhalla nó ar phíosa páipéir. Is féidir scála ó 0 go 10 a chur air. Déan an mothúchán a admháil trí mharcáil méid an mhothúcháin agus trí phlé faoin áit ina gcorp a bhfuil siad ag mothú an mhothúcháin. Pléigh an bhfuil cabhair ag teastáil uathu chun an mothúchán a ísliú ar an scála agus conas a dhéanfaí sin. B’fhéidir go mbeidh na moltaí seo ina measc - barróg, roinnt ama chiúin, scéal nó siúlóid lasmuigh (le scaradh fisiciúil faoi láthair).
Uaireanta bíonn sé deacair mothúcháin a phlé. Is féidir go gcabhróidh bábóg, teidí nó puipéad leat. Is féidir leat a fháil amach conas atá an bhábóg ag mothú. Ansin is féidir leat a fháil amach cad a dhéanfaí go mbraitheann an bhábóg níos fearr.
Cuir spás ciúin ar bun inar féidir le leanaí dul chun a scíth a ligean agus a bheith leo féin. B’fhéidir puball súgartha nó taobh thiar den tolg. Is féidir blaincéad a chur thar dhá chathaoir chun dún a dhéanamh.
Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge de na físeáin seo a leanas ar fáil.
Físeáin
Water
Dance & Movement
Breakfast with the Galapagos tortoises
Belle – the baby bonobo
Emperor tamarins and pygmy marmosets
Baby two-toed sloth
Acmhainní
Dhearamar sraith bileog leideanna faoin teideal Spraoi sa Bhaile chun leanaí agus a dteaghlaigh a thacú agus a spreagadh chun súgradh agus foghlaim le chéile.
Gheofar smaointe gach lá maidir le súgradh agus gníomhaíochtaí ar an nasc seo do “NCN Play Hub” “NCN Play Hub”ar Facebook ón nGréasáin Náisiúnta Óige. Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil.