Freagairt agus Tacaíochtaí maidir leis an Úcráin
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2023
Táimid go léir tar éis thionchar uafásach an chogaidh san Úcráin a fheiceáil. Feicimid freisin an ghéarchéim dhaonnúil atá ag titim amach, agus an líon daoine ag méadú nach bhfuil aon rogha acu ach teitheadh óna dtithe.
In Éirinn tá eagraíochtaí áitiúla agus an rialtas náisiúnta araon ag déanamh socruithe chun fáilte mhór a chur roimh na hÚcránaigh atá ag teitheadh na coimhlinte. Sna ceantair áitiúla, tá na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí ag cabhrú le teaghlaigh agus le leanaí ón Úcráin chun teacht ar sheirbhísí um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí ar Aois Scoile, agus chun páirt a ghlacadh ann. Mar is eol dúinn tá go leor seirbhísí luathfhoghlama agus cúram leanaí tar éis fáilte a chur roimh leanaí agus teaghlaigh ina suíomhanna, agus déanfaidh a lán eile an rud céanna sa tréimhse amach romhainn. Is éagsúil é gach suíomh luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus beidh ar gach aon soláthraí seirbhíse a bhreithiúnas gairmiúil a úsáid maidir le conas is fearr fáilte a chur roimh na leanaí agus na teaghlaigh ón Úcráin, conas iad a thacú, agus ag an am céanna cleachtas ar ardchaighdeán a chinntiú chun tacú le folláine, foghlaim agus forbairt na leanaí.
Is tosaíocht é go bhfanann na leanaí, a dteaghlaigh agus foireann na hearnála folláin, slán agus sábháilte. Cuirtear treoir ar fáil do sholáthraithe seirbhíse sa leathanach gréasáin seo maidir leis na tacaíochtaí agus na hacmhainní atá ar fáil do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí.
Cuirfear leis na hacmhainní seo sna seachtainí amach romhainn, agus mar sin tar ar ais chun an t-eolas is déanaí a fháil.
Acmhainní don Fhoireann
Sa chuid seo tá acmhainní agus tacaíochtaí chun cabhrú le soláthraithe, le hoideoirí agus le cleachtóirí a bhfolláine féin a chothú. Ár leithscéal go bhfuil na hacmhainní ar fáil i mBéarla amháin:
https://www.barnardos.ie/media/14836/going-home-checklist.pdf - link not working
https://www.barnardos.ie/media/14837/team-wellbeing-in-elc.pdf - link not working
Acmhainní do Chleachtas
Sa chuid seo tá acmhainní agus tacaíochtaí chun cabhrú le hoideoirí agus le cleachtóirí folláine foghlaim agus forbairt na leanaí a chothú:
Leanaí ón Úcráin a thacú - Ag Aistriú go Suíomhanna Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige: Gaeilge Béarla
Leanaí ón Úcráin a thacú – Timpeallacht an tsuímh um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige: Gaeilge Béarla
Leanaí ón Úcráin a thacú – An Chumhacht Cneasaithe A Bheith Amuigh: Gaeilge Béarla
Labhairt le leanaí faoi chogadh (an cheann seo i mBéarla amháin, ár leithscéal)
Leanaí ón Úcráin a thacú - Ag Aistriú go Suíomhanna um Chúram Leanaí ar Aois Scoile: Gaeilge Béarla
Leanaí ón Úcráin a thacú - Athléimneacht agus Téarnamh a Chur Chun Cinn i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige: Gaeilge Béarla